Faoin Chiste
Cuireann Fís Éireann/Screen Ireland Cistiú Poiblíochta ar fáil do líon teoranta féilte scannánaíochta Éireannacha náisiúnta a sholáthraíonn deis as cuimse chun caidreamh a chothú le tionscal scáileán na hÉireann.
Ba chóir don fhéile deiseanna ar leith a chur ar fáil freisin le scannáin Éireannacha a léiriú do luchtanna féachana áitiúla, trína mhéadófar feiceálacht do na scannáin agus don tallann.
Tá an cistiú dírithe ar fhéilte seanbhunaithe agus siúd atá ag teacht chun cinn a bhfuil dea-theist acu i soláthar féilte scannánaíochta a bhfuil sé mar aidhm acu lucht féachana a mhéadú do scannánaíocht, do bheochan agus do chláir fhaisnéise Éireannacha ina ndúichí.
Cé Is Féidir Iarratas A Dhéanamh?
Féilte Scannánaíochta Éireannacha Idirnáisiúnta a bhfuil dea-theist acu de bheith ag obair le IFI Idirnáisiúnta chun scannánaíocht na hÉireann a chur i láthair luchtanna féachana idirnáisiúnta.
Tabhair faoi deara: I gcásanna eisceachtúla, d’fhéadfadh Fís Éireann measúnú a dhéanamh ar iarratais ó fhéile scannán bunaithe a bhfuil béim Éireannach ar leith beartaithe aici le linn a príomhfhéile. Sna cásanna seo, ní mór plean soiléir agus deis a bheith ann chun feiceálacht agus rathúlacht thionscal scáileáin na hÉireann a chur chun cinn nó ní mór gné láidir tionscail a bheith ag an bhféile agus deiseanna comhléiriúcháin láidre ar fáil. Bheifí ag súil go mbeidh an fhéile ag obair le go leor comhpháirtithe Éireannacha ar an gclár. Bíonn an maoiniú le haghaidh imeachtaí den chineál seo thar a bheith teoranta gach bliain.
Spriocdhátaí Iarratais
- Le haghaidh féilte scannán a bheidh ar siúl i rith na tréimhse 1 Meán Fómhair go 31 Nollaig 2026: Spriocdháta ar an 13 Aibreán 2026.
- Le haghaidh féilte scannán a bheidh ar siúl i rith na tréimhse 1 Eanáir go 30 Aibreán 2027: Spriocdháta ar an 7 Meán Fómhair 2027.
- Le haghaidh féilte scannán a bheidh ar siúl i rith na tréimhse 1 Bealtaine go 30 Lúnasa 2027: Spriocdháta ar an 18 Eanáir 2027.
Cén Chaoi a nOibreoidh an Ciste?
Catagóirí cistithe a bheidh ar fáil:
- €5,000 – €7,000
Tá an cistiú dírithe ar fhéilte scannánaíochta Éireannacha Idirnáisiúnta atá ag méadú a láithreachta ina ndúichí faoi láthair. Ba chóir do na féilte a bheith ag tógáil ar a bhfeiceálacht agus ag freastal ar luchtanna féachana nua agus spriocanna ar leith a bheith ar intinn acu.
- €10,000 – €15,000
Coinnítear an cistiú seo d’fhéilte scannánaíochta Éireannacha Idirnáisiúnta atá ar scálaí móra a bhíonn ar siúl i réigiúin ina bhfuil failleanna suntasacha go bhfreastalófar ar luchtanna féachana móra i ndúichí an-tábhachtacha. Ba chóir do na féilte feidhmiú mar ardáin láidre chun deiseanna gnó tábhachtacha do scannáin agus do thallann chruthaitheach a éascú.
An Dóigh le hIarratas a Chur Isteach
Ba chóir iarratais a dhéanamh ar Tairseach Iarratas Fís Éireann.
Beidh iad seo a leanas de dhíobháil de réir phróisís an iarratais:
- Moladh mionsonraithe don fhéile a thabharfaidh achoimre ar an imeacht agus a mhíneoidh cad é mar a bhaineann an imeacht/ghníomhaíocht le hobair Fís Éireann agus cad é mar a thiocfaidh sé le ceann amháin nó níos mó d’aidhmeanna straitéiseacha na háisíneachta.
- Achoimre ar bhuiséad iomlán an imeachta/na gníomhaíochta mar aon le leagan amach ar an chaoi a n-úsáidfear an cistiú molta chun tacú leis an imeacht/ghníomhaíocht. Ba chóir go mbeadh ioncam molta ó mhaoinitheoirí agus ó urraitheoirí eile go léir a bheith san áireamh sa bhuiséad, méid an chistithe a sholáthróidh na maoinitheoirí seo agus cé acu an bhfuil nó nach bhfuil an cistiú deimhnithe fós.
- Míniú ar an dóigh a gcuirfear an imeacht/ghníomhaíocht chun cinn agus conas mar a aithneofar cistiú Fís Éireann.
- Gearrchuntas ar an eagraíocht (ina áireofar sonraí an bhoird agus gnásanna rialachais).
- CVanna na bpríomhphearsanra go léir (do na bunphearsanra amháin)
- Cuntais – seit is déanaí na ráiteas airgeadais.
- Ba chóir dearbhú comhlíontachta a chur ar fáil más é seo an chéad uair a chuir an fhéile isteach ar chistiú.
Cad é mar a mheasfar iarratais?
Nuair a mheasfar an t-iarratas scrúdófar na spriocanna a leanas:
- A chumas le hardán a chur ar fáil do thograí agus do thallann Éireannach chun luchtanna féachana seanbhunaithe, nua agus ilchineálach a mhealladh.
- Cuir i láthair an-láidir ar ábhair chistithe Fís Éireann.
- Plean margaíochta agus poiblíochta láidir.
- Tiomantas féilte d’ilchineálacht, d’ionchuimsiú agus do chomhionannas lastigh de chlár na féile.
- Cumas na féile fás bliantúil a léiriú i mealladh luchtanna féachana nua agus ilchineálacha.
- Féilte a sholáthróidh deiseanna luachmhara do lucht proifisiúnta an tionscail scannánaíochta a bheith páirteach i gcainteanna agus i ndíospóireachtaí.
- Fad ama feidhme. Tabharfar tús áite d’fhéilte a mbeidh dea-theist láidir acu.
- Eilimintí sainiúla e.g. úsáid na meán sóisialta, cláir & imeachtaí tionscail ar leith agus úsáid dóigheanna nua éagsúla chun luchtanna féachana a thógáil agus a fhorbairt do scannánaíocht na hÉireann.
| Critéir Mheasúnaithe |
Marcanna Atá Ar Fáil % |
Scór íosta atá de dhíth |
|
(A) Tacaíonn le baint amach spriocanna straitéiseacha Fís Éireann i dtaobh le gné lucht féachana de agus cuirfidh ábhar scáileáin Éireanaigh chun cinn sa dúiche sin. Ba chóir d’ilchineálacht leathan ábhar a bheith sa chlár. |
50 |
25 |
|
(B) Cuireann luach airgid ar fáil. |
10 |
5 |
|
(C) Cé chomh réalaíoch agus indéanta agus atá an moladh atá leagtha amach? |
10 |
5 |
|
(D) Pleananna margaíochta agus poiblíochta na féile ina áirítear aimsiú lucht féachana ilchineálach. |
20 |
10 |
|
(E) Taithí ábhartha an iarratasóra maidir leis an an imeacht/ghníomhaíocht a mholtar.
I dtaca leis seo, má fuair iarrthóir cistiú faoin Scéim roimhe seo, measfear dea-theist an Iarrthóra ina áireofar ceisteanna comhlíontachta le conarthaí ábhartha. |
10 |
5 |
| Iomlán |
100% |
- |
Tabhair do d’aire le do thoil nach ionann cistiú a fháil roimhe seo agus aon deimhniú go bhfaighfear cistiú amach anseo.
Seachadadh
Nuair a bheidh an fhéile thart caithfidh an fhéile tuairisc mhionsonraithe a sheachadadh a thabharfaidh sonraí ar an chaoi ar úsáideadh an cistiú, miondealú ar an phoiblíocht a baineadh amach, uimhreacha lucht féachana agus fás thar bhlianta roimhe seo agus an dóigh ar bhain an fhéile na spriocanna amach mar atá leagtha amach thuas. Ba chóir di deiseanna agus dúshláin don fhéile amach anseo a leagan amach freisin.
D’fhéadfadh Fís Éireann a iarraidh go gcuirfear an t-ardán WheretoWatchIreland.com chun cinn ag aon fhéile a gheobhaidh cistiú.
19.03.2026