Hit enter to search or ESC to close
NUA: Acadaimh Thallainne Náisiúnta  do Chriú - Gairm ar Iarratais

Acadaimh Thallainne Náisiúnta do Chriú - Gairm ar Iarratais

Ag Tacú le Criú Náisiúnta, Réigiúnach agus Ilchineálach

Maidir leis an Maoiniú

Mar ghníomhaireacht náisiúnta do thionscail scannánaíochta, drámaíochta teilifíse, beochana, maisíocht físe, clár faisnéise agus cluichí na hÉireann, is é Fís Éireann páirtí cruthaitheach na hearnála, a infheistíonn i dtallann, sa chruthaitheacht agus i bhfiontar.

Faighimid spreagadh ó bhunscéalaíocht a chorróidh an lucht féachana go mothúchánach sa bhaile agus i bhfad i gcéin. Trí réimse leathan tacaíochtaí maoinithe praiticiúla um fhorbairt, léiriú, dáileachán, cur chun cinn agus forbairt scileanna, tugann Fís Éireann tacaíocht don earnáil ag gach céim. Tugaimid tacaíocht do dhéantóirí scannán agus iad ag tabhairt faoi scéalta ealaíonta, cultúrtha agus tráchtála a roinnt go cruthaitheach ar scáileán.

Mar chuid dár n-infheistíocht leantach i bhfás fórsa saothair inbhuanaithe, ilchineálach agus ionchuimsitheach, tá Fís Éireann ag dáileadh tuilleadh maoiniú le hinfheistiú i bhforbairt leantach ár nAcadamh Tallainne Náisiúnta reatha do Chriú agus táthar ar lorg iarratas trí ghairm oscailte do 3 x Cheanneagraíocht chun treocht na ngníomhaíochtaí atá bunaithe cheana a choinneáil ag dul.

Tá maoiniú €1,000,000 san iomlán ar fáil do ghníomhaíochtaí Shraith 1, 2, 3, 4 agus 5, suas le huasmhéid €400,000 in aghaidh na Ceanneagraíochta, agus an fhéidearthacht ann do mhaoiniú bliantúil breise faoi réir athbhreithniú agus cheadú an bhoird.

Ag dul chun tosaigh agus chun críocha an iarratais seo de, cuirtear síos ar ghníomhaíochtaí Shraitheanna 1, 2, 3, 4 agus 5 mar a leanas:

  • Ba chóir do Ghníomhaíochtaí Shraith 1 a bheith dírithe ar an gcéad ghlúin eile agus ar iontrálaithe nua don chriúfhoireann, ag cur san áireamh fócas ar ilchineálacht agus ar réamhchúrsaí oiliúna a éascóidh gairmithe tionsclaíochta, ar chláir rochtana amhail Passport to Production, ar shocrúcháin íoctha ar léirithe oiriúnacha agus ar imeachtaí gairmthreoracha na chéad ghlúine eile agus ar sheónna bóthair.
  • Ba chóir do Ghníomhaíochtaí Shraith 2 a bheith dírithe ar dhaoine faoi oiliúint atá ag iarraidh dul chun cinn agus iad siúd ar mhian leo aistriú ó earnálacha eile, ag cur san áireamh cúrsaí oiliúna ábhartha agus cúrsaí aistrithe ag an leibhéal cuí a éascóidh gairmithe tionsclaíochta agus socrúcháin íoctha ar léirithe oiriúnacha.
  • Ba chóir do Ghníomhaíochtaí Shraith 3 a bheith dírithe ar bhaill criúnna a bhfuil níos mó taithí acu agus atá aitheanta cheana ach ar mhian leo scilbhisiú le fócas ar chláir oiliúna ardleibhéil a éascóidh criú a bhfuil taithí acu, ar cheannaireacht agus ar scileanna trasnaí cuí eile do chriú aitheanta, mar aon le deiseanna meantóireachta agus scáthfhoghlama.
  • Ba chóir do Ghníomhaíochtaí Shraith 4 a bheith dírithe ar bhaill chriú atá ina Saineolaithe amhail Cinn Roinne ar mhian leo scilbhisiú i ngnéithe macasamhail scileanna ceannasaíochta, léiriú ardleibh agus scileanna teicneolaíochta na todhchaí srl.
  • Is é an rud atá i gceist le Sraith 5 ná aon ghníomhaíocht foghlama agus forbartha bhreise atá dírithe ar phróifíl, infheictheacht, ilchineálacht, inbhuanaitheacht agus acmhainn na hearnála ina hiomlán a mhéadú.

Tabhair faoi deara, thar an maoiniú uilig a gcuirfear isteach air agus a dháilfear, go bhféadfaí go n-úsáidfí uasmhéid 50% go sainiúil le díriú ar riachtanais réigiúnacha áirithe a bheadh aitheanta agus cruthaithe agus go n-úsáidfí an t-iarmhéid le díriú ar riachtanais aitheanta agus chruthaithe níos leithne na hearnála ar bhonn náisiúnta mar aon le díriú ar riachtanais scileanna a aistríonn ar bhonn earnála agus réigiúnach.

Chomh maith leis an maoiniú atá ar fáil arna leagan amach thuas, féadfaidh maoiniú breise a bheith ag Fís Éireann ar féidir le haon Acadamh Criú cur isteach air ar bhonn urghnách in 2025, sa chás go dtarlódh deis shuntasach, thábhachtach a bheadh chun leasa na hearnála. Caithfear dul i gcomhairle le Fís Éireann i dtosach sula gcuirfear aon iarratas isteach ar an gCiste Cúltaca seo.

Beidh maoiniú ag brath ar chomhlíonadh na gcritéar docht agus na gcoinníollacha diana atá leagtha amach thíos.

Is é an spriocdháta chun iarratas a dhéanamh ná 23:59 Dé Luain, an 18 Samhain 2024.

Próiseas Iarratais

Caithfidh iarrthóirí an Fhoirm Iarratais a líonadh isteach (ar fáil trí shuíomh gréasáin Fís Éireann) agus iad ag díriú aird ar phlean 2 bhliain do threocht leantach na nAcadamh Tallainne Náisiúnta do Chriú (ó Eanáir 2025 ar aghaidh) agus á cur isteach trí ríomhphost chuig ntacrewacademy@screenireland.ie (Líne an Ábhair: Aighneacht Chriú don Acadamh Forbartha Tallainne – 2025) um an spriocdháta. 

Ná déan iarratas tríd an gcnaipe ‘Make an Application’ ar shuíomh gréasáin Fís Éireann.

San iarratas ní mór miondealú iomlán a bheith san áireamh ar an struchtúr molta, ar an ngníomhaíocht agus ar na buiséid, mar aon le tuiscint shoiléir ar dheis an Acadaimh Tallainne Náisiúnta agus léiriú ar thaithí shuntasach i bhforbairt a leithéidí de thionscnaimh agus i riar agus in éascú oiliúna ilpháirtithe leasmhara agus do thograí maoiniúcháin ar leibhéal Náisiúnta agus Náisiúnta/Réigiúnach.

Beidh na cinntí bunaithe ar an bhfoirm iarratais agus ar an bhfís ardaidhmeannach a leagfar amach mar chuid den iarratas, lenar chóir criúfhoireann ilchineálach agus réigiúnach a fhás agus bealaí iontrála a chur ar fáil don uile dhuine le dul isteach san earnáil trí shocrúchán nó trí dheiseanna eile de réir mar is gá.

Struchtúr Rialachais agus Ceanneagraíocht

Is cuid de struchtúr an Acadaimh Tallainne Náisiúnta cuibhreannas earnála. Is ionann cuibhreannas agus bunghrúpa eagraíochtaí réigiúnacha agus náisiúnta agus grúpaí ilchineálacha de chuid na hearnála féin a d’fhéadfadh a bheith comhdhéanta de chomhlachtaí léirithe, chraoltóirí, eagraíochtaí cistithe, chriú, chuallachtaí criú, oifigí scannánaíochta, ghrúpaí pobail, shaineolaithe tionsclaíochta náisiúnta agus d’eintitis oideachais agus oiliúna eile a bhfuil baint acu leis an earnáil scáileáin.

Ní mór do gach ceann de na 3 x Cheanneagraíocht leanúint le forbairt an struchtúir cuibhreannais bhunaithe atá ann cheana mar chuid de na hAcadaimh Thallainne Náisiúnta. Caithfidh an Cheanneagraíocht a bheith ina heintiteas cláraithe sa Stát agus a bheith bunaithe sa Stát. 

Glacfaidh an Cheanneagraíocht an phríomhpháirt sa phróiseas iarratais agus má éiríonn léi deimhneoidh sí cur i bhfeidhm tráthúil na ngníomhaíochtaí a moladh san iarratas agus is í a bheas ainmnithe mar eagraíocht chonartha don mhaoiniú a bhronnfar agus beidh uirthi conradh a aontú le Fís Éireann a leagfaidh amach socruithe tuarascála agus garspriocanna.

Caithfidh an Cuibhreannas leanúint le forbairt Ghrúpa Stiúrtha an Chuibhreannais. Ba chóir don Ghrúpa Stiúrtha seo a bheith comhdhéanta d’ionadaithe ó na buneagraíochtaí atá páirteach sa chuibhreannas mar aon le hionadaithe ó Fís Éireann. Ní cheadaítear níos mó ná 10 – 12 bhall ar an nGrúpa Stiúrtha agus ba chóir duine neamhspleách, údarásach ón earnáil a bheith ina chathaoirleach air agus caithfidh ionadaí ainmnithe ó Chuallachtaí Scáileáin na hÉireann a bheith san áireamh mar aon le hionadaithe ó ghrúpaí barrthábhachtacha eile, ina measc fostóirí agus lucht tríú leibhéal.

Is é an ról atá ag Grúpa Stiúrtha an Chuibhreannais ná a chinntiú go ndéantar an clár/na gníomhaíochtaí a aontaíodh mar chuid den chonradh le Fís Éireann a fhorbairt, a mhargú, a sheachadadh, a athbhreithniú agus go ndéantar iad a chomhordú freisin le hAcadaimh Thallainne Náisiúnta eile, chomh maith leis an bhFoireann Scileanna agus Forbartha Gairmiúla de chuid Fís Éireann.

Cinnteoidh an Cheanneagraíocht go mbeidh socruithe earcaíochta agus seachadta an chláir/na gníomhaíochta a aontófar sa chonradh, go mbeidh siad ag teacht le prionsabail an dea-rialachais, ina measc déileáil le coimhlintí leasa. Tacóidh siad freisin le cur chuige comhoibríoch agus comhordaithe le hAcadaimh Thallainne Náisiúnta eile agus leis an bhFoireann Scileanna agus Forbartha Gairmiúla de chuid Fís Éireann.

Measúnú

Is iad seo a leanas critéir mheasúnaithe na dtograí:

  1. An grinneas físe maidir le plean dhá bhliain a fhorbairt do na hAcadaimh Thallainne Náisiúnta do Chriú.
  2. Dea-theist na Ceanneagraíochta a léiríonn fairsinge agus an-chur amach saineolais.
  3. Bua an Mholta i gcoitinne, ag cur san áireamh bua gníomhaíochtaí a mholtar ar fud Shraith 1, Shraith 2, Shraith 3, Shraith 4 agus Shraith 5, lena n-áirítear an chaoi a dtugtar aghaidh ar théamaí trasghearrtha ábhartha.
  4. An tairbhe a bhaineann d’fhás ilchineálach agus inbhuanaithe na hEarnála ar fud na tíre.

I measc na dTéamaí Trasghearrtha tá:

  • Inscne, Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsitheacht
  • An Ghaeilge
  • Ar fud na tíre (ar ar tugadh ‘Forbairt Réigiúnach’ roimhe seo)
  • Teicneolaíocht Nua (lena n-áirítear IS, AR, VR, Léiriú Fíorúil, Ardáin Nua Ar Líne)
  • An Chéad Ghlúin Eile
  • Gairmeacha Beatha Inbhuanaithe (lena n-áirítear Folláine)
  • Inbhuanaitheacht 

Tabhair faoi deara: Ní gá aghaidh a thabhairt ar na téamaí trasghearrtha uilig - ach ba chóir smaoineamh orthu siúd ar tosaíochtaí iad le haghaidh do spriocthairbhithe. 

Coinníollacha

Ní mór don Cheanneagraíocht an páipéarachas uilig a bhaineann leis an gclár/ngníomhaíocht a phróiseáil agus a bhainistiú. Caithfidh an cháipéisíocht agus an t-ábhar poiblíochta uilig a bhaineann leis an gclár/na gníomhaíochtaí a mhaoiníonn Fís Éireann, caithfidh sí a chur in iúl go bhfuil an ghníomhaíocht “tacaithe ag Fís Éireann” agus ní mór dí lógó Fís Éireann a léiriú.

Ní ghlacfar le hiarratais a bheidh déanach.

Dícháileofar iarratais láithreach bonn má dhéantar iarracht ar bith dul i gcion ar bhall den phainéal. Ní mheasfar iarratais easnamhacha agus cuirfear ar ais chuig na hiarrthóirí iad. D’fhéadfadh eolas contráilte moill a chur ar phróiseáil iarratas.

Ní mheasfar iarratais easnamhacha agus cuirfear ar ais chuig na hiarrthóirí iad. D’fhéadfadh eolas contráilte moill a chur ar phróiseáil iarratas.

Forchoimeádann Fís Éireann an ceart chun maoiniú a chur ar fionraí agus/nó a chealú sa chás, dar leis, nach bhfuil Ceanneagraíocht rathúil ag baint amach an tiomantais is gá mar atá leagtha síos sa chonradh.

Gabh i dteagmháil le ange.senior@screenireland.ie chun tuilleadh eolais a fháil faoin scéim. 

Íocaíochtaí Sparánachtaí

Chomh luath agus a chuirfear an Cheanneagraíocht / Cuibhreannas rathúil ar an eolas, tosóidh Fís Éireann an próiseas conartha chun na híocaíochtaí sparánachta a dhéanamh.

Íocfar an sparánacht ar bhonn tráthchodanna:

  • Íocfar an chéad tráthchuid (85% de mhéid na sparánachta) suas go dtí 30 lá i ndiaidh chomhlíonadh sásúil na réamhchoinníollacha.
  • Íocfar an tráthchuid deiridh (15% de mhéid na sparánachta) ach a bhfaighidh agus a bhfaomhfaidh Fís Éireann na nithe seo a leanas:
    • tuairisc scríofa ag deireadh an chláir; agus
    • ráiteas costais iniúchta ar chostas deiridh an chláir arna ullmhú ag comhlacht cuntasóirí cáilithe.
  • Beidh gá le tuairisciú san idirthréimhse agus leagfar sin amach sa chonradh idir Fís Éireann agus an Cheanneagraíocht.
  • Thairis sin, i gcás eagraíochtaí a fhaigheann maoiniú roinnt blianta as a chéile, déanfar athbhreithniú agus meastóireacht níos substaintiúla thart ar gach 2-3 bliana.
  • I gcás aon eagraíocht a bhí ina Ceanneagraíocht cheana féin, asbhainfear cistí ar bith nár caitheadh amhail deireadh 2024 ón méid a dámhadh. 

Cáipéisíocht Chonarthach a mBeidh Gá Léi

  1. Ainm Cheanneagraíocht an Chuibhreannais
  2. Ainmneacha Bhalleagraíochtaí an Chuibhreannais
  3. Ainmneacha na mBall i nGrúpa Stiúrtha an Chuibhreannais
  4. Ainm Chathaoirleach Ghrúpa Stiúrtha an Chuibhreannais
  5. Sonraí Teagmhála na Ceanneagraíochta
  6. Foireann Bainistíochta agus Bord Stiúrthóirí na Ceanneagraíochta (más bainteach)
  7. Sonraí Cuntais Bainc (in ainm na Ceanneagraíochta) lena n-áireofar: Ainm an bhainc, Seoladh an bhainc, Ainm an chuntais bainc IBAN, Swift/BIC, Uimhir Cuntais Bainc agus sainordú bainc atá forghníomhaithe go hiomlán
  8. Cóip de cháipéisíocht bhunreachtúil chomhlachta na Ceanneagraíochta agus cóip de rún a bhoird stiúrtha a údaraíonn glacadh agus cur i bhfeidhm an chonartha
  9. Cóip de cháipéisíocht bhunreachtúil chomhlachta Bhalleagraíochtaí an Chuibhreannais
  10. Sonraí Deimhnithe Imréitigh Cánach atá cothrom le dáta don Cheanneagraíocht
  11. Plean Buiséid agus Maoinithe don Chlár molta
  12. Líon iomlán cuntas iniúchta don Cheanneagraíocht do na blianta 2022 agus 2023 a léireoidh inmharthanacht airgeadais leantach na Ceanneagraíochta
  13. Fianaise ar pholasaí árachais a chlúdóidh an clár/ghníomhaíocht atá molta (íoschlúdach riachtanach, slánaíocht dliteanais phoiblí fad a bheidh na gníomhaíochtaí ar siúl a leagfar amach sa Bhuiséad agus/nó sa Chlár atá molta le teorainneacha nach lú ná €6,500,000 mar aon le dliteanas fostóra le teorainneacha nach lú ná €13,000,000)
  14. Dearbhú go bhfuil an Eagraíocht cláraithe leis an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (más bainteach) de réir na nAchtanna um an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (Leanaí agus Daoine Soghonta), 2012 go dtí 2016
  15. Cóip de shraith beartas na Ceanneagraíochta, nuair atá siad ar fáil, lena n-áirítear beartas um dhínit san ionad oibre, beartas comhionannais, éagsúlachta agus ionchuimsitheachta, beartas cosanta leanaí, beartas inbhuanaitheachta, agus nósanna imeachta casaoide.
  16. Cóip de na sainorduithe bainc lánfheidhmithe maidir le cuntas bainc na Ceanneagraíochta 

Íoslódálacha Reatha

Foirm Iarratais - Béarla

Foirm Iarratais - Gaeilge