Hit enter to search or ESC to close
Ficsean – Comhléiriú Cruthaitheach

Ficsean – Comhléiriú Cruthaitheach

Tá an maoiniú seo dírithe ar scannáin fhada bheo-aicsean nó bheochana.

Maidir Leis an Maoiniúchán

Tá an maoiniú seo ar fáil do phríomhscannáin bheoghnímh nó bheochana (níl tionscadail theilifíse bheoghnímh nó bheochana ceadaithe) atá tionscanta lasmuigh d'Éirinn, a bhfuil rannpháirtíocht ag léiritheoir Éireannach iontu mar chomhoibrí cruthaitheach, ní hamháin mar sholáthróir seirbhíse nó sholáthróir mionlaigh an airgeadais atá de dhíth. Ní mór go mbeidh an scannán struchtúrtha mar chomhléiriúchán oifigiúil agus go mbeidh tallann Éireannach a bhfostú ann.

Beidh tosaíocht á tabhairt do thionscadail a bhaineann leas as Éire mar shuíomh scannánú, a léiríonn Éire mar Éire, agus a bhfuil roinnt Ceann Roinne agus/nó aisteoirí Éireannacha a bhfostú ann. Lorgfaí cómhalartacht ó eagraíochtaí maoiniúcháin i ndlínsí eile más cuí.

Maidir le comhléiriúcháin, ní dócha go mbronnfar maoiniú, nó beidh sé teoranta, sna cásanna seo: nuair nach mbeidh aon, nó mórán de, ábhar Éireannach físiúil ann, nó aon ghaol cultúrtha soiléir le hÉire; nuair nach bhfuil aon phríomhscannánú le déanamh in Éirinn; nuair nach bhfuil éinne as foireann chruthaitheach Éireannach ach duine nó beirt aisteoirí/ceann roinne ag obair taobh amuigh d'Éirinn; nó nuair nach bhfuil ach cuid den obair iarléiriúcháin ag tarlú in Éirinn (caithfear súil fhabharach air nuair atá éifeachtaí físe le léiriú in Éirinn).

I bprionsabal, caithfear scannáin a bhfuil maoiniú Comhléiriúcháin Cruthaitheach de chuid Fís Éireann tugtha dóibh a bheith faomhaithe mar chomhléiriúcháin oifigiúla faoi chonradh déthaobhach nó faoin gCoinbhinsiún Eorpach um Chomhléiriú Cineamatagrafach. I gcásanna éisceachtúla nuair atá Fís Éireann sásta an riachtanas seo a tharscaoileadh, caithfidh an scannán a bheith mar chomhléiriú bona fide ina roinntear úinéireacht, cearta agus airgead idir na comhléiritheoirí. Ní tharscaoilfidh Fís Éireann anois leis an riachtanas go gcaithfidh stádas oifigiúil a bheith ann maidir le comhléiriúchán sa Ríocht Aontaithe.

Is féidir scannáin a thugtar maoiniú dóibh faoin scéim Comhléiriúchán Cruthaitheach a dhéanamh in aon teanga.

Cé atá i dTeideal Iarratas a Dhéanamh

Tá maoiniú FÉ/SI do Chomhléiriú Cruthaitheach ar fáil dó léiritheoirí Éireannacha atá ag iarraidh comhléiriú agus comhoibriú a dhéanamh ar phríomhscannán beoghnímh nó beochana a tionscnaíodh lasmuigh d'Éirinn, le rochtain shoiléir acu ar na cearta atá riachtanach chun ábhar a chur in oiriúint don scáileán más gá, le haontú socraithe idir an script-scríbhneoir agus an stiúrthóir, agus atá struchtúrtha mar chomhléiriúchán oifigiúil. 

Conas Iarratas a Dhéanamh

Is féidir iarratas a dhéanamh ar líne anois. Téigh go dtí Déan Iarratas Ar Líne Fís Éireann.

Caithfear aontú a fháil ó Bhainisteoir Tionscadail Fís Éireann sula dhéantar iarratas. 
Más mian leat iarratas ar mhaoiniú a dhéanamh tríd an phost, cur glaoch ar 091 561 398 chun an fhoirm iarratais chuí a fháil.

Spriocdhátaí Cistithe Léirithe 2024
  • An Aoine 16 Feabhra ar 1in 
  • An Aoine 19 Aibreán ar 1in
  • An Aoine 14 Meitheamh ar 1in
  • An Aoine 16 Lúnasa ar 1in 
  • An Aoine 18 Deireadh Fómhair ar 1in
  • An Aoine 13 Nollaig ar 1in

Treoirlínte Cistithe Léirithe

24.01.2024