Prionsabail Bhunúsacha
Maidir le measúnú agus cinní Fís Éireann i dtaobh le cúsraí maoinithe de, treoraíonn factóirí iad seo ina áirítear fiúntais eagarthóireachta agus chruthaitheachta mar aon le roinnt ceisteanna infheistíochta tábhachtacha.
Tá ár bprionsabail mheasúnaithe roinnte faoi na ceannteidil a leanas:
- Fís Chruthaitheach
- Forbairt Thallainne
- Teacht ar Luchtanna Féachana
- Cultúr & Breisíocht
- Fás Tionscail & Uaillmhian Chruthaitheach
Fís Chruthaitheach
Tacaíonn Fís Éireann le soláthar saothar closamhairc ardchaighdeáin. Táimid tiomanta do mhaoiniú tograí atá ar luach méadaithe don mhargadh intíre agus idirnáisiúnta, a léiríonn ár láidreacht féiniúlachta, cruthaitheachta agus scéalaíochta ar dhóigh shoiléir, chumhachtach, bharántúil.
Beidh ár gcéad mhachnamh i dtaobh le tacaíocht chiste a thabhairt do thogra bunaithe ar na spriocanna eagarthóireachta a leanas:
- Grinneas Físe
- Inchreidteacht & Úrnuacht
Ní mór do gach togra a aidhmeanna agus spriocanna a léiriú go soiléir agus conas mar a bheidh sé i gceist aige na spriocanna seo a bhaint amach nó conas mar a baineadh amach cheana iad (maidir le cistiú forbartha de).
Grinneas Físe
Is fearr moltaí cistithe a bheidh soiléir agus achomair i dtaobh lena n-iarratais de, a léireoidh an deis go díreach agus a leagfaidh amach an chonair chun tosaigh i dtaobh leis an mholadh chruthaitheach agus lena aistear. Is féidir grinneas a bhaint amach trí scrúdú mion a dhéanamh ar ní amháin an moladh leathan agus an cur i láthair ach ar dheimhniú go léireofar an domhan cruthaitheach, na carachtair agus téamaí leathana aon aighneacht go soiléir lastigh den mholadh. Cé go mbeidh scóip i gcomhair forbairt leanúnach, beidh ar iarratais Léirithe a bheith go hiomlán cruthaithe, agus go dtuigfear agus go measfar bunchruth na n-eilimintí cruthaitheacha thuasluaite. I gcás Forbairt, cé nach mbeidh cuid de na heilimintí seo lánfhorbartha, ní mór do léiriú intinne agus cur chuige soiléir a bheith ar fáil.
Inchreidteacht & Úrnuacht
Díreofar cistiú Fís Éireann i dtreo tograí a mbeidh aidhmeanna iontaofa agus úrnua acu, a dheimhneoidh saothair chruthaitheacha ardchaighdeán, trí thallanna scríbhneoirí, stiúrthóirí, léiritheoirí agus bunphearsanra eile de chuid na hÉireann.
I gcroílár chistiú Fís Éireann is í tacaíocht scéalaíochta atá úr, uaillmhianach agus barántúil a chuirfidh dearcadh nua ar fáil agus a thiomáinfidh ciall agus tuiscint dhifriúil ar scáileán. Cruthaíonn sí seo deiseanna chun réimse leathan insintí éagsúla tallannthiomáinte a chur chun tosaigh a rachaidh i bhfeidhm ar luchtanna féachana mar gheall ar a nguthanna sainiúla iontaofa ó nádúr, a leagfaidh GDL (USP) ar leith amach i ndeireadh na dála.
Beidh cinní cistithe chun tairbhe na dtallann cruthaitheach siúd a thabharfaidh dearcadh sainiúil láidir ar an domhain chuig an scáileán, agus a chruthóidh saothair a thabharfaidh cur chuige nua agus/nó athbheochanta chuig an eispéireas sin.
Ní chiallaíonn na riachtanais seo go seachnófar foirmeacha nó seánraí reatha, ach ina ionad sin go mbeidh cur chuige úr agus smaointe nua ag na scríbhneoirí, stiúrthóirí agus léiritheoirí Éireannacha a dtacófar leo maidir leis na foirmeacha nó seánraí seo.
Toisc go bhfuil an acmhainn teoranta don mhargadh beidh ar thallann na hÉireann a bheith in ann comhoibriú le tallann ó thíortha eile ar thograí a mhaoineoidh Fís Éireann, agus leanfaidh úrnuacht de bheith ina factóir mar chuid de mheasúnú chomhthallanna na bpáirtithe go léir a bheidh páirteach.
Forbairt Thallainne
Is í forbairt thallainne na hÉireann atá i gcroílár chistiú Fís Éireann ina áirítear réimse leathan guthanna agus cúlraí éagsúla. Spreagaimid agus lorgaimid deiseanna go gníomhach chun tacú le réimse leathan léargas agus deacadh atá ag méadú trí ná tograí agus na scéalta a mhaoinímid, ag leagan sprioc infheistíochta Éireannach amach atá ionchuimsitheach agus leathan i dtéarmaí na tallainne a thacaítear léi agus a chuirtear ardán ar fáil di lena scéal a insint.
Tabharfar tús áite láidir d’aighneachtaí:
- a thosaigh in Éirinn ó thaobh cruthaitheachta de; sé sin, gur tallanna Éireannacha a shamhlaigh, a scríobh, a léirigh agus/nó a stiúróidh iad,
- ina mbeidh tallann Éireannach nua, éiritheach agus éagsúil i mbunróil chruthaitheacha, i.e. stiúrthóir, scríbhneoir, léiritheoir, cumadóir, príomhaisteoir agus ceannairí eile rannóga.
Teacht ar Luchtanna Féachana
Tá fócas Fís Éireann ag méadú ar dheimhniú go mbeidh cinní cistithe i bhfách le tograí a bheidh dírithe go soiléir ar lucht féachana cuí.
Ní chiallaíonn sé seo nach bhfuil suim ag Fís Éireann ach i dtacaíocht a sholáthar d’ábhar a mbeidh dóchúlacht thráchtála ann ach ina ionad sin go mbeidh sí sásta tograí a mheas a bheidh tarraingteach do speictream leathan luchtanna féachana, bíodh siad brabúsach, ó thithe ealaíne, ina bhfreastalaithe féilte nó trasardáin srl.
Cuirfear béim ar leith ar acmhainn thogra chun dul i bhfeidhm ar a lucht féachana beartaithe, mar aon le cur chuige agus scála pleanáilte an togra. Ní mór do dheis shoiléir do lucht féachana a bheith ann agus a bheith léirithe mar chuid de gach moladh aonair a mbeidh fócas ann dul i bhfeidhm ar phobail nua agus éagsúla agus ar speictream leathan suimeanna.
Cultúr & breaisíocht
Le bheith i gcomhréir lena sainchúram Rialtais agus le bheith freagrach do riachtanais thionscal léirithe chlosamharc na hÉireann measann Fís Éireann gur tosaíochtaí soiléire tograí áirithe dá cuid cistithe i dtéarmaí a n-ábhar, a bhfoinsí nó a dtairbhí don tionscal.
Cultúr
Leagann Fís Éireann tábhacht méadaithe ar thograí agus ar aighneachtaí a thugann léargas cultúrtha agus ina bhfuil dearcaidh Éireannacha uathúla. Aithnítear mar chuid dár n-athbhreithniú iarratais a thugann deiseanna breise ár gcultúr agus ár dtraidisiúin shaibhre a léiriú agus tá sí mar aidhm againn a chinntiú go dtacófar le speictream téamaí traidisiúnta agus comhaimseartha agus ábhaír Éireannacha mar chuid dár gcistiú. Ina measc anseo tá ábhar a dhíríonn ar oidhreacht na hÉireann, Pobail ilchineálacha agus Tírdhreach agus a bhfuil baint chomhaimseartha do léargas agus stair na hÉireann ann.
Tabharfar tús áite láidir d’aighneachtaí:
- a inseoidh scéalta Éireannacha a bheidh bunaithe ar agus a léireoidh cultúr, stair, modh maireachtála na hÉireann, a dearcadh ar an tsaol agus uirthi féin;
- a dhéanfar go hiomlán nó go príomha as Gaeilge.
Breisíocht
Is réasúnaíocht riachtanach í le hairgead poiblí a sholáthar do thionscal gur chóir dó gníomhaíocht a chruthú nach dtarlódh achab é, i.e. nach spreagfadh an margadh as féin. Fágann sé sin gur chóir gurbh iad na saothair chlosamhairc a dtugfadh Fís Éireann tacaíocht airgid dóibh na cinn nach ndéanfaí, nó nach ndéanfaí leis an leibhéal chéanna tairbhe d’Éirinn, gan an tacaíocht ó Fís Éireann. Cuireann a leithéid de shaothair chlosamhairc agus na tairbhí a shíolraíonn uathu gníomhaíocht gheilleagrach ‘bhreise’ ar fáil.
Ní chiallaíonn sé seo nach bhfuil suim ag Fís Éireann ach i dtacaíocht a sholáthar in ábhar a mbeidh dóchúlacht thráchtála theoranta ann. Tá neart fianaise inár stair chlosamhairc le léiriú gur minic gur tograí ceannródaíocha na tionscadail rathúla. Tabharfaidh Fís Éireann tacaíocht fhuinniúil do léiritheoirí a léireoidh mian le rath margaíochta a bhaint amach agus do thograí a léireoidh tuiscint ar an mhargadh ach ag an am céanna a thabharfaidh dúshlán do dhearcaidh reatha ar a bhfuil áit an mhargaidh ag súil leis.
Fás tionscail & uaillmhian chruthaitheach
Tacaíonn Fís Éireann freisin le hinfheistíochtaí a chuireann treocht fháis mhéadaithe ar fáil d’Earnáil Chlosamhairc na hÉireann, ag baint nuálaíocht bhreise amach i scéalaíocht chruthaitheach, ag díriú ar dheiseanna áitiúla agus idirnáisiúnta agus ag tógáil léiritheoirí cruthaitheacha, tallann agus tionscal níos leithne ar scála níos mó trí chomhpháirtíocht idirnáisiúnta agus feiceálacht mhéadaithe, le linn dóibh a bheith ag tacú le fostaíocht leanúnach agus caiteachas i ngeilleagar na hÉireann freisin.
Tabharfar aird dháiríre ar aighneachtaí:
- a mholfaidh togra fíor-Éireannach (maidir le suíomh, carachtair, srl.) a mbeidh infheistíocht idirnáisiúnta aige agus ar chomhpháirtíocht é idir tallann Éireannach agus siúd nach Éireannaigh iad.
- a mbeidh léiritheoir Éireannach páirteach ann mar chomhléiritheoir mionlaigh nuair a bheidh (a) Fís Éireann cinnte de cháilíocht an togra agus (b) méid infheistíochta Fís Éireann ag teacht le leibhéal rannpháirteachais pearsanra Éireannach, eilimintí (siút, iarléiriú, srl.) agus áiseanna sa togra.
Beidh Fís Éireann faireach i gcónaí le cinntiú go gcaithfear méid ard infheistíocht ar bith ar phearsanra Éireannach agus sa tionscal Éireannach, agus is é is dóiche go mbeidh tionchar díreach ar ghné seo aighneachta ar chinneadh dheimhnitheach.
Tuilleadh Machnaimh
Déanfar machnamh breise freisin i dtaobh le:
Dea-theist an Léiritheora
- Ar bhainistigh agus ar sholáthraigh an léiritheoir saothair chlosamhairc ar dhóigh phroifisiúnta agus éifeachtach roimhe?
- An raibh taithí dheimhneach roimh ré ag Fís Éireann nuair a bhíothas ag plé leis an léiritheoir agus leis an fhoireann chruthaitheach?
- I gcomhléiriú, an bhfuil dea-theisteanna proifisiúnta ag cuid ar bith de na léiritheoirí nach Éireannaigh iad?
Fostaíocht Éireannach
- An bhfostófar pearsanra Éireannach sna bunróil chruthaitheacha agus theicniúla?
- I gcomhléiriú, an bhfuil comhréir na ngnéithe seo oiriúnach?
- An gcuirfidh an léiriú fostaíocht den scoth ar fáil do phearsanra Éireannach trasna gach grád a bheidh ar fáil?
Caiteachas i ngeilleagar na hÉireann
- An ndéanfar an saothar i bPoblacht na hÉireann?
- An mbainfidh an togra an-chuid úsáid as áiseanna léirithe agus iarléirithe in Éirinn?
- An meallfaidh an togra infheistíocht isteach i ngeilleagar na hÉireann?
Díolacháin agus Dáileadh
- An bhfuil sprioc maidir le díolacháin idirnáisiúnta don scannán nó don tsraith theilifíse?
- An bhfuil dáileoir ceangailte leis an togra?
- An bhfuil aon ghníomhairí díolacháin, dáileoirí nó craoltóirí ag cur airgeadais léirithe ar fáil?
Struchtúr Airgeadais
- An bhfuil comhairgeadaithe molta an scánnáin nó an chláir theilifíse iontaofa?
- An ligfidh na socruithe airgeadais do Fís Éireann cur chuige aisghabhála réasúnta a shocrú?
- An mbeidh trédhearcacht chuntasaíochta i dtaobh le hioncaim dhíolacháin, m.sh. trí úsáid ghníomhaire bailiúcháin?
Nóta Breise: Tá critéir ar leith dá gcuid féin ag roinnt clár cistithe de chuid Fís Éireann agus ní gá go mbeadh siad faoi smacht ag na prionsabail go léir atá leagtha amach thuas.
Dáileadh Cineama
Cuirtear Tacaíocht Dháileacháin ar fáil do dháileoirí Éireannacha le haghaidh scannán ar thacaigh Fís Éireann leo a léiríonn go bhfeabhsóidh maoiniú ó Fís Éireann bolscaireacht scannáin i margadh na hÉireann. Soláthraítear Tacaíocht Dháiliúcháin/Taispeántais Díreach do léiritheoirí Éireannacha chun cuidiú le díol as costais eisiúna amharclannaíochta teoranta in Éirinn (Tuaisceart na hÉireann san áireamh) do scannáin lánfhada atá ag fáil maoiniú léiriúcháin Fís Éireann cheana féin nach raibh in ann dáileadh amharclannaíochta oiriúnach a aimsiú trí chomhlacht dáileacháin Éireannach bona fide ach a bhfuil acmhainn shoiléir iontu luchtanna féachana Éireannacha a mhealladh agus dul i bhfeidhm orthu.