Hit enter to search or ESC to close
Ciste Leanúnachais Léirithe

Ciste Leanúnachais Léirithe

Faoin Chistiú

Deartar an Ciste Leanúnachais Léirithe  (PCF) chun cúnamh le comhlachtaí léirithe déileáil le héiginnteachtaí a éiríonn de bharr phaindéim COVID-19.

Tá sé ann chun cúnamh le comhlachtaí léirithe na costaisí a chlúdach atá mar thoradh ar tarlú COVID-19 ar seit a bhfuil fianaise leis agus nach gclúdaíonn árachais eile é. Tá an PCF i bhfeidhm go han-rathúil ó 2020 ag cúnamh le léiriú scannánaíochta agus le drámaíocht theilifíse a bheith déanta i dtimpeallacht níos seasmhaí.

Athbhreithnítear na treoirlínte PCF seo ar bhonn leantach. Táthar ag súil faoi láthair go bhfeidhmeoidh an PCF go dtí 31 Nollaig 2023.

Is é uasmhéid an chiste iomláine atá ar fáil €5 mhilliún agus is é €300,000 an t-uasmhéid a bheidh ar fáil d’aon léiriú amháin ar bith. Is féidir le léiriú iléileamh a chur isteach ach ní cheadófar an méid iomlán a éileofar dul thar €300,000. Ní mheasfar léiriú a bheith incháilithe don PCF ach amháin sa chás go gcuirfear an t-iarratas isteach agus go mbreathnóidh Fís Éireann air agus go gcuirfear in iúl don chomhlacht léirithe go gclúdófar faoin scéim é. Nuair a gheofar an fógra cáilitheachta beidh beidh sé i bhfeidhm ar fud thréimhse iomlán na príomhscannánaíochta. Sa chás go mbeadh éileamh rathúil faoin chiste, leagfar aon tarraingt anuas airgid amach i bhfoirm iasachta léirithe agus beidh aon tarraingt anuas airgid i gcás iarratas éilimh inghnóthaithe. Beidh barrachas bainteach le haon hiarratas éilimh de 1% (ríofa de réir luach an éilimh a chuirfear isteach).

Ba chóir do léirithe a ndícheall a dhéanamh clúdach árachais a uasmhéadú in imeacht an lae.

Tá an PCF ar fáil do Phríomhscannán beo-aicsin agus do Dhrámaíocht Theilifíse amháin. Ionas go measfar go mbeidh sé incháilithe caithfidh airgeadas cothromais bheith ag an léiriú ó cheann amháin acu seo a leanas ar a laghad, Fís Éireann, ÚCÉ/BAI, RTÉ, TG4, an Chomhairle Ealaíon, agus/nó Virgin Media. Ní mór do chuid fhiúntach, chomhréireach de chearta na maoine intleachtúil (MI/IP) bheith ag an chomhlacht léirithe Éireannach, bíodh sin mar léiriú bunaidh nó mar chomhléiriú. Ní chlúdaíonn sé ach an oiread léirithe a bhfuil fáil acu ar árachais léirithe nach bhfuil aon eisiaimh iontu a bhaineann le COVID-19. Ní chlúdaíonn an ciste léirithe inmheánacha craoltóra nó éadálacha craoltóra.

Caithfidh Teastas Alt 481 a bheith ag an togra a bheidh mar fhianaise ar an Teist Chultúrtha agus ar Theist Fhorbartha Thionscail.

Próiseas Iarratais – Ráiteas Incháilitheachta
  1. Caithfidh gach léiriú iarratas a dhéanamh ar Fís Éireann agus fógra a fháil ó Fís Éireann gur athbhreithníodh an t-iarratas agus go bhfuil an leiriú incháilithe agus clúdaithe faoin scéim.
  2. Ba chóir go mbeadh na cáipéisí a leanas in éineacht le gach iarratas: barrleathanach an Bhuiséid Léirithe Dhomhanda, Plean Airgeadais iomlán agus deimhniú go mbeidh sreabhadh airgid cuí ag an togra, Árachais Léirithe Iomlána, Teastas Alt 481, Fianaise úinéireachta MI/IP (aontú comhléirithe san áireamh, más bainteach), Prótacail Shláinte & Sábháilteachta iomlána.
  3. Tá incháilitheacht ag brath freisin ar dhearbhú ón chomhlacht léirithe go bhfuil dúnadh airgeadais iomlán curtha i gcrích.
  4. Tá sé bunriachtanach go gcuirfidh léirithe an clúdach árachais is iomláine i bhfeidhm mar a dheanfadh siad de ghnáth le cailliúintí a mhaolú. Níl léirithe a bhfuil teacht acu ar shaghasanna eile clúdach árachais COVID-19 incháilithe. Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar na cáipéisí árachais d’fhéadfadh Fís Éireann eisiaimh a leagan amach a mheasann sí a bheith fóirsteanach nó a bheith ag teacht le gnásanna an mhargaidh.
  5. Is ionann costais inghlactha agus na costais siúd a thiteann amach i bPoblacht na hÉireann chun déileáil le tarlú/tarluithe Covid-19 ar seit agus ina measc siúd bheadh costais chriú agus costais thástála. Ní bheidh costais léirithe stairiúla nó costais a bhí san áireamh i mbuiséad an léirithe cheana. Ní bheidh costais airgeadais, nó táillí forchostais/léirithe san áireamh ach an oiread. Ionas nach mbeidh aon dabht ann faoi, ní bhaineann an PCF ach le cuid Éireannach na Scannánaíochta agus má bhíonn an tarlú/na tarluithe COVID in Éirinn.
  6. Caithfidh aon fhéidearthacht éilimh a chur in iúl láithreach nó d’fhéadfadh sé a bheith neamh-incháilithe.
  7. I gcás tarlú a bheadh ina chúis le caillteanas caithfear Fís Éireann a chur ar an eolas láithreach agus beidh tuilleadh eolais de dhíobháil ar Fís Éireann – ina áireofar sceidil, liostaí foirne agus aonad atá cothrom le dáta, ordbhileoga ó 3 lá roimh an tarlú Covid-19 agus 3 lá ina dhiaidh, achoimre insinte ar an tarlú/na tarluithe atá mar bhunús an éilimh agus gach céim a ghlacadh mar thoradh ar an tarlú/na tarluithe a thit amach, agus aon eolas eile go mb’fhéidir a d’iarródh Fís Éireann leis an éileamh a mheas. Déanfar mionscrúdú ach go háirithe ar ghéilleadh do na protacail ábhartha roimh agus tar éis an tarlaithe/na dtarluithe agfus ní mór do Fís Éireann a bheith den tuairim go bhfuil na costais a thabhaíodh de bharr tarlaithe Covid-19 bailí agus dearbhaithe go hiomlán. Ní chuirfear aon mhéid nach féidir a dhearbhú nó a léiriú ar bhonn fianaise, ní chuirfear  sa mheá nuair a mheasfar an t-éileamh é.
  8. I gcás éilimh ní mór aon mhéid a gheofar ar ais ó fhoinsí eile (amhail airgeadaithe eile agus/nó teacht isteach ó aon éileamh árachais) a áireamh agus a chur in iúl do Fís Éireann.

D’fhéadfadh Fís Éireann, dá rogha féin, duine a cheapadh a bhfuil na cáilíochtaí cuí aige chun déileáil le measúnú a dhéanamh ar mhéid éileamh ar bith.

Tá sé ríthábhachtach go gcoinneoidh an léiritheoir Éireannach Fís Éireann go hiomlán suas chun dáta ag gach uile chéim an léirithe agus ba chóir dul i gcomhairle le Fís Éireann láithreach dá thitfeadh tarlú/tarluithe amach a d’fhéadfadh bheith mar bhun le hiarratas éilimh.

Tuigfear go leagfar amach aon tarraingt anuas ón PCF i bhfoirm iasachta léirithe a bheidh ag teacht le Ceaduithe Státchabhair Fís Éireann.

Caithfidh aon tarraingtí anuas bheith i gcomhréir le rialacha Státchabhrach faoin Dhíolúine Bhloic Ghinearálta freisin maidir le carnadh Státchabhrach.

Beidh creidiúint ag teastáil i bhfoirm dheireanach scannáin sna creidiúintí deiridh – “Tacaithe trí Chiste Leanúnachais Léirithe Rialtas na hÉireann”.

D’fhéadfaí na treoirlínte seo a uasdhátú agus a shoiléiriú.

Íoslódálacha