Mar áisíneacht náisiúnta thionscal scannánaíochta, drámaíochta teilifíse, beochana agus chlár fhaisnéise na hÉireann, is í Fís Éireann/Screen Ireland (Screen Ireland) comhpháirtí cruthaitheach na hearnála, ag infheistiú i dtallann, i gcruthaitheacht agus i bhfiontar.
Spreagann scéalaíocht úrnua sinn a mheallfaidh luchtanna féachana go mothúchánach sa bhaile agus thar sáile. Trí réimse leathan modhanna tacaíochta praiticiúla, maoinithe atá ar fáil fá choinne gnéithe forbartha, léirithe, dáilte, margaíochta agus forbairt scileanna, is amhlaidh go dtacaíonn Fís Éireann leis an earnáil trí gach céim an phróisis. Tacaímid le scannánóirí ina n-iarrachtaí cruthaitheacha chun scéalta luachmhara, ealaíonta, cultúrtha agus tráchtála a roinnt ar scáileán.
Faoin Iasacht Chistiúcháin
Leanann Fís Éireann lena tacaíocht do léiriúcháin trasna na tíre leis an “Ciste Léirithe Breise Forleitheadach na hÉireann”.
Tá an iasacht léirithe seo dírithe ar thograí (scannáin lánfhada beo-aicsin agus beochana agus ar theilifís agus ar ghearrscannáin) atá ag tabhairt faoi léirithe i gceantracha in Éirinn atá taobh amuigh de raon 65km ó Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath.
Cé Is féidir Iarratas a Dhéanamh?
Tá an scéim ar fáil ag iarratais ó chuideachtaí léirithe Éireannacha (comhlachtaí léirithe atá cláraithe i bPoblacht na hÉireann a bhfuil oifig agus foireann acu atá lonnaithe i bPoblacht na hÉireann) atá ag machnamh ar léiriúcháin a léiriú sna ceantracha ábhartha i bPoblacht na hÉireann.
Riachtanais Iarratais
Tá léiriúcháin nár thosaigh fós ar an phríomhghrianghrafadóireacht/phríomhbheochan incháilithe le cur isteach ar an chistiú seo.
Caithfidh iarmhéid a gcuid maoiniú a bheith go hiomlán deimhnithe ag léirithe ag am an iarratais. Ní mór do chaidreamh gníomhach fiúntach leis an chriú Éireannach ag gach grád a bheith san áireamh i ngach iarratas agus caithfidh cláir a bheith san áireamh a thacaíonn le hiontrálaithe nua, le huasoiliúint, le hinbhuanaitheacht agus ilchineálacht agus ionchuimsiú sna ceantracha in Éirinn atá taobh amuigh de raon 65km ó Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath.
Beidh na méideanna a bheidh ar fáil trasna dhá shnáithe gníomhachtaí agus tá critéir bhreise ar leith atá leo liostaithe thíos:
Teorainneacha Cistithe
- Snáithe a hAon - Tacaíocht Léirithe Scannánaíochta agus Theilifíse Aitiúil
Beidh tionscadail Scannánaíochta agus Theilifíse a bhfuil buiséid iomlána thar €1,000,000 acu in ann cur isteach ar uasiasacht €300,000.
Caithfidh tairiscint iasachta léirithe ó Fís Éireann agus cóimheas caiteachais (sna ceantracha in Éirinn atá taobh amuigh de raon 65km ó Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath) réigiúnach 2:1 ar a laghad a bheith ag comhlachtaí.
Ní féidir le Fís Éireann ach suas le 65% de bhuiséad iomlán an tionscadail a chur ar fáil agus sin le hiasacht léirithe Fís Éireann san áireamh.
- Snáithe a Dó - Tacaíocht Léirithe Gearrscannán Beo-aicsean
Caithfidh cuideachtaí a bheith ag fáil iasacht léirithe Fócas Ar Ghearrscannáin ó Fís Éireann agus beifear in ann cur isteach ar uasiasacht €5,000 maidir le léirithe a bheidh taobh amuigh de raon 65km ó Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath.
- Snáithe a Trí - Beo-aicsean Idirnáisiúnta
Beidh tograí Scannánaíochta Beo-aicsean agus Teilifíse a bhfuil Caiteachas Cruthaitheach Éireannach Ceadaithe acu d’íosmhéid €6,000,000 in ann cur isteach ar uasiasacht suas le €800,000 maidir le léirithe a bheidh taobh amuigh de raon 65km ó Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath.
Ag baint úsáide as Caiteachas Cruthaitheach Éireannach Ceadaithe, caithfidh iarratasóirí giaráil chaiteachais léirithe 25:1 ar a laghad a chruthú.
Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuilimid ag súil go mbeidh iomaíocht don chiste seo agus measfar na hiarratais go léir de réir an cháis le haidhmeanna polasaithe straitéiseacha an Chiste a bhaint amach.
Bronnfar an Iasacht tar éis machnamh a dhéanamh ar an chaiteachas iomlán sna ceantracha in Éirinn atá taobh amuigh de raon 65km ó Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath ab ionann é agus iomlán na gcostas scannánaíochta agus léirithe ina áireofar táillí láithreacha, taisteal, lóistín, per diems, soláthróirí agus seirbhísí áitiúla, lónadóireacht agus tuarastail chléire agus chriú áitiúil.
Conas Iarratas a Chur Isteach
Snáithe a hAon: Caithfidh iarrthóirí an fhoirm iarratais thiomnaithe a líonadh isteach agus a chur isteach trí r-phost chuig applications@screenireland.ie in éineacht lea n-iarratais do chistiú Léirithe Fís Éireann.
Snáithe a Dó: Sula líonfar foirm iarratais, caithfidh iarrthóirí dul i gcomhairle le Ceannaire Dáilte agus Léirithe Gearrscannán Fís Éireann.
Snáithe a Trí: Sula líonfar foirm iarratais, caithfidh iarrthóirí dul i gcomhairle le Ceannaire Léirithe agus Chomhpháirtíochtaí SA Fís Éireann.
Critéir Mheasúnaithe
Tá an Ciste seo roghnaitheach agus thar a bheith iomaíoch agus caithfear ar na hiarratais siúd é is fearr a bhaineann na haidhmeanna agus spriocanna amach atá leagtha amach anseo istigh. Mar aon le hiarrthóirí ag comhlíonadh na Riachtanas Iarratas agus riachtanais an ”Bunús Dlíthiúil”, a bhfuil cur síos air thíos, bunófar cinní faoi na hiarratais ar na critéir agus aidhmeanna a leanas agus measfar na hiarratais ar a n-acmhainn gach aidhm a bhaint amach.
- Ag tacú le fás gníomhaíochta léirithe go forleitheadach in Éirinn go háirithe sna ceantracha nár bhain aon tairbhe go traidisiúnta as gníomhaíocht léirithe rialta (30).
- Ag cur forbairt tallainne ar scáileán agus ar shiúl ón scáileán chun cinn sa láthair mholta. (30).
- Ag cúnamh le fostaíocht áitiúil a thógáil taobh amuigh de na moil léirithe sheanbhunaithe (20).
- Do shnáitheanna a haon agus a trí amháin, conas mar a mholann an léiriú ceann amháin nó níos mó de na spriocanna a leanas a shásamh:
- ag spreagadh an chéad ghlúin eile criú agus tallainne léirithe áitiúil agus/nó;
- ag spreagadh suim an phobail áitiúil i gcoitinne sa togra nó sna tionscail scáileáin go forleathan agus/nó;
- ag mealladh luchtanna féachana nua.
Féach CC/FAQs agus Foirm Iarratais le haghaidh tuilleadh eolais le do thoil.
Spreagtar léirithe le smaoineamh go cruthaitheach agus ar bhealach nua chun ceachtar nó an dá aidhm seo a bhaint amach. Tabhair faoi deara go bhfuil sé scartha agus sa bhreis ar aon phlean fhorbartha scileanna a d’fhéadfadh a bheith de dhíobháil faoi dhreasacht chánach Alt 481 (20).
5. Cuirfear dea-theist an iarrthóra san áireamh freisin.
Beidh ar phainéal Fís Éireann gach cinneadh a fhaomhadh. Ní féidir le tograí a dhiúltaítear a chur isteach arís gan aontú an Cheannaire Scannánaíochta/an Cheannaire Theilifíse/Cheannaire Léirithe agus Chomhpháirtíochtaí SA, mar is cuí.
Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuilimid ag súil go mbeidh iomaíocht don chiste seo agus measfar na hiarratais go léir de réir an cháis le haidhmeanna polasaithe straitéiseacha an Chiste a bhaint amach.
Bunús Dlíthiúil
Tá NAPF faoi réir chur i bhfeidhm rialacha AE maidir le státchabhair.
Oibreoidh Fís Éireann an NAPF faoi Airteagal 54 (“Scéim Cúnaimh i gcomhair Saothar Closamhairc”) Rialacháin Díolúine an Bhaic Ghinearálta (“GBER”). Is beart AE GBER a chuireann díolúintí ar fáil ó chur i bhfeidhm rialachán státchabhair i gcúinsí áirithe.
Nuair atáthar ag cur isteach ar chistiú faoin NAPF, caithfidh iarratais na riachtanais a leanas a shásamh:
- Airteagal 54 an GBER;
(ii) rialacha eile infheidhme GBER (amhail an tionchar dreasachta agus na rialacha carnaithe (nó “démhaoiniú” nuair atá maoiniú eile á chur i bhfeidhm don iarratas/togra céanna); agus
(iii) .An Triail Chultúir ábhartha agus Triail Fhorbartha Thionscail Fís Eireann / Screen Ireland.
Cé go bhfuil freagracht ar Fís Éireann / Screen Ireland géilleadh do riachtanais rialacha státchabhrach, braitheann comhlíonadh ar chomhoibriú na n-iarrthóirí freisin, ina áirítear a ngéilleadh do threoirlínte ábhartha, a n-ionracas ina gcuid iarratas agus ag teacht leis na riachtanais faoi GBER. Ba chóir d'iarrthóirí deimhniú go lorgóidh siad a gcuid comhairle proifisiúnta neamhspleách féin maidir le Státchabhair nuair is gá.
Spriocdháta Iarratais
Measfar iarratais ar bhonn atrátha go gcaithfear an ciste.
Téarmaí & Coinníollacha Breise
- Fanfaidh na Treoirlínte seo agus an Cistiú féin faoi réir athbhreithnithe agus leasú rialta.
- Forchoimeádann Fís Éireann an ceart chun cuid ar bith de na Treoirlínte seo a cheartú nó a shoiléiriú. Sa chás go n-athrófar nó go n-athbhreithneofar na Treoirlínte seo, cuirfear leagan uasdátaithe ar fáil ar www.screenireland.ie agus aithneofar é tríd an mhí agus an bhliain a foilsíodh é. Tá iarrthóirí freagrach as deimhniú go bhfuil siad ag úsáid leagan reatha na dTreoirlínte agus na foirme iarratais. Níl sparánachtaí ón chiste seo déanta gan mheas agus athbhreithneoidh Fís Éireann gach iarratas de réir an cháis.
- Caithfidh gach cáipéis agus ábhar poiblíochta a bhaineann leis an tionscnaíocht agus an infheistíocht seo a mhaoiníonn Fís Éireann, caithfidh sé a rá go bhfuil an ghníomhaíocht “tacaithe ag Ciste Léirithe Breise Forleitheadach na hÉireann de chuid Fís Éireann / Screen Ireland” agus ní mór do lógó Fís Éireann a bheith ann, rud atá ar fáil ach á iarraidh.
Le haghaidh tuilleadh eolais ar an scéim gabh i dteagmháil leo seo a leanas le do thoil.
Snáithe a hAon: keith.potter@screenireland.ie
Snáithe a Dó: emma.scott@screenireland.ie
Snáithe a Trí: steven.davenport@screenireland.ie
Ver. 3 12/12/2023