Hit enter to search or ESC to close
Cistiú Féile: Féilte Scannánaíochta Éireannacha

Cistiú Féile: Féilte Scannánaíochta Éireannacha

Faoin Chiste

Cuireann Fís Éireann/Screen Ireland cistiú ar fáil do líon teoranta féilte scannánaíochta Éireannacha agus margaí scannán a dhíríonn ar scannáin, teilifís, beochan, cláir fhaisnéise agus geaarrscannáin Éireannacha. Soláthróidh iarrthóirí rathúla deis as cuimse do ghairmithe cruthaitheacha an scáileáin ó Éirinn agus go hidirnáisiúnta caidreamh a bhunú, foghlaim agus gnó a dhéanamh lena chéile i gcomhthéacs féile scannánaíochta spleodrach a chuirfidh chun cinn agus a léireoidh réimse leathan scannán Éireannach.

Ba chóir don fhéile failleanna uathúla a chur ar fáil le tallann scáileáin Éireannaigh agus a gcuid scannán a chur chun cinn mar aon le gairmithe an tionscail scáileáin a spreagadh le bheith páirteach i gcaidreamh faoi na ceisteanna is suntasaí atá an-tábhachtach d’fhás na hearnála amach anseo agus le tionchar a imirt trí dhíospóireacht chriticiúil agus anailís ar ábhar scáileáin.

Cé Is Féidir Iarratas a Chur Isteach?

Tá an ciste seo teoranta d’fhéilte scannánaíochta agus teilifíse atá ar scálaí móra a bhíonn ar siúl ar Oileán na hÉireann a mbeidh cur i láthair láidir ar thionscal an scáileáin cruthaithigh acu. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach bhfuil sé i gceist go gclúdóidh an ciste seo na costais iomlána a bhaineann le reáchtáil imeachtaí/gníomhaíochtaí molta agus ba chóir glacadh le Fís Éireann mar chomhpháirtí tionscail ranníocach.

Spriocdhátaí Iarratais
  • Le haghaidh féilte scannán a bheidh ar siúl i rith na tréimhse 1 Meán Fómhair go 31 Nollaig 2026: Spriocdháta ar an 13 Aibreán 2026.
  • Le haghaidh féilte scannán a bheidh ar siúl i rith na tréimhse 1 Eanáir go 30 Aibreán 2027: Spriocdháta ar an 7 Meán Fómhair 2026.
  • Le haghaidh féilte scannán a bheidh ar siúl i rith na tréimhse 1 Bealtaine go 30 Lúnasa 2027: Spriocdháta ar an 18 Eanáir 2027.
An Chaoi le hIarratas a Chur Isteach
  • Foirm iarratais líonta
  • Moladh mionsonraithe don fhéile ina áireofar sonraí ar na himeachtaí tionscail go léir
  • Gearrchuntas ar an eagraíocht (ina áireofar sonraí an bhoird agus gnásanna rialachais)
  • Buiséad mionsonraithe don imeacht ina áireofar foinsí cistithe/maoinithe eile 
  • Cuntais – seit is déanaí na gcuntas iniúchta  
  • Dearbhú comhlíontachta a thig a íoslódáil ó láithreán gréasáin Fís Éireann más é an chéad uair a chuir an fhéile isteach ar chistiú
Cad é mar a mheasfar iarratais?

Nuair a mheasfar na hiarratais scrúdófar na gnéithe a leanas:  

  • Clár féile a sholáthróidh réimse imeachtaí do ghairmithe an tionscail scannánaíochta a bheith páirteach i gcainteanna agus i ndíospóireachtaí nó deiseanna margaíochta agus failleanna comhléirithe do thograí atá á bhforbairt agus atá ag céim an réamhléirithe.
  • Clár féile a sholáthróidh cur i láthair láidir ar ábhair atá cistithe ag Fís Éireann agus a chabhróidh le cur chun cinn scannánaíocht na hÉireann lastigh de shaolré an togra go háirithe i dtaobh le tacú lena eisiúint amharclainne nó a thóraíocht i gcomhair comhpháirtithe díolachán agus dáilte.
  • Tiomantas féile chun ról tionscail láidir a fhorbairt agus a cumas le buntoscairí coimhthíocha a mhealladh chun páirt a ghlacadh sa chlár chun deiseanna líonraithe a chur ar fáil le tallann cuí as Éirinn ó thaobh na cruthaitheachta de.
  • An cumas le hardán a chur ar fáil do thograí agus do thallann Éireannach chun luchtanna féachana seanbhunaithe, nua agus ilchineálach a mhealladh.
  • Féilte a bhfuil tiomantas acu d’ilchineálacht, d’ionchuimsiú agus do chomhionannas lastigh de chlár na féile.
  • Dea-theist na féile. Tabharfar tosaíocht d’fhéilte atá ag feidhmiú ar feadh 3 bliana nó níos faide.  
  • Eilimintí sainiúla e.g., úsáid na meán sóisialta, cláir agus imeachtaí tionscail ar leith agus úsáid dóigheanna nua éagsúla chun luchtanna féachana a thógáil agus a fhorbairt do scannánaíocht na hÉireann.
Critéir Mheasúnaithe

Marcanna Atá Ar Fáil % 

Scór íosta atá de dhíth

(A) Clár na Féile ina áireofar taispeáintí scannán a mhaoinigh Fís Éireann, máistir-ranganna, imeachtaí painéal agus tionscail. Dáilfear pointí de réir mar a bhainfear spriocanna straitéiseacha Fís Éireann amach faoi na bunthionscadail luchta féachana agus forbartha.   

50 

20 

(B) Réimse rannpháirteachais aíonna tionscail áitiúla agus idirnáisiúnta

10

5

(C) Cé chomh réalaíoch agus indéanta agus atá an moladh atá leagtha amach?

10 

5 

(D) Pleananna margaíochta agus poiblíochta na féile ina áireofar aimsiú lucht féachana ilchineálach.  

20 

10

(E) Pleananna margaíochta agus poiblíochta na féile ina áireofar aimsiú lucht féachana ilchineálach. I dtaca leis seo, má fuair iarrthóir cistiú faoin Scéim roimhe seo, measfear dea-theist an Iarrthóra ina áireofar ceisteanna comhlíontachta le conarthaí ábhartha.

 

 

10 

5 

Iomlán

100% 

- 

 

19.03.2026