Nóta tábhachtach: Cuimhnigh más é do thoil é go mbíonn ár mbabhtaí cistiúcháin an-iomaíoch de bharr méid mór na n-iarratas agus na mbuiséad réamhshocraithe. Ciallaíonn sé seo nach mór dúinn i bhfad níos mó togra a dhiúltú ná mar is féidir linn tacú leo. Mar sin de, tá sé an-tábhachtach dul i bhfeidhm orainn go láidir i d’iarratas.
Maidir Leis an Maoiniúchán
Ligeann Iasachtaí d'Fhorbairt Thionscadail do léiritheoirí scripteanna scannán a choimisiúnú, agus chun tabhairt faoin obair phraicticiúil ar fad a bhaineann le príomhscannán a ullmhú le dul i mbun léiriúcháin.
'S í an uasmhéid atá ar fáil ag aon am amháin ná €75,000; is í an uasmhéid iomlán gur féidir le Fís Éireann a chur ar fáil d'aon tionscadal ná €125,000.
Toisc go bhfuil brú ar acmhainní Fís Éireann, ba chóir d'iarratasóirí tabhairt san áireamh gur dócha anois go mbeidh an tairiscint mhaoiniúcháin i bhfad níos lú ná an uasmhéid.
Cuireann Fís Éireann maoiniú forbartha ar fáil do scannáin as Béarla nó as Gaeilge don chuid is mó, nó meascán den dá theanga.
Ní dheimhníonn maoiniú forbartha maoiniú Léirithe ag céim níos déanaí.
Cinntigh le do thoil go mbeidh Prionsabail agus Critéir Fís Éireann léite agat sula gcuirfear iarratas isteach ar lorg maoinithe.
NUA: Tacaíocht fhorbartha ‘Bosca glasáilte’
Maidir le Cistiú Forbartha Scannán Lánfhada na hÉireann tá córas tacaíochta nua i bhfeidhm, mar atá ‘cistiú bosca glasáilte’.
Tá iasachtaí cistiú forbartha Fís Éireann inaisíoctha ar chéad lá príomhghrianghrafadóireachta. Anois, le haghaidh forbairt scannán lánfhada na hÉireann, coinneoidh Fís Éireann an aisíoc seo don chuideachta léirithe ábhartha sin le hathinfheistiú i bhforbairt tograí scannán lánfhada nua de chuid na hÉireann. Tá an athinfheistíocht seo faoi réir critéar cáilitheachta togra – sé sin, tograí a cháileodh de ghnáth faoi choinne Chistithe Fhorbartha Scannán Lánfhada na hÉireann – agus a mbeadh uasmhéid leithdháilte €75,000 in aghaidh an togra leo.
Is í aidhm na tacaíochta feabhsaithe seo ná rathúlacht a dhreasú, ag deimhniú gur féidir tacaíocht a athinfheistiú i scríbhneoirí atá as Éirinn agus i dtírdhreach na scríbhneoireachta scáileáin in Éirinn. Bainfidh córas an bhosca ghlasáilte le haon togra scannáin lánfhada Éireannach a bhfuil tacaíocht fhorbartha ó Fís Éireann aige ach nach bhfuil conradh léirithe déanta aige fós. Please see below for some detailed question and answers on this system. Féach thíos le roinnt ceisteanna agus freagraí mionsonraithe a fheiceáil ar an chóras seo, más é do thoil é.
Riachtanais Iarratais
- Líne Mhínithe
- Achoimre ghearr (tuairim is 1 leathanach) le Gearrchuntas Mionsonraithe (Íosmhéid 10 leathanach gan íomhánna san áireamh)
NÓ
- Achoimre níos faide ag tabhairt achoimre ar an scéal iomlán le Sampla Scripte (20-30 leathanach amháin)
- Cur síos gairid ar na carachtair agus forbairtí na gcarachtar san áireamh
- Nótaí Scríbhneora/Stiúrthóra/Léiritheora
- Buiséad Forbartha (ní mór teimpléad bhuiséad Fís Éireann a úsáid)
- Fianaise Úinéireachta na gCearta
Cé atá i dTeideal Iarratas a Dhéanamh
Tá Iasachtaí d'Fhorbairt Thionscadail ar fáil do léiritheoirí a bhfuil príomhscannán nó tionscadal dráma teilifíse acu gur mian leo á fhorbairt, rochtain shoiléir acu ar na cearta atá riachtanach chun ábhar a chur in oiriúint don scáileán, agus aontú (i bprionsabal ar a laghad) leis an scríbhneoir scripte gur mian leo á choimisiúnú. Is féidir go gcabhróidh tiomantas stiúrthóra leis an iarratas ach ní sé riachtanach ag an tús.
Conas Iarratas a Dhéanamh
Is féidir iarratas a dhéanamh ar líne anois. Téigh go dtí Déan Iarratas Ar Líne Fís Éireann.
Spriocdhátaí Cistithe 2026
- Dé hAoine 26 Eanáir ar 1in
- Dé Luain 30 Dé Luain ar 1in
- Dé Luain 25 Bealtaine ar 1in
- Dé Luain 7 Meán Fómhair ar 1in
Más mian leat iarratas ar mhaoiniú a dhéanamh tríd an phost, cur glaoch ar 091 561 398 chun an fhoirm iarratais chuí a fháil.
Bosca Glasáilte – Ceisteanna Coitianta
C. Cé mhéad den mhaoiniú seo nach mór a bheith cómhaoinithe ó fhoinsí seachtracha?
F. Níl aon ghá le cómhaoiniú suas le huasmhéid iasachta sparánachta €75,000 do thogra amháin. Tar éis seo, beidh cómhaoiniú ag teastáil do thairiscintí maoinithe a bheidh thar €75,000. Is í €125,000 an t-uasmhéid maoinithe atá ar fáil d’aon togra amháin.
C. Tá mo thogra ag fáil Cistithe Fhorbartha Scannán Lánfhada na hÉireann faoi láthair. An féidir mo thairiscint iasachta forbartha reatha a athbhreithniú chun na méaduithe seo a chur san áireamh?
F. Ní féidir, ní bhainfidh na méaduithe seo ach le hiarratais nua na céad chéime amháin a rinneadh ó bhabhta Iúil 2024 amach. Fanfaidh tairiscintí cistithe forbartha reatha mar an gcéanna, mar a leagadh amach i do litir thairiscinte mhaoinithe agus i do chonradh cistithe forbartha.
C. Tá mo thogra ag fáil cistithe faoi Forbairt Scannán Lánfhada na hÉireann faoi láthair agus níl sé á léiriú fós. An féidir leis tairbhe a bhaint as tacaíocht fhorbartha an ‘bosca glasáilte’?
F. Is féidir, is féidir tograí reatha tairbhe a bhaint as tacaíocht nua an ‘bosca glasáilte’, a fhad is nach bhfuil conradh léirithe déanta don togra agus nár tugadh faoin phríomhghrianghrafadóireacht fós. Ar dhúnadh conarthaí do phríomhghrianghrafadóireacht an togra, ba chóir an iasacht fhorbartha a aisíoc mar is gnách agus cuirfear an méid aisíoctha seo i leataobh don ‘bosca glasáilte’, suas le huasdháileadh €75,000.
C. Tá mo thogra ag fáil Cistiú faoi láthair i dtaobh le Forbairt Dhrámaíochta Theilifíse / Forbairt Chlár Faisnéise / Forbairt Bheochana Theilifíse / Forbairt Scripte Scannáin (Tallann Aitheanta) / Iltionscadal na Todhchaí Cruthaithí. An féidir leis tairbhe a bhaint as tacaíocht fhorbartha an ‘bosca glasáilte’?
F. Ní féidir – faoi láthair; níl córas an ‘bosca glasáilte’ ar fáil ach do thograí a fhaigheann tacaíocht mhaoinithe ó Forbairt na Scannán Lánfhada in Éirinn. Seo í scéim phíolótach, áfach, agus d’fhéadfadh athbhreithniú a dhéanamh uirthi amach anseo. Lean ort de bheith ag seiceáil siar ar ghréasán Fís Éireann agus ar ríomhphost nuachtlitir Thionscail na hÉireann d’aon eolas nua.
C. Conas mar is féidir liom leas a bhaint as maoiniú ‘an bosca glasáilte’ agus cad é mar a chuirfear i bhfeidhm é?
F. Le leas a bhaint as maoiniú ‘an bosca glasáilte’ ní mór don léiritheoir Foirm Iarratais an Bhosca Ghlasáilte Fhorbartha a líonadh agus a chur isteach, a bhfuil cóip di ar fáil ach á iarraidh. Níl cead ag aon pháirtí eile diomaite den léiritheoir éileamh a dhéanamh faoi chóras an Bhosca Ghlasáilte Fhorbartha.
Caithfidh an léiritheoir buiséad agus plean airgeadais (i dteimpléid Fís Éireann) a chur ar fáil do Fís Éireann agus achoimre ghairid ar fhorbairt an scannáin lánfhada nua mholta incháilithe, ina mbeidh na sonraí ag brath ar chineálacha agus ar réimse na ngníomhaíochtaí molta.
Nuair a fhormheasfar é íocfar an maoiniú ar fháil sonraisc bailí agus sonraí imréitigh cánach.
C. Cén dóigh is féidir maoiniú ‘an bosca glasáilte’ a úsáid?
F. Nuair a aisíocfar iasacht fhorbartha Scannáin Lánfhada Éireannaigh isteach sa ‘bosca glasáilte’, is féidir í a úsáid ar fhorbairt tograí úra a bheith ag teacht le critéir Fís Éireann do mhaoiniú faoi Forbairt Scannáin Lánfhada na hÉireann. Leanann rialacha Státchabhrach de bheith i bhfeidhm ar mhaoiniú faoin ‘bosca glasáilte’.
Ní féidir an maoiniú seo a úsáid chun caiteachas a athmhaoiniú a thabhaigh an léiritheoir nó aon duine eile a bhfuil baint aige leis an léiritheoir.
C. An bhfuil cead agam maoiniú atá i mo ‘bosca glasáilte’ a úsáid chun sraithe drámaíochta teilifíse/cláir fhaisnéise/sraithe beochana teilifíse a fhorbairt?
F. Níl cead agat - faoi láthair; ní féidir an maoiniú a úsáid ach ar fhorbairt tograí a bheidh ag teacht le critéir Fís Éireann do mhaoiniú faoi Forbairt Scannáin Lánfhada na hÉireann. Seo í scéim phíolótach, áfach, agus d’fhéadfadh athbhreithniú a dhéanamh uirthi amach anseo.
Lean ort de bheith ag seiceáil siar ar ghréasán Fís Éireann agus ar ríomhphost nuachtlitir Thionscail na hÉireann d’aon eolas nua.
C. An bhfuil cead agam mo mhaoiniú sa ‘bosca glasáilte’ a úsáid chun togra a fhorbairt leis an scríbhneoir céanna ar dáileadh an bhuniasacht fhorbartha air?
F. Tá cead agat – a fhad is a bheidh an togra ag teacht leis na critéir cháilitheachta cistithe atá bainteach le Forbairt Scannáin Lánfhada na hÉireann.
C. An bhfuil cead agam mo mhaoiniú iomlán sa ‘bosca glasáilte’ a úsáid ar aon togra amháin?
F. Tá cead agat, ach is é €75,000 an t-uasmhéid leithdháilte is féidir a chur isteach sa ‘bosca glasáilte’ ó aon scannán lánfhada Éireannach amháin a rachaidh a fhad lena léiriú.
C. An bhfuil cead agam maoiniú iomadúil ‘bosca glasáilte’ a úsáid ar thogra amháin?
F. Níl cead agat; is é €75,000 an t-uasmhéid leithdháilte le haghaidh athinfheistíochta as maoiniú ‘bosca glasáilte’ in aghaidh an togra do scannán lánfhada de chuid na hÉireann.
C. An bhfuil data éaga do léiritheoirí chun tairbhe a bhaint as maoiniú an ‘bosca glasáilte’ nuair a aisíocfar an iasacht?
F. Tá, ba chóir maoiniú an ‘bosca glasáilte’ a athinfheistiú i bhforbairt tograí scannán lánfhada nua de chuid na hÉireann taobh istigh de 24 mhí ón dáta a aisíocfar an iasacht.
16.04.2025