Hit enter to search or ESC to close
Frameworks - Gaeilge

Frameworks

Maidir Leis an Maoiniú

Is tionscnamh CREATLACHA (FRAMEWORKS) a thacaíonn le scannánóireacht bheochana ghairide. Is scéim shuaitheanta í d’earnáil bheochan na hÉireann a thairg scannáin d’ardchaighdeán go rialta a bhain duaiseanna domhanda amach. Baineann an scéim seo le daoine gairmiúla atá ag obair i dtionscal na beochana cheana agus ní scéim oiliúna í. Comhcheanglóidh na tograí a roghnófar le maoiniú a fháil taiscéalaíocht chruthaitheach leis an chumas chun lucht féachana ginearálta a mhealladh. Tabhair faoi deara, áfach, nach scéim í seo atá dírithe ar pháistí. 

Cómhaoiníonn Fís Éireann agus RTÉ an scéim. Is féidir scannáin a dhéanamh as Béarla nó as Gaeilge (má dhéanfar as Gaeilge iad, beidh fotheidil riachtanach le haghaidh féilte agus díolachán ar fud an domhain). 

Paraiméadair na Scéime

Is féidir le scannáin a bheith idir dhá (2) agus cúig (5) nóiméad ar fhad. Is féidir le buiséid a bheith idir €13,000 agus €14,500 in aghaidh an nóiméid ag brath ar an fhormáid. Aithníonn an scéim go mbíonn barainneachtaí scála ann i scannáin atá níos faide agus mar sin de d’fhéadfadh costas sa nóiméad atá i dtreo bhun an scála a bheith i gceist. 

  • Modh: Glacfar le gach cineál beochana.
  • Seachadadh: DCP & MP4

Ba chóir go sonrófar i mbuiséad an iarratais na costais sheachadta mar a léirítear thuas agus costais fhotheidealaithe más bainteach. 

Tabhair faoi deara le do thoil sa chás go ndéanfar réamhthairiscint forchoimeádaimid an ceart chun buiséid a choigeartú agus faid scripteanna a athrú má cheapaimid go mbeadh seo tairbheach do na tograí. 

Struchtúr na Scéime Frameworks

Tá an scéim seo dírithe ar scéalaíocht ardchaighdeáin, achomair, chruthaitheach a chuirfidh iarrthóirí ar fáil atá ag iarraidh tionchar a dhéanamh ar an ardán intíre agus idirnáisiúnta. Ba chóir d’iarrthóirí taithí roimh ré a léiriú i soláthar beochana ardchaighdeáin. 

Ba chóir don mholadh tallann shármhaith an stiúrthóra agus na foirne cruthaithí a chur i láthair agus a bheith ar chaighdeán scéalaíochta agus fhísiúil atá in ann féilte domhanda agus dáileadh ar fud na cruinne a mhealladh. 

Cuirimid i gcuimhne d’iarrthóirí i gcás scannáin atá níos faide (sé sin, scannáin atá níos faide ná 2 nóiméad ar fhad) go bhfuil sé inmholta iarratas a chur isteach trí stiúideo a mbeidh cumas cruthaithe aige i soláthar tograí beochana ardchaighdeáin. 

Roghnaítear tionscadail Creatlacha ag súil go mbainfidh siad rath idirnáisiúnta amach agus tá sé seo i gceist ach go háirithe mar gheall ar na scannáin a bhfuil buiséid níos mó acu. Craoltar scannáin Creatlacha ar theilifís RTÉ agus ar Sheinnteoir RTÉ. 

Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh?

Cuirtear fáilte roimh iarratais ó fhoirne léiritheora/stiúrthóra/scríbhneora (nuair nach ionann an léiritheoir agus an stiúrthóir) a chuirfidh iarratas isteach trí chomhlacht theoranta atá cláraithe in Éirinn faoi réir threoirlínte incháilitheachta mar a leanas: 

  • Léiritheoirí - ní mór dóibh CV a sholáthar a thaispeánann a gcumas i léiriú beochana. 

  • Stiúrthóirí - ní mór gearrscannán beochana amháin ar a laghad a bheith stiúrtha acu roimhe seo, sin nó sraitheog shuntasach i scannán nó i sraith. 

  • Níl srian ar bith ar líon na gCreatlacha ar féidir le Léiritheoir maoiniú a fháil dóibh ach más amhlaidh áfach gur léirigh léiritheoir Creatlach roimhe ach gur theip air an togra a sholáthar go hiomlán bheadh sé neamh-incháilithe le cur isteach air arís. 

  • Is féidir le Stiúrthóirí iarratais a chur isteach chun níos mó ná scannán CREATLACHA amháin a dhéanamh ach b’fhéidir nach bhfaighfear maoiniú tríd an scéim níos mó ná trí huaire le linn tréimhse deich mbliana. 

  • Ní féidir iarratais a dhéanamh arís maidir le tionscadail a cuireadh isteach dhá uair roimhe agus nár éirigh leo. 

Ionas nach mbeidh aon dabht ann faoi, ní mór don scríbhneoir, don stiúrthóir agus don léiritheoir a bheith ceangailte leis an tionscadal ag céim an iarratais, agus ní mór CV cuimsitheach a chur isteach in aghaidh an duine. Tabhair faoi deara le do thoil nach leor beathaisnéisí. 

Ábhair Iarratais

Ionas gur féidir poitéinseal iarratas a mheas go hiomlán beidh na cáipéisí a leanas ag teastáil: 

  • Líne Mhínithe agus Achoimre
  • Script
  • Samplaí físiúla i.e. carachtair, cúlra srl.
  • Nótaí Stiúrthóra
  • Nótaí Léiritheora
  • Nascanna chuig réamhobair bheochana an stiúrthóra – caithfidh gach nasc Vimeo a aicmiú do gach lucht féachana. Caithfidh an painéal a bheith in ann na creidiúintí roimhe seo a choimhéad ina n-iomláine. Ní chóir blaisíní agus mealltóga a chur isteach. Ní leor nasc IMDB nó nasc láithreáin gréasáin ginearálta. 
  • Buiséad léirithe achomair in Euro 
  • Má tá togra bunaithe ar aon bhunábhair (m.sh. gearrscéal, úrscéal srl…) ba chóir aon cheadanna riachtanacha le haghaidh cóirithe agus/nó imréitigh ábhar cartlainne óna bhfoinsí a chur san áireamh 
  • CVanna cuimsitheacha a léiríonn go soiléir réamhthaithí ábhartha do róil an scríbhneora, an stiúrthóra agus an léiritheora. 
Riachtanais Iarratais

Nóta Tábhachtach ar an Achar Ama

Nuair a bheidh tú ag ullmhú d’iarratais, ba chóir d'iarratasóirí machnamh a dhéanamh ar an tréimhse léirithe. Tá sé mar dhualgas ar an léiritheoir a chinntiú gur féidir cloí leis an sceideal agus leis an bhuiséad agus go bhfuil siad ag obair le tograí a chur i gcrích um an spriocdháta aontaithe. Aithníonn an scéim go n-ídíonn roinnt modhanna beochana níos mó ama agus beifear in ann sprioc-am seachadta a chomhphlé ag céim an chuir i láthair. 

Gnéithe Tábhachtacha den Scéim

  • Ba chóir gurbh í tallann atá ina cónaí i bPoblacht na hÉireann a ghinfeadh agus a thabharfadh ceannaireacht cruthaitheach ar scannáin CREATLACHA (FRAMEWORKS) agus ba chóir go léireodh comhlachtaí léiriúcháin teoranta iad a bheadh cláraithe i bPnaÉ a d’úsáidfeadh foireann a bheadh lonnaithe i bPnaÉ. D’fhéadfadh saoránaigh Éireannacha a bheadh ina gcónaí thar lear ar feadh tamaill a bheith incháilithe freisin.

  • Ionas nach mbeidh aon dabht ann faoi, má tá iarrthóir, rannpháirtí cruthaitheach nó CR ann nach saoránach Éireannach é ná nach gcónaíonn i bPoblacht na hÉireann, níl siad inghlactha chun cur isteach ar an scéim ná le páirt a ghlacadh inti. Machnaigh air seo go cúramach le do thoil sula socrófar ar iarrratas a chur isteach. 

  • Caithfidh léiritheoirí fianaise a sholáthar dá gcumas chun cearta iomlána domhanda gan teorainn ama a aimsiú thar na meáin ar fad atá ann faoi láthair agus do na meáin atá le cruthú go fóill. 

  • Ba chóir aird ar leith a thabhairt ar athchóiriú, ar chearta saoil nó ar aon ábhair cheartlainne a bheidh riachtanach don tionscadal, ag deimhniú go mbeidh na cearta ar fáil ar fud na cruinne gan teorainn ama i ngach foirm na meán. Caithfidh fianaise infhaighteachta ón fhoinse a bheith san áireamh san iarratas agus costais san áireamh sa bhuiséad a leagfar síos. 

  • Má dhéanfar togra a ghearrliostú, ba chóir do stiúrthóir chuideachta de chuid chomhlacht léirithe an iarrthóra a bheith ar fáil don agallamh. 

  • Caithfidh an fhoireann mholta a cumas agus a modh oibre a léiriú chun an tionscadal a chomhlíonadh de réir an sceidil agus de réir na sonraíochta aontaithe. Glacfaidh na maoinitheoirí leis go mbeidh an léiritheoir iomlán freagrach as an tionscadal agus dá réir sin ní mór don léiritheoir a chinntiú go mbeidh a fhoireann iomlán tiomanta don togra sula dtosóidh sé. 

  • Is iad Fís Éireann agus RTÉ maoinitheoirí aonair an togra agus glacfaidh siad róil agus creidiúintí Léiritheora Feidhmiúcháin. Ní féidir foinse chistiúcháin sheachtrach ar bith a chur leis an tairiscint a dhéanfaidh Fís Éireann agus RTÉ. 

  • Beidh na pointí seo a leanas i bhfeidhm maidir le buiséid léirithe na scannán ar fad a dhéanfar faoin scéim: 

    • Ba chóir go mbeidh táillí an Scríbhneora, an Stiúrthóra agus an Léiritheora de réir an bhuiséid, chostais iomlán an tionscadail agus chuspóirí na scéime. Má cheapfar go mbeidh táillí ró-ard, coigeartófar iad do na tionscadail a roghnófar. 

    • Árachas:        Ceadaigh 1.2% an bhuiséid

    • Teagmhais:        Ceadaigh 5% an bhuiséid (ní chóir táille léiriúcháin agus/nó forchostas cuideachta a chur san áireamh) 

  • Beidh cearta faofa ag Fís Éireann agus RTÉ do na gnéithe seo a leanas de gach uile scannán a dhéanfar faoin scéim: 

    • Script deiridh (i gcásanna áirithe d’fhéadfadh na maoinitheoirí eagarthóir scripte a cheapadh)

    • Buiséad

    • Sceideal Léirithe

    • Roghnú aisteoirí, cliar gutha san áireamh - ní mór réamh-fhaomhadh a fháil 

    • Céimeanna Réamhbheochana, Gearradh Réamhlíne agus Gearrthóga Beochana Déiridh 

    •  Teidil Chreidiúna 

  • Dá ndéanfaí aon athruithe suntasacha ar script scannáin rathúil, ar an sceideal, ar an phríomhphearsanra nó ar an fhoireann aisteoirí nach bhfuil faofa ag Fís Éireann agus RTÉ, d’fhéadfaí an cistiú a bheith tarraingthe siar. Má bheidh gá le hathruithe dá leithéid ní mór iad a phlé roimh ré leis na Maoinitheoirí. 

Cearta

Coinneoidh Fís Éireann cearta neamh-eisiacha thar na meáin ar fad in Éirinn agus cearta promóisine neamh-eisiacha do chuid eile an domhain. Coinneoidh RTÉ cearta neamh-eisiacha idirlín agus líon áirithe craolacháin in Éirinn. Fanfaidh an chuid eile de na cearta dáilte leis an scannánóir a thig rogha a dhéanamh idir gníomhaire díolacháin a cheapadh nó an scannán a dháileadh é féin.

Féilte

Eagróidh Fís Éireann cruinniú straitéiseach féilte le scannánóirí de thionscadail a bheidh comhlíonta ina ndéanfar machnamh le chéile ar na roghanna is fearr. Cuirfear buiséad breise teoranta ar fáil do léiritheoirí chun seo a dhéanamh, agus mar sin de ní chóir costais fhéilte a chur san áireamh i mbuiséad an léirithe. 

Nós Imeachta

Measfar na hiarratais agus tabharfar aird ar an chóiriú, ar na nótaí cruthaitheacha agus ar an fhoireann chruthaitheach. Cuirfimid fáilte roimh iarratais a thugann aird ar fhíor-uilghabhálacht agus ar fhíor-ilchineálacht taobh istigh dá n-ábhair agus dá bhfoirne. Beidh sé mar aidhm againn cothromaíocht inscne a bhaint amach trasna na bhfoirne cruthaitheacha a roghnófar. 

Tabharfar cuireadh d’fhoirne gearrliostaithe freastal ar agallaimh. 

An Dóigh Le Hiarratas A Chur Isteach
  • Is féidir iarratais a dhéanamh ar líne anois ag baint úsáid as an chnaipe ‘Déan Iarratas’ ar an leathanach seo. 
  • Dúnfaidh an córas ar líne go huathoibríoch ar 1i.n. Dé hAoine 1 Bealtaine 2026, agus mar sin cinntigh go mbeidh d'iarratas comhlíonta agus seolta go maith chun tosaigh ar an spriocdháta le do thoil mar ní ghlacfar le hiarratais dhéanacha ar an ríomhphost nó ar aon dóigh eile.
  • Measfar iarratais a bheith neamh-incháilithe gan mhachnamh mura gcomhlíonfaidh siad na critéir atá leagtha amach sna treoirlínte seo. 
  • Ní mór d’iarrthóirí iarratais a chur isteach trí chuntas Chuideachta Léirithe/Léiritheora atá sa chóras iarratais ar líne de chuid Fís Éireann. 
  • Má tá ceisteanna ar bith agat maidir leis an scéim seo cuir r-phost le do thoil chuig: shortsapplications@screenireland.ie 
  • Má tá aon cheisteanna teicniúla nó ceisteanna ar bith eile agat agus tú ag déanamh iarratais, cuir r-phost le do thoil chuig: technicalsupport@screenireland.ie 

Is iad an sprioc-am agus spriocdháta ná 1i.n. Dé hAoine 1 Bealtaine 2026. 

Frameworks 31 - 02/03/2026