Hit enter to search or ESC to close
Tacaíocht um Margaíocht Struchtúrach agus Dáileachán do Chuideachtaí Dáileacháin

Tacaíocht um Margaíocht Struchtúrach agus Dáileachán do Chuideachtaí Dáileacháin

Aithníonn Fís Éireann / Screen Ireland (Screen Ireland) an tréimhse thar a bheith deacair atá ann don earnáil dáileacháin in Éirinn agus iad ag troid chun fanacht i mbun oibriúcháin in ainneoin pictiúrlanna bheith ag dúnadh, moilleanna ábhair agus an chatha reatha le haghaidh spáis taispeántais in amharclanna nach gceadaítear isteach ach líon laghdaithe daoine.

Creideann Fís Éireann go bhfuil ról ríthábhachtach ag cuideachtaí dáileacháin Éireannacha i saolré na scannán arna dtacú ag Fís Éireann agus molaimid an tsárobair atá á déanamh ag an earnáil seo chun an nasc a dhéanamh idir na scannáin, na taispeántóirí agus lucht féachana na hÉireann.

Is tús riachtanach é eisiúint láidir agus rathúil in Éirinn chun rath níos leithne a bhaint amach do scannánóirí agus iad ag leanúint lena n-aistear ó amharchlanna Éireannacha go taispeántais idirnáisiúnta agus saothrú digiteach ar fud an domhain.

Cuireann Fís Éireann fáilte roimh iarratais anois do Thacaíocht um Margaíocht Struchtúrach agus Dáileachán le haghaidh Cuideachtaí Dáileacháin Éireannacha seanbhunaithe.

Féadfaidh cuideachtaí iarratas a dhéanamh ar iasacht um Margaíocht Struchtúrach agus Dáileachán suas le €200,000 le cistiú meaitseála.

Ba cheart go n-úsáidfí Iasacht um Margaíocht Struchtúrach agus Dáileachán (‘maoiniú’) chun bheith mar bhonn agus taca d’fheidhm na gcuideachtaí dáileacháin a bhaineann le margaíocht agus forbairt lucht féachana. I measc na réimsí forbartha arbh fhiú iad a mheas tá taighde ar lucht féachana, forbairt lucht féachana, méadú preasa agus caidrimh phoiblí, comhaontais straitéiseacha (intíre nó idirnáisiúnta), méadú sócmhainní margaíochta agus méadú lucht leanúna ar na meáin shóisialta. Baineann an maoiniú seo le huaillmhian, fás agus athshuíomh laistigh den mhargadh agus an maoiniú a úsáid chun deiseanna a threisiú.

Féadtar an maoiniú a úsáid freisin chun cuideachtaí dáileacháin a spreagadh chun saineolaithe i réimse na margaíochta agus na cumarsáide scannán a lorg, go háirithe iad siúd atá ag úsáid modhanna nua agus nuálacha go héifeachtach chun freastal ar lucht féachana a bhfuil seans ann nach bhfreagróidís ar fheachtais thraidisiúnta.

Féadtar an maoiniú ó Fhís Éireann díriú ar 50% de na costais incháilithe (féach thíos) agus ní mór an 50% eile a mheaitseáil le hacmhainní na cuideachta féin.

Is féidir an maoiniú a tharraingt anuas thar thréimhse 3 bliana ar a mhéad ó dháta críochnaithe na socruithe conartha le Fís Éireann.

Ní féidir aon chostais atá arna gclúdach faoin maoiniú seo bheith ansin mar chuid d’iarratas P+A ar leith chuig Gnáthchiste Tacaíochta Dáileacháin Fhís Éireann.

Is iasacht é an maoiniú agus beidh sé inaisíoctha ó 10% de Ghlanbhrabúis iniúchta agus tuairiscithe na cuideachta (tar éis asbhaintí na ngnáthchostas cuideachta) thar thréimhse cúig bliana. Tabharfar tuairisciú ar bhonn bliantúil ag tosú ar an gcéad bhliain iomlán tar éis síniú an Chomhaontaithe Iasachta le Fís Éireann.

Is féidir leis an maoiniú a bheith ginearálta nó dírithe ar scannán.

Is féidir le costais incháilithe na nithe seo a leanas a chur san áireamh:

  • Costais a bhaineann le Taighde Lucht Féachana agus Forbairt lena n-áirítear Anailísíocht Sonraí
  • Comhaontais straitéiseacha dáileacháin náisiúnta agus idirnáisiúnta a fhorbairt
  • Costais phreasa agus PR lena n-áirítear Laethanta Iltionscadal a óstáil do thaispeántóirí agus don phreas
  • Daoine Riachtanacha a fhostú chun tacú leis an gcuideachta i.e saineolaithe margaíochta, meantóirí gnó srl.
  • Costais mhargaíochta iltionscadail na cuideachta
  • Taisteal chun an chuideachta a chur chun cinn sa tionscal agus do chomhpháirtithe gnó féideartha
  • Taisteal chuig úinéirí pictiúrlann réigiúnach agus pobail faoi ghannionadaíocht
  • Taispeáintí Speisialta do phobail ar leith/taispeáintí cuimhneacháin /athchraoltaí
  • Costais maidir le riachtanais teicneolaíochta a chomhlíonadh do SVT srl.

Critéir Cháilitheachta

Chun bheith incháilithe don chiste seo, ní mór duit a bheith in ann freagra dearfach a thabhairt ar gach ceann de na riachtanais cháilitheachta seo a leanas:

  • Is cuideachta dáileacháin neamhspleách tú atá lonnaithe i bPoblacht na hÉireann.
  • Mar chuid de phríomhobair na cuideachta dáiltear scannáin in Éirinn fud fad na bliana.
  • Tá cuntas teiste cruthaithe ag an gcuideachta bheith ag dáileadh scannáin na hÉireann ar amharclanna.
  • Tá cuntas teiste cruthaithe ag an gcuideachta maidir le scannáin ar bhuiséad íseal agus / nó scannáin dheacra a láimhseáil.
  • Tá cruthúnas ag an gcuideachta caidrimh a bhunú le scannánóirí Éireannacha.
  • Tá cuntas teiste ag an gcuideachta maidir le caidrimh a bhunú leis an earnáil taispeántais.
  • Tá an t-iarratas seo á dhéanamh ag cuideachta nó Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta atá cláraithe, agus lárbhainistithe, i bPoblacht na hÉireann
  • Bhí ​​an gnólacht inmharthana ar bhonn airgeadais roimh Mhárta 2020 agus tá sé in ann a thaispeáint go raibh sé ag feidhmiú go hinbhuanaithe agus/nó nach raibh sé i mbaol nach dtrádálfadh sé go hinmharthana roimh phaindéim COVID-19

Cistiú Meaitseála

Ní mór don iarratasóir cistiú meaitseála 50% a chur ar fáil. Is féidir le cistiú meaitseála bheith mar acmhainní na cuideachta féin nó maoinitheoirí tríú páirtí. Ba cheart go mbeadh iarratasóirí in ann cisitiú meaitseála a aithint ag céim an iarratais agus beidh tarraingt anuas an mhaoinithe bunaithe ar chruthúnas ar an gcistiú meaitseála sin.

Cuirfear an maoiniú ar fad ar fáil ar an gcoinníoll docht go gcloítear le:

  • • Teacht Aniar agus Téarnamh an Rialtais 2020-2021 - Plean Maireachtála le COVID-19
  • • Athchóiriú a dhéanamh ar an Dúshlán ag leanúint lenár dtéarnamh agus ag athnascadh - Rialtas na hÉireann, Meán Fómhair 2021
  • • Treoirlínte an Rialtais Chun Fanacht Sábháilte
  • • Prótacal an Rialtais um Oibriú go Sábháilte

Measúnú

Beidh na critéir chun tograí a mheas bunaithe ar:

  • Plean Tacaíochta um Margaíocht Struchtúrach agus Dáileachán - smaointe ar leathnú cuideachtaí chun lucht féachana agus caidrimh ghnó agus na meán san earnáil a fhás agus a fhorbairt
  • Cuntas teiste an Iarrthóra san earnáil dáileacháin a léiríonn fairsinge saineolais
  • Tiomantas láidir do scannáin na hÉireann agus don earnáil
  • Nuálaíocht - smaointe fáis don chuideachta

An Próiseas Iarratais

Ba cheart go seolfaí Foirm Iarratais Chomhlánaithe chuig applications@screenireland.ie faoi Dé hAoine, an 29 Deireadh Fómhair ag 17:00.  

Ba chóir fiosruithe a sheoladh chuig Emma Scott ag emma.scott@screenireland.ie agus tabharfaimid freagra trí chóras Ceisteanna Coitianta.

Íoslóidí