Hit enter to search or ESC to close
An Guth - Fhorbairt Coinceapa do Stiúrthóirí 2025

An Guth

Tá lúcháir ar Fís Éireann athbhunú An Guth a fhógairt: scéim na háisíneachta um Fhorbairt Coinceapa do Stiúrthóirí (An Guth).

Tá lúcháir ar Fís Éireann athbhunú An Guth a fhógairt: scéim na háisíneachta um Fhorbairt Coinceapa do Stiúrthóirí (An Guth).

Faoin Mhaoiniú

Infheisteoidh An Guth i bhfís Stiúrthóra(-óirí) a bhfuil taithí aige (acu) (duine aonair nó foireann) chun scannáin lánfhada beo-aicsin nó beochana ardluacha, dráma/sraith theilifíse bheo-aicsin nó bheochana nó clár faisnéise fada/sraith chláir fhaisnéise a fhorbairt as Gaeilge nó as Béarla ó chéim luathchoincheapa sula dtabharfar do léiritheoir/airgeadaí é.

Spreagann Fís Éireann peirspictíochtaí uaillmhianacha, dána agus dinimiciúla ó iarrthóirí. B’fhéidir gur mhian le stiúrthóirí bun-IP a dheimhniú go luath, féidearthachtaí comhoibrithe cruthaitheacha a fhiosrú le cleachtaithe ealaíne eile, tabhairt faoi thaighde nó faoi cheardlanna, teicneolaíochtaí úra a fhiosrú agus/nó tabhairt faoi dheiseanna eile leis an mhaoiniú luathchéime/síolchiste seo lena slite beatha a chur chun cinn agus chun molta a fhorbairt a bheidh réidh don mhargadh. Níl aon teorannú ar an seánra, stíl inste, ábhar nó ar aon ghné eile an togra. Táimid ar lorg guthanna sainiúla cruthaitheacha agus físeanna spreagúla dána beag beann ar an chineál togra. Tá suim againn i scéalta a sháróidh agus, go speisialta, a rachaidh i bhfeidhm ar luchtanna féachana in Éirinn agus ar fud an domhain.

Cé Is Féidir Iarratas a Dhéanamh?

Caithfidh stiúrthóirí dea-theist láidir a thaispeáint i stiúradh don scáileán agus ní mór dóibh a bheith ina stiúrthóir ar scannán lánfhada, dráma/sraith theilifíse nó clár faisnéise fada/sraith chláir fhaisnéise amháin ar a laghad a eisíodh d’amharclanna nó a chraobhscaoileadh roimhe.

Is féidir le Stiúrthóirí iarratas a chur isteach le 1-2 togra le haghaidh maoiniú suas le €15,000 (duine aonair) / €20,000 (foireann beirte nó níos mó Stiúrthóirí) in aghaidh an togra agus suas le huasmhéid €30,000 san iomlán (trasna dhá thogra má roghnófar an dá thogra). Ba chóir aon iarratas in aghaidh an togra a dhéanamh tríd an chóras iarratais ar líne de chuid Fís Éireann.

Mar chuid den obair fhorbartha áirítear comhobair le tallann chruthaitheach eile agus mar thoradh air sin d’fhéadfadh ábhar scríofa bheith ullmhaithe, amhail gearrchuntas, radharcanna samplacha, páirtscript nó script scannáin iomlán, bíobla, seomraí scríbhneoirí, taighde saineolaí, taighde cartlainne, cearta céadrogha nó saoil, coincheapa físiúla, réamhbhlaisidh, ceardlanna le haisteoirí agus dearadh carachtair srl. mar a thabharfaidh an Stiúrthóir/na Stiúrthóirí le fios.

Riachtanais Iarratais
  • Líne Mhínithe
  • Achoimre Ghearr (500 focal ar a mhéid)
  • Creatlach (1000 focal ar a mhéid)
  • Plean forbartha molta (500 focal ar a mhéid) 
  • Nótaí ar Threoirphrionsabail Fís Éireann (300 focal ar a mhéid in aghaidh an phrionsabail). Féach Prionsabail & Critéir | Screen Ireland le haghaidh tuilleadh eolais.
  • Buiséad forbartha (líontar an buiséad ar an fhoirm iarratais atá ar líne)
  • Íomhánna samplacha nó ábhair fhísiúla bhreise (más mian)
  • Fianaise ar Úinéireacht Chearta
  • Má chuirfear an togra isteach agus cuideachta léirithe agus/nó léiritheoir san áireamh, measfar gan mhachnamh é a bheith neamh-incháilithe le haghaidh a bhreathnaithe; ní choisceann seo stiúrthóir, áfach, ó iarratas a chur isteach trína chuideachta sheirbhísí/iasachta féin.
  • Má chuirfear iarratas isteach trí chuideachta sheirbhísí/iasachta féin Stiúrthóra, ní mór don chuideachta a bheith cláraithe i bPoblacht na hÉireann; cuir sonraí ar fáil maidir le huimhir na cuideachta cláraithe agus an seoladh cláraithe más é do thoil é.
An Dóigh le hIarratas a Chur Isteach

Is féidir iarratais a dhéanamh ar líne ag baint úsáid as an chnaipe ‘Déan Iarratas’ ar an leathanach seo.

Measfar iarratais a bheith neamh-incháilithe gan mhachnamh mura gcomhlíonfaidh siad na critéir atá leagtha amach sna treoirlínte seo.

Má bheidh aon cheisteanna agat faoi na treoirlínte nó faoin scéim i gcoitinne, gabh i dteagmháil más é do thoil é le talent@screenireland.ie.

Spriocdháta Iarratais

Dúnfar iarratais ar An Chéadaoin, 29 Deireadh Fómhair ar 1 i.n. Ní ghlacfar le hiarratais a bheidh mall nó easnamhach.

Treoirlínte & Eolas Breise
  • Ba chóir do Stiúrthóir nó d’fhoireann Stiúrthóirí amháin iarratas a chur isteach (gan comhlacht léiriúcháin agus/nó léiritheoir). Ní choisceann seo iarrthóir rathúil ag déanamh conartha trína chuideachta sheirbhísí /iasachta féin. Má dhámhtar maoiniú agus más mian le Stiúrthóir conradh a dhéanamh trína chuideachta sheirbhísí /iasachta féin, beidh sonraí uimhir na cuideachta cláraithe agus a seoladh de dhíobháil ag céim an chonartha.
  • Caithfidh gach Stiúrthóir atá bainteach le hiarratas cáilitheacht s’aige a léiriú go soiléir (creidiúint Stiúrthóra amháin ar a laghad ar scannán lánfhada, dráma/sraith theilifíse nó clár faisnéise fada/sraith chláir fhaisnéise a eisíodh d’amharclanna nó a chraobhscaoileadh roimhe um am an iarratais) san aighneacht. Níl gearrscannáin, ábhair ar líne, fógraíocht nó creidiúintí eile incháilithe don scéim áirithe seo. Níl an scéim oscailte do mhic léinn lánaimseartha. Ní mór do gach iarrthóir (bíodh sé ina dhuine aonair nó ina bhall ar fhoireann scannnánaíochta) bheith ina shaoránach Éireannach nó ina chónaí i bPoblacht na hÉireann le bheith incháilithe do mhaoiniú faoi An Guth.
  • Mar gheall ar aidhm na scéime seo chun tacú le tograí úra ag céim luathchoincheapa, ní dóiche go n-éireoidh le tograí a cuireadh isteach roimhe chuig Fís Éireann agus a bhí neamhrathúil. Níl tograí atá ag fáil cistiú ó Fís Éireann nó ó aon tríú páirtí eile, níl siad incháilithe.
  • B’fhéidir gur mhian le Stiúrthóirí comhoibriú le tallann chruthaitheach eile i rith na scéime seo, macasamhail scríbhneoirí scripte, eagarthóirí scripte, taighdeoirí, saineolaithe srl. ach is é líon na Stiúrthóirí a rialóidh uasmhéid ceadaithe na sparánachta.
  • Is ciste iomaíoch é seo - d’fhéadfadh sparánacht a bhronnadh ar aon togra nó ar dhá cheann, de réir mar a roghnóidh Fís Éireann iad.
  • Meastar go mairfidh scéim An Guth idir 18 – 24 mhí agus íocfar maoiniú i gcéimeanna aontaithe. Ag deireadh an phróisis d’fhéadfadh obair fhorbartha fhaofa bheith mar bhunús chruthú ábhar scríofa amhail gearrchuntas, script scannáin, bíobla, seomraí scríbhneoirí, taighde saineolaí, taighde cartlainne, cearta céadrogha, cearta saoil, coincheapa físiúla, réamhbhlaisidh, ceardlanna le haisteoirí agus dearadh carachtair srl. mar a thabharfaidh an Stiúrthóir/na Stiúrthóirí le fios ina phlean/bplean forbartha.
  • Déanfar measúnú seachtrach ar an scéim agus déanfaidh Fís Éireann measúnú uirthi. Táthar ag súil go bhfaighfear eolas ar shocruithe faoi cheann 10 -15 seachtaine; thiocfadh dó, áfach, go nglacfaidh cinnidh níos faide ag brath ar líon na n-iarratas a chuirfear isteach. Mar gheall ar chomhdhéanamh na n-iarratas gairid seo agus líon na n-aighneachtaí a mbeifear ag dúil leis, ní bheidh aiseolas ar fáil ar iarratais neamhrathúla. 
  • De réir ghnáthnós imeachta conraitheoireachta Fís Éireann, mar urrús i gcoinne a maoinithe glacfaidh Fís Éireann dáileadh 50% chóipcheart an ábhair fhorbartha a chruthófar. Nuair a aisíocfar maoiniú forbartha Fís Éireann, athshannfaidh Fís Éireann céatadán seo chóipcheart an ábhair fhorbartha ar ais don Stiúrthóir. 
  • Ar sheachadadh do Fís Éireann, má ghlacfaidh cuideachta léirithe leis an togra ba chóir go n-aithneofaí an maoiniú forbartha a gheofaí go nuige sin. Má léireofar an togra ba chóir don mhéid a fuarthas mar mhaoiniú forbartha bheith ina mhír líne i mbuiséad an léirithe agus ba chóir don Léiritheoir Éireannach é a aisíoc do Fís Éireann mar is gnách.
  • Caithfidh gach Stiúrthóir atá bainteach le hiarratas cáilitheacht s’aige a léiriú go soiléir (creidiúint Stiúrthóra amháin ar a laghad ar scannán lánfhada, dráma/sraith theilifíse nó clár faisnéise fada/sraith chláir fhaisnéise a eisíodh d’amharclanna nó a chraobhscaoileadh roimhe um am an iarratais) san aighneacht. Níl gearrscannáin, ábhair ar líne, fógraíocht nó creidiúintí eile incháilithe don scéim áirithe seo. Níl an scéim oscailte do mhic léinn lánaimseartha. Ní mór do gach iarrthóir (bíodh sé ina dhuine aonair nó ina bhall d’fhoireann stiúrtha) bheith ina shaoránach Éireannach a saolaíodh, atá ina chónaí nó atá ina shainchónaí ar oileán na hÉireann le bheith incháilithe do mhaoiniú faoi An Guth.
  • Caithfidh an ráiteas a leanas a bheith sa cháipéisíocht agus ábhair phoiblíochta uilig a bhaineann leis an togra agus leis an infheistíocht seo a mhaoiníonn Fís Éireann, mar atá: “Maoiniú forbartha curtha ar fáil ag ‘An Guth-Ciste um Fhorbairt Coinceapa do Stiúrthóirí’ de chuid Fís Éireann/ Screen Ireland” agus ní mór lógó Fís Éireann a léiriú ann, atá ar fáil ach é a iarraidh.
  • Fanfaidh na Treoirlínte seo agus an Cistiú féin faoi réir athbhreithnithe agus leasú rialta.
  • Forchoimeádann Fís Éireann an ceart chun cuid ar bith de na Treoirlínte seo a cheartú nó a shoiléiriú. Sa chás go n-athrófar nó go n-athbhreithneofar na Treoirlínte seo, cuirfear leagan uasdátaithe ar fáil ar www.screenireland.ie agus aithneofar é tríd an mhí agus an bhliain a foilsíodh é. Tá iarrthóirí freagrach as deimhniú go bhfuil siad ag úsáid leagan reatha na dTreoirlínte agus na foirme iarratais. Níl sparánachtaí ón chiste seo déanta gan mheas agus athbhreithneoidh Fís Éireann gach iarratas de réir an cháis.

Déan Iarratas

18/09/2025