Hit enter to search or ESC to close
Forbairt Scannán Breise

Forbairt Scannán Lánfhada Breise

Faoin Chistiú

Tá an catagóir seo dírithe go sonrach ar thograí Forbartha atá ag fáil maoiniú Fís Éireann cheana féin. Tá tá tú ag cur togra nua isteach, féách ar na treoirlínte do Mhaoiniú Forbartha Togra. 

Tar éis na chéad chéime forbartha a chur ar fáil agus a dhúnadh leis an Bhainisteoir Thionscadail chuí agus le Cúrsaí Gnó, ba chóir aon iarratais bhreise do Mhaoiniú Forbartha Togra a chur isteach faoin chatagóir seo. 

Caithfidh iarratasóirí faomhadh roimh ré a fháil óna mBainisteoirí Tionscadal sula gcuirfear iarratais isteach. 

Is é an t-uasmhéid a bheidh ar fáil ag aon am amháin ná €75,000. Is é €125,000 an t-uasmhéid iomlán is féidir le Fís Éireann a sholáthar d’aon tionscal amháin. Ní mór aon mhéid de mhaoiniú fhorbartha a thabharfar do thionscal atá thar €75,000, caithfidh sé a bheith cómhaoinithe trí chistiú tríú páirtí ó fhoinsí eile. Ba chóir d’iarratasóirí tabhairt faoi deara gur dóiche go dtairgfear sparánachtaí a bheidh go suntasach níos lú ná an t-uasmhéid de bharr an bhrú atá ar áiseanna Fís Éireann. 

Soláthraíonn Fís Éireann maoiniú forbartha i gcomhair scannánóireachta i mBéarla nó i nGaeilge go príomha, nó i meascán den dá theanga. 

Ní dheimhníonn maoiniú Forbartha na chéad chéime maoiniú breise níos faide ar aghaidh. 

Ní dheimhníonn maoiniú forbartha maoiniú Léirithe ag céim níos déanaí ach an oiread. 

Cinntigh le do thoil go mbeidh Prionsabail agus Critéir Fís Éireann léite agat sula gcuirfear iarratas isteach ar lorg maoinithe. 

Cé is féidir Iarratas a Dhéanamh?

Tá Iasachtaí Breise Forbairt Tograí ar fáil do léiritheoirí Éireannacha (comhlachtaí léirithe neamhspleácha atá cláraithe i bPoblacht na hÉireann a bhfuil oifig agus foireann acu atá lonnaithe i bPoblacht na hÉireann) a bhfuil togra scannáin lánfhada acu ar mhian leo a fhorbairt atá ag fáil maoiniú forbartha togra Fís Éireann cheana féin, a bhfuil teacht soiléir acu ar na cearta riachtanacha d’aon ábhar a bheidh le cur in oiriúint don scáileán, agus a bhfuil comhaontú  acu leis an scríbhneoir scripte scannáin ar mhian leo a choimisiúniú. 

Riachtanais Iarratais

• Líne Mhínithe

• Achoimre

• Dréacht is déanaí na scripte

• Notaí Scríbheoira/Stiúrthóa/Léitheora 

• Notaí an Eagarthóra Scripte 

• Buiséad Forbartha (ní mór Teimpléad Bhuiséad Fís Éireann a úsáid) 

• Fianaise Úinéireacht na gCearta 

Conas Iarratas a Dhéanamh

Is féidir iarratas a dhéanamh ar líne anois. Téigh go dtí Déan Iarratas Ar Líne Fís Éireann. 

Spriocdhátaí Cistithe 2026

  • Dé hAoine 26 Eanáir ar 1in
  • Dé hAoine 23 Márta ar 1in
  • Dé Luain 30 Márta ar 1in
  • Dé hAoine 13 Iúil ar 1in
  • Dé Luain 25 Bealtaine ar 1in
  • Dé Luain 7 Meán Fómhair ar 1in
  • Dé hAoine 26 Deireadh Fómhair ar 1in

Is féidir iarratas a dhéanamh ar líne anois. Téigh go dtí Déan Iarratas Ar Líne Fís Éireann. 

Caithfidh iarratasóirí breathnú ar Treoirlínte Cistithe Forbartha sula gcuirfear iarratas isteach. Mura gcomhlíonfaidh iarratais na critéir atá leagtha amach sna treoirlínte seo measfar go huathoibríoch iad a bheith neamh-incháilithe.  

Más mian leat iarratas a dhéanamh tríd an phost le maoiniú a fháil, déan teagmháil le 091 561 398 leis an fhoirm iarratais chuí a fháil.

16.02.2026