Is í Fís Éireann / Screen Ireland an áisíneacht fhorbartha náisiúnta don earnáil scáileáin a infheistíonn i dTallann, i gCruthaitheacht agus i bhFiontar. Is é ról Fís Éireann tacú le scannánaíocht, teilifís agus beochan na hÉireann agus iad a chur chun tosaigh trí fhís ealaíonta Éireannach agus ár dtallann cruthaitheach agus léirithe ilghnéitheach a chothú, trí lucht féachana a mhéadú, agus trí scannánóirí agus infheistíocht a mhealladh chun na tíre.
Tá lúcháir ar Fís Éireann/Screen Ireland a bheith ag comhoibriú arís ar Actor as Creator i bpáirtíocht le hAcadamh Shráid Bow, le Scoil Aisteoireachta Scáileáin Náisiúnta na hÉireann agus le tacaíocht Equity.
Mar leanúint ar a bhearta tacú le pobal aisteoireachta na hÉireann léireoidh an tionscnaíocht fhorbartha thallainne agus taispeántais seo guthanna cruthaitheacha uathúlachta 30 aistreoir. Leithdháilfear deontas €5,000 ar gach aistreoir a chúnóidh le soláthar píosa oibre gairid scannánaíochta a léireoidh a fhís cruthaitheach.
Tá ‘Actor as Creator’ dírithe ar aisteoirí scáileáin a bhfuil taithí acu. Iarrtar ar aisteoirí moltaí a chur isteach atá bunaithe ar choinceap, script agus / nó ar charachtar a cheap siad féin. Ceapfaidh, beifear ag aisteoireacht agus léireoidh an t-iarratasóir rathúil an píosa oibre gairid scannánaíochta nach mairfidh níos faide ná 14 nóíiméad.
Ní mór don aisteoir coimisiúnaithe a bheith ina phríomhaisteoir. Caithfidh gach píosa oibre a chruthóidh agus nó a léireoidh an t-aisteoir a bheith ag teacht le treoirlínte agus le prótacail uile an Rialtais le deimhniú go mbeidh sé ag comhlíonadh bearta cosanta sláinte poiblí atá bainteach le Covid-19.
Ba chóir don fhócas a bheith ar úrnuacht, sainiúlacht agus ar chur in iúl pearsanta seachas ar luachanna léirithe. Cuirfear réimse ranganna teagaisc scileanna/seimineár gréasáin ar fáil ar líne trí Fís Éireann agus Acadamh Shráid Bow chun tacú leis na haisteoirí roghnaithe.
Is féidir leis an aisteoir a bheith ag obair ar an phíosa ina aonar nó le comhoibrí(-rithe) de réir a mhéine.
Próiseas Iarratais
Caithfidh gach iarrthóir an fhoirm iarratais líonta amháin a chur isteach ina mbeidh na gnéithe a leanas:
- Beathaisnéis an iarrthóra agus CV oibre san áireamh (1 leathanach)
- Achoimre mhionshonraithe an togra (uasmhéid 2 ailt)
- Breac-chuntas ar an choincheap / scéal (a fhad le 1 leathanach)
- Miondealuithe na gcarachtar (1 leathanach)
- Cur i láthair gairid scannánaithe faoi d’fhís don togra agus do thiomantas don choincheap seo (uasmhéid 3 nóiméad). Is féidir le taifeadtaí taispeána, taifeadtaí carachtar nó samhlacha a bheith san áireamh. Ba chóir seo a sheoladh isteach trí nasc neamhliostaithe YouTube mar chuid den iarratas.
Caithfidh iarratais a chur isteach chuig actorascreator@screenireland.ie
Seol ceisteanna teicniúla go léir chuig judith.byrne@screenireland.ie
Seol gach ceist faoin scéim nach bhfuil teicniúil chuig grainne.bennett@screenireland.ie
Má chuirfear an tionscadal isteach agus comhlacht léirithe agus/nó léiritheoir luaite leis, measfar é a bheith neamh-incháilithe gan mhachnamh.
Spriocdháta Iarratais
Is é an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais An Chéadaoin, 1 Márta, 2023.
Íoslódálacha Reatha
Ceisteanna Coitianta
Iarrann an t-iarratas miondealú carachtar atá chomh fada le leathanach ach ní bheidh ach carachtar amháin sa scannán ar mhian liom a chur isteach. An gcaithfidh mé an leathanach iomlán a líonadh?
Ní chaithfidh.
Cad é an príomhdhifear idir achoimre, coincheap agus creatlach?
Is ionann achoimre (1/2 alt) agus doiciméad gairid a choimríonn do scannán. Bíonn tideal an scannáin, seánra, gearr-achoimre (coimre aon abairte), agus míniú 2-3 alt ar shnáithe scéil an scannáin, príomhchora sa phlota agus príomhcharactair san áireamh de ghnáth.
Is ionann Creatlach (1 leathanach) agus cur síos níos mionsonraithe ar an scéal a scannánófar. Anseo is féidir leat stíl scannánaíochta agus ton agus aon tallann lárnach atá réitithe agat cheana a chur san áireamh.
An féidir liom script scannáin gairid a chur isteach?
Ní féidir, díreach creatlach an scéil.
An féidir liom rud éigin a rinne mé ar stáitse roimhe a scannánú?
Is féidir, má chruthaigh tú féin é agus más leatsa na cearta air.
Luann na treoirlínte nach féidir togra a chur isteach a bhfuil comhlacht léirithe agus/nó léiritheoir luaite leis. An féidir liom Léiritheoir a úsáid níos moille?
Is féidir. Féadann an t-aisteoir saorléiritheoir a fhostú chun cúnamh le haon ghnéithe eagrúcháin ar bith amhail buiséadú, imréitigh srl ach caithfear a thuiscint gur ag an aisteoir a bheidh an cóipcheart agus go mbeidh sé á léiriú faoina ainmse mar chaoi le heisean a thaispeáint.
An bhféadaim stiúrthóir aitheanta a úsáid le scannánaíocht agus léiriú a dhéanamh?
Féadann. Is féidir leis an aisteoir aon duine is mian leis a fhostú chun cuidiu lena phíosa oibre a chruthú.
Tá an-chuid smaointí iontacha agam. Cá mhéad is féidir liom a chur isteach?
Ní cheadaítear ach aon aighneacht amháin in aghaidh an aisteora.
An bhféadaim mo phíosa críochnaithe a chur isteach ar fhéile scannánaíochta?
Féadann. Tar éis dúinn ár dtaispeántas tosaigh de na píosaí scannánaithe a láinseáil, beidh tú saor do phíosa oibre a dhíol, a roinnt agus a chur chun cinn de réir mar is mian leat.
An bhféadaim airgead breise a bhailiú chun cúnamh le costas na scannánaíochta seo má tá tuilleadh de dhíobháil orm?
Féadann. Tá tú i gceannas ar an bhuiséad ach caithfidh tú á sheachadadh nuair a fhógrófar na spriocdhátaí.
An bhfuil aisteoirí ó Thuaisceart Éireann incháilithe?
Níl, tá an scéim seo d’aisteoirí atá lonnaithe i bPoblacht na hÉireann.