Hit enter to search or ESC to close
Léiriú Beochana (TV)

Léiriú Beochana (TV)

Tá an maoiniú seo dírithe ar shraitheanna TV beochana a cheap agus a dtug tallanna Éireannacha ceannaireacht cruthaitheachta orthu.

Maidir Leis an Maoiniúchán

Tá an maoiniú seo ar fáil do shraitheanna teilifíse beoite ar chuir Éireannaigh ardtallainne tús leo agus a bhfuil Éireannaigh chruthaitheacha ardtallainne - stiúrthóirí, scríbhneoirí, léiritheoirí, beochantóirí - i gceannas orthu. Go hiondúil (ach ní i gcónaí), tabharfaidh an t-ábhar léargas éigin ar chultúr na hÉireann, agus beidh an bhainistíocht phraiticiúil ar siúl ag Éireannaigh don chuid is mó.

Go hiondúil (ach ní i gcónaí), cuirtear maoiniú ar fáil ag Fís Éireann faoin scéim seo do thionscadail atá as Béarla nó as Gaeilge don chuid is mó, nó meascán den dá theanga.

De bharr an mhéadaithe i líon agus i gcaighdeán saothair bheochana in Éirinn le blianta beaga anuas, tá na caighdeáin sa réimse seo tar éis ardú agus tá an earnáil an-iomaitheach ar fad. Ina theannta sin, i réimse gnó ar léir go bhfuil ag éirí go hana-mhaith leis, ba chóir go mbeadh léiritheoirí a chuireann iarratas isteach chuig Fís Éireann le haghaidh tionscadal beochana in ann cás láidir a dhéanamh le cruthú go bhfuil tacaíocht Fís Éireann de dhíth orthu.  

Cé atá i dTeideal Iarratas a Dhéanamh

Tá maoiniú Fís Éireann do Léiriú Beochana (TV) ar fáil do léiritheoirí Éireannacha le clár beoite singil nó sraith bheoite theilifíse ar mian leo a léiriú, le rochtain shoiléir acu ar na cearta atá riachtanach chun ábhar a chur in oiriúint don scáileán más gá, agus le haontú socraithe idir an script-scríbhneoir,  an stiúrthóir agus an phríomhbheochantóir.

Conas Iarratas a Dhéanamh

Is féidir iarratas a dhéanamh ar líne anois. Téigh go dtí Déan Iarratas Ar Líne Fís Éireann.

Caithfear aontú a fháil ó Bhainisteoir Tionscadail Fís Éireann sula dhéantar iarratas. 
Más mian leat iarratas ar mhaoiniú a dhéanamh tríd an phost, cur glaoch ar 091 561 398 chun an fhoirm iarratais chuí a fháil.

Spriocdhátaí Cistithe Léirithe 2024
  • An Aoine 16 Feabhra ar 1in 
  • An Aoine 19 Aibreán ar 1in
  • An Aoine 14 Meitheamh ar 1in
  • An Aoine 16 Lúnasa ar 1in 
  • An Aoine 18 Deireadh Fómhair ar 1in
  • An Aoine 13 Nollaig ar 1in

Treoirlínte Cistithe Léirithe 2024

24.01.2024