Hit enter to search or ESC to close
Ciste Léirithe Breise Forleitheadach na hÉireann CC/FAQs

Ciste Léirithe Breise Forleitheadach na hÉireann CC/FAQs

  • Cén bunús a mbeidh an infheistíocht bunaithe air?  

Féach ar na critéir sa ghairm don mhioneolas iomlán le do thoil. Tabhair faoi deara le do thoil, maidir le Critéar 4 ach go háirithe, go mbeidh seo a leanas i bhfeidhm:

Spreagann Fís Éireann iarrthóirí smaoineamh go cruthaitheach agus ar bhealaí nua ar an chritéar seo. Níl a leithéid agus go n-oireann an toise céanna do gach duine ná aon fhreagra choitianta. Ní ghá na spriocanna go léir a leagtar amach a bhaint amach ach caithfidh léirithe sprioc amháin ar a laghad a shásamh ar bhealach fóinteach. Is féidir le léirithe áfach machnamh ar níos mó ná sprioc amháin a chomhlíonadh. Maidir le critéar 4 de táimid ag iarraidh léirithe a chúnóidh chun oidhreacht dheimhneach áitiúil a chruthú nó rannpháirtíocht níos leithne ar fud na tíre  mar thoradh ar ghníomhaíocht léirithe shealadach. Tá an riachtanas seo sa bhreis ar  riachtanais fhorbartha scileanna Alt 481.

I measc na roghanna comhlíonta tá:

  1. Rannpháirtíocht sa phobal;
  2. Meantóireacht nó daoine aonair a bheith san áireamh as ceantracha nár bhain tairbhe go traidisiúnta as gníomhaíocht léirithe rialta;
  3. Ag cruthú oidhreacht thar thréimhse níos faide a rachaidh chun tairbhe don tionscal áitiúil nó don phobal mar thoradh ar an léiriú;
  4. Ag moladh teicnicí nuálacha chun dul i bhfeidhm ar luchtanna féachana nua don togra
  • An bhfuil sparánacht an Chiste in-aisghabhála?

Tá, tá iasachtaí uile Fís Éireann in-aisghabhála.

  • Cá huair a mheasfar sparánachtaí?

Athbhreithneofar sparánachtaí ar bhonn atrátha, agus í mar aidhm go bpróiseálfar an chéad bhabhta chiste eile go luath i mí Éanáir 2024.

  • Cén sainmhíniú a thugtar ar  mhoil léirithe i gCritéar 1?

Glactar leis gur mol léirithe nach bhfuil seanbhunaithe ceann ar bith atá taobh amuigh den raon 65km de bharr nach mbeadh stair nó méid criticiúil gníomhaíochta nó áiseanna acu agus a bheadh ag na moil siúd a bheadh lastigh den raon úr.

  • Cad é an próiseas chun sparánacht a fháil do mo ghearrscannán?

De réir mar atá sna treoirlínte caithfidh do scannán a bheith roghnaithe mar chuid den Chlár Fhócais ar Ghearrscannáin agus gan a bheith tosaithe ar an phríomhghrianghrafadóireacht ag am an iarratais. Eagrófar babhta nua Fócas Ar Ghearrscannáin i mí Eanáir 2024.