Hit enter to search or ESC to close
Tacaíocht Dháilte

Tacaíocht Dháilte

Faoin Chistiú 

Tá cistiú le haghaidh Tacaíochta Dháileacháin ar fáil do chuideachtaí Dháileacháin na hÉireann atá ag eisiúint scannán ó thaobh na hamharclainne de ar oileán na hÉireann, ar thacaigh Fís Éireann leo. Úsáidfear an cistiú seo sa bhreis ar chostaisí eisiúna ginearálta an Dáileora seachas ina n-ionad siúd. 

Tá cistiú ar fáil le scóip agus infheictheacht an scannáin a fheabhsú i bpictiúrlanna in Éirinn (Tuaisceart na hÉireann san áireamh). Níl ach príomhscannáin atá ag fáil Cistithe Léirithe nó Críochnaithe ó Fís Éireann cheana atá incháilithe chun cur isteach air seo. 

Faoi scéim seo cuirfidh Fís Éireann le costais incháilithe bholscaireachta agus mhargaíochta scannán cáilithe sa mhargadh Éireannach. Glactar leo seo a leanas mar chostais incháilithe. 

COSTAIS INCHÁILITHE 

  •  Costais spáis sna meáin: TV, na nuachtáin, raidió, taobh amuigh, ar líne  
  • Ábhair mhargaíochta dhigiteacha 
  • Costais phoiblíochta: Léirithe sna meán, cuairteanna tallainne, féilte in Éirinn* 
  • Táillí gníomhaireachtaí CP, muna láimhseofar an obair seo go hinmheánach agus má tá sé formheasta ag Fís Éireann 
  • Costais réamhfhógráin: Dearadh agus eagarthóireacht tréiléir, suíomh gréasáin, léirithe cainte, cur ar aghaidh speisialta, monarú agus dáileadh earraí i gcomhair úsáid bolscaireachta amháin**
  • Costais inrochtaineachta: Cruthú ábhar chun inrochtaineacht a cheadú agus a fheabhsú do gach cineál lucht féachana agus iad siúd atá faoi mhíchumas san áireamh 
  • Costais d’eisiúint amharclannach teoranta sa RA más amhlaidh go bhfuil cearta RA ag an Dáileoir Éireannach. 

Glactar leis go mbeidh dáileoirí freagrach as ullmhú scannáin don eisiúint sa mhargadh Éireannach (agus i margadh an RA más cuí) mar chuid dá gcostais ghnó ghinearálta. Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil na costais a leanas neamh-incháilithe: 

COSTAIS NEAMH-INCHÁILITHE

  •  Forchostais chuideachta ina áirítear costais fhoirne 
  • Alcól 
  • Lónadóireacht 
  • Bronntanais 
  • Breosla, míleáiste, dolaí bóthair, páirceáil 
  • Tacsaithe (ach amháin i gcás tallainne nuair is gá) 
  • Aighneachtaí Gradaim m.sh. IFTAs – gan dul thar 50% an chostais 
  •  Costais Dháileora a bhaineann lena bhunchostais éisiúna 
  • Costais chruthaitheachta i dtaobh le croí-ealaín, póstaeir, fógraí sna páipéir, spótaí TV/raidió, leabhar preasa don RA agus tíortha eile (glacfar le costais mhionathruithe ar na hábhair seo d’Éirinn) 
  • Costais maidir le cruthú DCPanna bíodh sé don scannán nó do réamhfhógrán 
  •  Costais dheimhniúcháin 
  • Costais sheolta, costais rianaithe  
Comhaontuithe Fodháilte / Seirbhíse 

Sa chás go mbeidh comhlachtaí Dáileacháin Éireannacha ag fodháileadh nó ag seirbhísiú scannán, leasófar aon chistiú a bhronnfar de réir caiteachais fhoriomláin agus phlean gach eisiúna. Glactar leis go gclúdóidh an príomhdáileoir mórchuid na gcostaisí agus nach mbeidh i gceist san iarratas chuig Fís Éireann ach na costais bhreise a thabhóidh an comhlacht dáileacháin Éireannach chun an éisiúint a mhéadú abhus anseo.  

Ba chóir a bheith an-chúramach nuair a bheifear ag roinnt costas Éireannach agus RA/costas eachtrannacha ag céim an iarratais. 

Ní mór do na táillí a íocfar don dáileoir Éireannach a bheith leagtha amach go soiléir sa chomhaontú fhodháilte/sheirbhíse agus ní féidir leo a bheith mar chuid den bhuiséad chaiteachais incháilithe. 

Go hiondúil, beifear ag súil le méid níos lú cistithe do scannáin a eiseofar faoi chomhaontú fhodháilte. 

* Do scannáin a thaispeánfar ag féilte agus imeachtaí Éireannacha a bheas ag fáil cistiú ó Fís Éireann cheana, caithfidh Dáileoirí a dheimhniú nach dtarlóidh maoiniú dúbailte. 
** Bíonn Fís Éireann ag dúil go dtáirgfear gníomhaíocht bholscaireachta nó eile (amhail íomhánna agus bróisiúir chlóbhuailte, T-léinte srl …) ar chaoi a bheas inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. 

Critéir

Braithfidh socrú Fís Éireann chun cuidiú le heisiúint scannán cáilithe in Éirinn, agus sa RA i gcúinsí teoranta, ar mheasúnú deimhnitheach ar fheachtas an dáileora, ar an phlean eisiúna agus ar an bhuiséad P&B foriomlán. Ba chóir d’iarratas léiriú cad é mar a chuideodh Tacaíocht Dháileacháin Fís Éireann leis an scannán a bheith fógartha and curtha chun cinn ar bhonn níos éifeachtaí i gcomparáid le tacaíocht áiseanna an dáileora amháin a bheith ar fáil chuige sin. 

Cé Is Féidir Iarratas a Dhéanamh? 

Tá maoiniú Tacaíochta Dáileacháin Fís Éireann ar fáil do chomhlachtaí dáiliúcháin bona fide atá bunaithe i bPoblacht na hÉireann a bhfuil sé de rún acu scannán cáilithe a eisiúint d’amharclanna in Éirinn (Tuaisceart na hÉireann san áireamh), agus sa RA i gcúinsí teoranta. 

Sa chaoi is go nglacfar leis mar chomhlacht dáiliúcháin bona fide, agus a bheith incháilithe dá réir le hiarratas a chur isteach faoin scéim seo, ní mór don iarratasóir a bheith in ann a léiriú go bhfuil sé i mbun gnó ag dáileadh scannán go rialta sa mhargadh Éireannach. Níl maoiniú ar fáil faoin scéim seo do chomhlachtaí neamhÉireannacha atá ag pleanáil le scannán cáilithe a dháileadh go díreach sa mhargadh Éireannach. 

Is ionann scannáin cháilithe maidir leis an scéim seo de agus scannáin fhada (ficsean, beochan nó scannán faisnéise) atá ag fáil Cistithe Léirithe nó Críochnaithe ó Fís Éireann cheana féin. Léireoidh scannáin incháilithe go bhfuil deis amharclannach shásúil ar fáil roimh chraobhscaoileadh nó eisiúint ardáin sa dúiche. 

Ní mór do chostais atá roinnte le críocha eile i.e. an RA a bheith leagtha amach go soiléir san iarratas agus sa tuairisciú deiridh a chuirfear chuig Fís Éireann tar éis an chraobhscaoilte. Sa chaoi is gur féidir costais chraobhscaoileadh amharclannacha teoranta RA a mheas mar incháilithe, caithfidh an chuideachta iarratasóra fianaise shásúil a chur ar fáil go bhfuair sí seilbh ar chearta riachtanacha an scannáin incháilithe don mhargadh sa RA.  

Ní féidir Fís Éireann ach conradh a dhéanamh le comhlachtaí atá ionchorpraithe i bPoblacht na hÉireann. 

Cuirtear iasachtaí Tacaíochta Dáileacháin ar fáil ar bhunús iasacht cheart-chúitimh theoranta a bheas in-aisghabhála ó sciar an ioncaim a gheobhfar trí shaothrú an scannáin. Beidh aisíoc an iasachta seo infheidhme nuair a gheobhaidh an dáileoir a chuid costas agus coimisiún ar ais, costais a aontófar roimh ré le Fís Éireann. 

Is féidir le le dáileoirí iarratas a chur isteach ar chistiú Thacaíochta Dáileacháin le 90% de na costais incháilithe a chlúdach, go dtí uasmhéid €100,000. Caithfear a chur ina luí ar Fís Éireann go ndéanfaidh an deontas a iarrfar difear do thoradh an scannáin agus go mbeidh sé sa bhreis go fírinne in ionad athsholáthair airgid a mbeadh sé réasúnta glacadh leis a d’infheisteodh an dáileoir, ag cuimhneamh ar shúilíochtaí cruthaitheacha agus tráchtála an scannáin. 

Tabhair faoi deara le do thoil nach mbronnfar an t-uasmhéid cistithe ach amháin nuair atá infheistiú suntasach ón dáileoir Éireannach agus nuair a chomhlíonfar na critéir go léir. Ba chóir don iarratasóir scála eisiúna agus gealladh an scannáin a léiriú go soiléir. 

Ag Cur Iarratas Isteach 

Is féidir iarratais a dhéanamh ar líne ag baint úsáide as an chnaipe ‘Déan Iarratas’ ar an leathanach seo. Mura gcomhlíonfaidh iarratais na critéir atá leagtha amach sna treoirlínte seo tarraingeofar amach go huathoibríoch iad. 

Is féidir na spriocdhátaí iarratas do 2026 a aimsiú sna Treoirlínte Cistithe Léirithe agus sa taobh-bharra ar thaobh chlé an leathanaigh seo. D’fhéadfadh go ndéanfaí machnamh ar iarratais dháileacháin taobh amuigh de na spriocdhátaí seo ar bhonn eisceachtúil dá gcuirfí cúis an-láidir i láthair agus dá nglacfadh an Ceannasaí Lucht Féachana leis. 

Ní mór dul i gcomhairle le Ceannasaí Lucht Féachana Fís Éireann, Emma Scot, sular ndéanfar iarratas. Caithfidh cóip an scannáin a chur ar fáil don Cheannasaí Lucht Féachana chun féachaint air sula gcuirfear iarratas isteach. 

Más mian leat iarratas cistithe a dhéanamh tríd an phost, cuir scairt ar 091 561 398 don fhoirm iarratais chuí. 

Tabhair faoi deara más é do thoil é go ndúnfaidh an tairseach iarratas ar 1in ar lá an spriocdháta iarratais. 

Spriocdhátaí d’Iarratais Dáileacháin le haghaidh 2026

  • Dé hAoine 12 Eanáir ar 1in
  • Dé hAoine 23 Márta ar 1in
  • Dé hAoine 13 Iúil ar 1in
  • Dé hAoine 26 Deireadh Fómhair ar 1in

Déan Iarratas

03.03.2026