Hit enter to search or ESC to close
Focus Shorts - Gaeilge

Focus Shorts - Gaeilge

Is scéim scannáin í Fócas ar Ghearrscannáin a bhaineann le cruthú gearrscannáin bheo-aicsean fhicsean.

Faoin Chistiú

Is é Fócas Ar Ghearrscannáin scéim shuaitheanta ghearrscannán Fís Éireann le gearrscannáin bheo-aicsean fhicsean a dhéanamh. 

Tá an scéim seo dírithe ar Stiúrthóirí, ar Léiritheoirí agus ar a gcuid foirne a bhfuil dea-theist acu i scannánóireacht chruthaitheach.

Tá sí mar aidhm ag Fócas Ar Ghearrscannáin scéalaíocht láidir úrnua, cumas físiúil ar leith agus luachanna léirithe atá oiriúnach don scáileán mhór a spreagadh. Cuireann sé deis ar fáil do léiritheoirí, stiúrthóirí agus scríbhneoirí a bheith ag obair i dtimpeallacht phroifisiúnta a thabharfaidh a dtaithí go dtí leibhéal níos airde agus ar féidir smaoineamh air mar chéim ar an aistear i dtreo tionscadal níos uaillmhianaí.

Is féidir le Fócas Ar Ghearrscannáin a bheith chomh fada le 10 nóiméad agus buiséad suas go dtí €70K a fháil.

Is féidir scannáin a dhéanamh as Béarla nó as Gaeilge.

Táimid ar lorg guthanna barántúla ó scannánóirí as cúlraí éagsúla a bheadh ag insint scéalta ilghnéitheacha. De réir tiomantais Fís Éireann d’Ilchineálacht, do Chuimsiú agus do Chomhionannas Inscne, cuireann Fócas Ar Ghearrscannáin fáilte ach go háirithe roimh fhoirne a bhfuil na haidhmeanna seo i gcroílár a gcuid oibre ar scáileán agus sa chuideachta.

Spriocdháta

Is é an spriocdháta d’iarratais ná An Aoine, 30 Eanáir 2026 ar 1i.n.

Dúnfaidh an córas ar líne go huathoibríoch ar 1 i.n. ar an lá seo, agus mar sin cinntigh go mbeidh d'iarratas comhlíonta agus seolta go maith chun tosaigh ar an spriocdháta le do thoil mar ní ghlacfar le hiarratais dhéanacha ar an ríomhphost nó ar aon dóigh eile.

Cáilitheacht

Cuirtear fáilte roimh iarratais ó fhoirne léiritheoirí/stiúrthóirí/scríbhneoirí (nuair nach ionann an léiritheoir agus an stiúrthóir) faoi réir threoirlínte incháilitheachta mar a leanas:

  • Léiritheoirí - caithfidh aon ghearrscannán beo-aicsean a bheith léirithe acu roimhe ar a laghad. B’fhéidir go gcuirfear fógraí ardchaighdeáin san áireamh má léiríodh go haonarach iad.
  • Stiúrthoirí - caithfidh aon ghearrscannán beo-aicsean amháin ar a laghad a bheith stiúrtha acu roimhe.
  • Ag céim an iarratais is féidir le léiritheoir amháin ar bith a bheith ceangailte le dhá iarratas ar a mhéad. Má ghearrliostaítear dhá thogra a bhfuil an léiritheoir céanna acu, ní mór don stiúrthóir léiritheoir incháilithe eile a ainmniú chun freastal ar an agallamh.
  • Ní féidir ach uasmhéid beirt léiritheoir a bheith ceangailte le haon togra, ar féidir duine acu a bheith ina léiritheoir feidhmiúcháin. 
  • Ní féidir athiarratais a dhéanamh maidir le tionscadail a cuireadh isteach dhá uair roimhe agus nár éirigh leo. 
  • Is féidir le Léiritheoirí, Stiúrthóirí agus Scríbhneoirí iarratais a chur isteach chun níos mó ná scannán Fócas Ar Ghearrscannáin amháin a dhéanamh ach ní féidir maoiniú a fháil tríd an scéim níos mó ná trí huaire mar dhaoine aonair sna rólanna sin.
  • Níl cead ag mic léinn lánaimseartha cur isteach ar an scéim.
  • Ionas nach mbeidh aon dabht ann faoi, ní mór don scríbhneoir, don stiúrthóir agus don léiritheoir go léir a bheith ceangailte leis an tionscadal ag céim an iarratais.
Nótaí Sula gCuirfear Iarratas Isteach
  • Nuair a bheidh tú ag ullmhú d’iarratais, ba chóir d'iarratasóirí machnamh a dhéanamh ar an achar ama léirithe. Tá sé mar dhualgas ar an léiritheoir a chinntiú gur féidir cloí leis an sceideal agus leis an bhuiséad agus go bhfuil siad ag obair le tionscadail a chur i gcrích um an dáta aontaithe. Is féidir seachadadh déanach cur isteach ar iarratais eile amach anseo.
  • Déan machnamh ar sceideal gach ball na foirne sula gcuirfear iarratas isteach le do thoil. Is gealltanas mór é Fócas Ar Ghearrscannáin agus bíonn am agus áiseanna suntasacha i gceist leo agus mar sin ba chóir a dheimhniú go mbeidh gach duine ag tarraingt le chéile agus go mbeifear in ann glacadh leis seo sula gcomhlíonfar aon aighneacht. Cuirfidh an maoinitheoir freagracht as an togra ar na léiritheoirí agus dá réir sin ba chóir do léiritheoirí a chinntiú go mbeidh lánghealltanas óna gcuid foirne roimh thosach.
  • Ba chóir gurbh í tallann atá ina cónaí i bPoblacht na hÉireann a ghinfeadh agus a thabharfadh ceannaireacht chruthaitheach do scannáin Fócas Ar Ghearrscannáin agus ba chóir go léireodh comhlachtaí léiriúcháin teoranta iad a bheadh cláraithe i bPnaÉ a d’úsáidfeadh foireann a bheadh lonnaithe i bPnaÉ. D’fhéadfadh saoránaigh Éireannacha a bheadh ina gcónaí thar lear ar feadh tamaill a bheith incháilithe freisin ar an choinníoll go mbeadh siad sásta filleadh chun an bhaile go ceann tréimhse iomlán a léirithe dá n-éireodh leo maoiniú a bhaint amach.
  • Ionas nach mbeidh aon dabht ann faoi, má tá iarrthóir, rannpháirtí cruthaitheach nó CR ann nach saoránach Éireannach é ná nach gcónaíonn i bPoblacht na hÉireann, níl siad inghlactha chun cur isteach ar an scéim ná le páirt a ghlacadh inti. Machnaigh air seo go han-chúramach le do thoil sula socrófar ar iarrratas a chur isteach.
  • Caithfidh an chuideachta léirithe a úsáidfear chun conradh a dhéanamh leis an mhaoinitheoir a bheith teoranta agus cláraithe i bPnaÉ agus ní féidir ach aon chuideachta amháin a úsáid leis an scannán a léiriú.
  • Má dhéanfar togra a ghearrliostú, beidh ar stiúrthóir chuideachta de chuid chomhlacht léirithe an iarrthóra a bheith i láthair ag an agallamh.
  • Glacfar leis go mbeidh freagracht iomlán ar na léiritheoirí as an léiriúchán. 
  • Caithfidh léiritheoirí fianaise a sholáthar dá gcumas chun cearta riachtanacha iomlána domhanda a aimsiú gan teorainn ama thar na meáin ar fad atá ann faoi láthair agus do na meáin atá le cruthú go fóill. 
  • Ba chóir aird ar leith a thabhairt ar athchóiriú, ar chearta saoil nó ar aon ábhair cheartlainne atá riachtanach don tionscadal, mar aon le bheith ag cinntiú go mbeidh na cearta ar fáil ar fud na cruinne gan teorainn ama i ngach uile fhoirm na meán. Caithfidh fianaise infhaighteachta ón fhoinse a bheith san áireamh san iarratas agus costais dá réir san áireamh sa bhuiséad a leagfar síos.
  • Ní féidir foinse chistiúcháin sheachtrach ar bith a chur leis an tairiscint a dhéanfaidh an maoinitheoir.
Buiséad & Ceaduithe

Beidh na rátaí seo a leanas i bhfeidhm maidir le buiséid léirithe na scannán ar fad a dhéanfar faoin scéim:

  • Táillí Scríbhneora/Stiúrthóra/Léiritheora(-oirí): Idir 8-10% an bhuiséid fhoriomláin.
  • Ráta laethúil táscach d’aisteoirí agus criú: €150
  • PRSI/PAYE/USC/Ranníocaíochtaí pinsin: Ní mór á chur i bhfeidhm de réir threoirlínte agus rialacha Ioncaim.
  • Árachas: Ceadaigh 1.2% den bhuiséad
  • Teagmhais: Ceadaigh 5% den bhuiséad (ní cheadaítear táille léiriúcháin)

Beidh cearta faofa ag Fís Éireann do na gnéithe seo a leanas de gach uile scannán a dhéanfar faoin scéim: 

  • Script scannánaíochta
  • Buiséad
  • Sceideal Scannánaíochta
  • Roghnú aisteoirí
  • PríomhCRanna
  • Gearradh Réamhlíne
  • Teidil Chreidiúna

Dá ndéanfaí aon athruithe suntasacha ar script scannáin rathúil, ar an sceideal, ar an phríomhphearsanra nó ar an fhoireann aisteoirí nach bhfuil faofa ag Fís Éireann, d’fhéadfaí an cistiú a bheith tarraingthe siar. Má bheidh gá le hathruithe dá leithéid ní mór iad a phlé agus a bheith faofa ag Fís Éireann.

Má dhéanfar as Gaeilge iad, beidh fotheidil riachtanach le haghaidh féilte agus díolachán ar fud an domhain. Ba chóir do chostas na bhfotheideal a bheith san áireamh i mbuiséad an iarratais.

Cearta
  • Is ag an chuideachta léirithe a bheidh na cearta.
  • Coinneoidh Fís Éireann cearta neamh-eisiacha thar na meáin ar fad in Éirinn agus cearta promóisine neamh-eisiacha don chuid eile den domhan.
  • Fanfaidh an chuid eile de na cearta dáilte leis an scannánóir a thig rogha a dhéanamh idir gníomhaire díolacháin a cheapadh nó an scannán a dháileadh é féin.
Féilte
  • Eagróidh Fís Éireann cruinniú le scannánóirí de thionscadail a bheidh comhlíonta ina ndéanfar machnamh le chéile ar straitéis féilte.
  • Ní chóir costais fhéilte a chur san áireamh i mbuiséad an léirithe. Cuirfear buiséad breise teoranta ar fáil do léiritheoirí le haghaidh táillí taiscthe féilte.
Próiseas Measúnaithe
  • Measfar aighneachtaí ag tabhairt airde ar réamhshaothar an stiúrthóra, ar an chóiriú, ar na nótaí cruthaitheacha agus ar an fhoireann chruthaitheach. Cuirfimid fáilte roimh iarratais a thugann aird ar fhíor-uilghabhálacht agus ar fhíor-ilchineálacht taobh istigh dá n-ábhair agus dá bhfoirne. Beidh sé mar aidhm againn cothromaíocht inscne a bhaint amach trasna na bhfoirne cruthaitheacha a roghnófar.
  • Tabharfar cuireadh d’fhoirne gearrliostaithe freastal ar agallaimh.
  • Má roghnaítear togra i gcomhair agallaimh ngó le maoiniú a fháil, caithfidh aon athrú suntasach don fhoireann nó don scéal nó d’aon eilimint bhunúsach an léirithe a bheith faofa ag Fís Éireann nó d’fhéadfadh cúlghairm a dhéanamh ar an tairiscint dá bharr.
  • Ní mór d'fhoirne roghnaithe freastal ar lá faisnéise go pearsanta sula mbeidh siad i dteideal a gcuid maoiniú a éileamh.
Ábhair Iarratais

Le gur féidir acmhainn iarratais a mheas go críochnúil beidh na cáipéisí a leanas ag teastáil:

  • Líne Mhínithe agus Achoimre
  • Script
  • Nótaí Stiúrthóra
  • Nótaí Léiritheora
  • Nascanna chuig réamhobair bheo-aicsean an stiúrthóra 
  • Nascanna chuig réamhobair bheo-aicsean an léiritheora
  • Buiséad léirithe mionsonraithe in Euro a thabharfaidh aird ar leith ar ghnéithe áirithe, amhail éachtaí, VFX, cartlann, mionaoisigh, ainmhithe, siútanna oíche srl.
  • I gcás cóirithe, tabhair fianaise ar an chumas ceadúnas a fháil ar na cearta sna meáin go léir gan teorainn ama.
  • CVanna cuimsitheacha a léiríonn go soiléir taithí ábhartha roimh ré do róil scríbhneora, stiúrthóra agus léiritheora.

Is é an spriocdháta ná An Aoine 30 Eanáir 2026 ar 1i.n.

An Dóigh le hIarratas a Chur Isteach
  • Is féidir iarratais a dhéanamh ar líne ag baint úsáid as an chnaipe ‘Déan Iarratas’ ar an leathanach seo. 
  • Measfar iarratais a bheith neamh-incháilithe gan mhachnamh mura gcomhlíonfaidh siad na critéir atá leagtha amach sna treoirlínte seo.
  • Caithfidh iarrthóirí iarratais a chur isteach trí chuntas Chuideachta Léirithe/Léiritheora ag baint úsáid as an chóras iarratais ar líne de chuid Fís Éireann.
  • Má tá ceisteanna ar bith agat maidir leis an scéim seo agus na treoirlínte seo cuir r-phost le do thoil chuig: shortsapplications@screenireland.ie 
  • Má bheidh aon cheisteanna teicniúla agat agus tú ag líonadh na foirme iarratais cuir r-phost le do thoil chuig: technicalsupport@screenireland.ie

03.02.2026