Faoin Chiste
Agus an Ciste cruthaithe mar chuid de chroílár Fhorbairt Lucht Féachana i bplean straitéiseach Fís Éireann, tá sé mar aidhm ag Ciste Táirgthe Sócmhainní Poiblíochta & Margaíochta tacú le soláthar sócmhainní margaíochta dinimiciúla a bheidh dírithe ar scannáin lánfhada beo-aicsin, ar chomhléirithe, ar dhrámaíocht theilifíse, ar bheochan agus ar chláir fhaisnéise lánfhada, a chuirfidh le caighdeáin na sóchmhainní a thairgfear. Ní mór do thairiscint a bheith ag iarrthóirí cheana féin ó Fís Éireann i gcomhair maoinithe léirithe.
Tá an ciste ag iarraidh léiritheoirí a spreagadh le pleanáil go luath agus le buiséadú dá réir chun sócmhainní margaíochta agus poiblíochta a chruthú a ardóidh a scannáin ag céim an dáileacháin. Is caiteachas maith airgid pleanáil soiléir ag céim an réamhléirithe agus is minic a bhíonn toradh maith air ó thaobh díolachán agus ráchairte de ag oifig na dticéad.
Baintear na torthaí margaíochta is fearr amach nuair atá scannánóirí in ann an luach a fheiceáil i n-íomhánna iontacha agus i sócmhainní margaíochta a dhíolfaidh a gcuid scannán. Ar deireadh thiar feicfidh níos mó daoine póstaer scannáin nó íomhá as sula bhfeicfidh nó sula gcloisfidh siad aon rud eile faoin scannán féin, agus mar gheall air sin tá sé ríthábhachtach go rachaidh an chéad spléachadh seo ar thogra i bhfeidhm orthu chomh deimhneach agus is féidir. Ní chóir breathnú ar EPK mar gné atá taobh amuigh den phróiseas scannánaíochta, ach ina áit sin mar chuid den phróiseas léirithe.
I gcás léirithe atá níos lú agus neamhspleách is minic nach bhfostaítear poiblitheoir aonaid de bharr go meastar go minic gur ról do na scannáin stiúideo níos mó amháin é, áit go m’fhéidir go mbeadh poiblitheoir ar seit gach lá. Ach is minic gurb iad na léirithe neamhspleácha atá níos lú a mbeadh gá níos mó acu le poiblitheoir chun a gcuid tograí a ardú, suim a mhuscailt iontu agus chun dul in iomaíocht le tionscadail eile.
Tá sé níos tábhachtaí anois ná riamh réimse leathan sócmhainní margaíochta a sholáthar chun cúnamh le hábhar scáileáin a chur chun cinn trasna réimse leathan ardán meán sóisialta. Tá sé an-tábhachtach pleanáil do tháirgeadh na sócmhainní seo le linn chéim an léirithe.
Cé is Féidir Iarratas a Dhéanamh?
- Léiritheoirí Éireannacha scannán beo-aicsin agus scannáin bheochana agus drámaí teilifíse agus cláir fhaisnéise a bhfuil tairiscint acu ó Fís Éireann cheana féin i gcomhair maoinithe léirithe.
Conas mar a oibreoidh an ciste?
Tograí Scannán Lánfhada atá faoi €2 mhilliún
- Maoineoidh Fís Éireann suas le €10,000 ina áireofar costais ghrianghrafadóra stadáin, físghrafadóir agus poiblitheoir aonaid.
Tograí Scannán Lánfhada atá thar €2 mhilliún
- Le bheith cáilithe caithfidh léiritheoirí íosmhéid caiteachais €5,000 a leithdháileadh ar ábhair phoiblíochta oná mbuiséid léirithe. Cuirfidh Fís Éireann €10,000 maoiniú breise ar fáil do na tograí seo chun costais ghrianghrafadóra stadáin, físghrafadóir agus poiblitheoir aonaid a chlúdach.
Léiriúcháin Dhrámaíochta Theilifíse
- Le bheith cáilithe caithfidh léiritheoirí íosmhéid caiteachais €10,000 a leithdháileadh ar ábhair phoiblíochta oná mbuiséid léirithe. Cuirfidh Fís Éireann €10,000 maoiniú breise ar fáil do na tograí seo chun costais ghrianghrafadóra stadáin, físghrafadóir agus poiblitheoir aonaid a chlúdach.
Tograí Scannánaíochta Beochana agus Teilifíse
- Le bheith cáilithe caithfidh léiritheoirí íosmhéid caiteachais €10,000 a leithdháileadh ar chruthú ábhar poiblíochta oná mbuiséid léirithe. Cuirfidh Fís Éireann €10,000 maoiniú breise ar fáil le costais eagarthóireachta agus seachadta sócmhainní margaíochta breise a chlúdach a úsáidfear i gcur chun cinn mhargaíocht agus díolachán an togra.
Clár Faisnéise
- Maoineoidh Fís Éireann suas le €5,000 ina áireofar costas grianghrafadóra stadáin nó poiblitheoir chun sócmhainní a chruthú a chúnóidh le margaíocht agus le cur chun cinn an togra.
Cad air is féidir an maoiniú a chaitheamh?
- Caithfidh an maoiniú a chaitheamh ar phoiblitheoir aonaid, ar ghrianghrafadóir stadáin agus ar fhísghrafadóir. Tá poiblitheoir aonaid éigeantach le cáiliú don mhaoiniú. Ní mór sonraisc tríú páirtí a chur isteach leis an mhaoiniú a tharraingt anuas. I gcás beochana, is féidir maoiniú a leithdháileadh i dtreo costais bhreise eagarthóra nó ealaíontóir a chruthóidh na sócmhainní.
Conas Iarratas a Dhéanamh?
Caithfidh léiritheoirí iarratais a dhéanamh ag céim an réamhléirithe le plean soiléir do sholáthar a gcuid sócmhainní poiblíochta. Ní Mór do na rudaí a leanas a bheith san áireamh mar chuid den iarratas:
- Foirm iarratais
- Script Scannánaithe
- Dearbhú an Phoiblitheora aonaid
- Achoimre ar líon na laethanta a bheidh an poiblitheoir/grianghrafadóir stadáin agus/nó físghrafadóir ar seit
- Sliocht as an Bhuiséad Dhomhanda le miondealú cruthú na n-ábhar poiblíochta a thaispeáint
- Roghnú aisteoirí
- Sceideal Scannánaithe
- Beathaisnéisí an ghrianghrafadóra stadán, an físghrafadóir agus an poiblitheoir a bheidh ar an léiriú
- I gcás tograí drámaíochta teilifíse agus tograí beochana, beidh gá le buiséad lánshonraithe a chlúdóidh soláthar na sócmhainní margaíochta go léir agus liosta bunghnéithe seachadta, mar aon le liosta na ngnéithe a chlúdóidh an craoltóir, más cuí.
Seachadadh
Caithfidh faighteoirí maoinithe réimse sócmhainní a sheachadadh chuig Fís Éireann le húsáid i gcur chun cinn mar aon le tuairisc chostais dheiridh an scannáin agus sonraisc tríú páirtí a léireoidh an caiteachas deiridh.
Contact Teagmháil
Ba chóir iarratais mar aon le mionsonraí go léir a sheoladh i ríomhphost chuig marketingassetsfunding@screenireland.ie.