Tá an maoiniú seo dírithe ar shraitheanna drámaíochta teilifíse a cheap agus a dtug tallanna Éireannacha ceannaireacht cruthaitheachta orthu – stiúrthóirí, scríbhneoirí, léiritheoirí – le hábhar dúchasach a chruthú le lucht féachana Éireannach agus idirnáisiúnta mar aon leis an dá mhargadh sin ar intinn acu. Taispeánfaidh iarratais cultúr n hÉireann go ginearálta ar chaoi éigin agus ní mór don bhainistiú phraiticiúil a bheith i lámha Éireannacha den chuid is mó. Is í aidhm Fís Éireann leathadh na hearnála léirithe drámaíochta teilifíse dúchasaigh a thiomáint agus failleanna a chur ar fáil do thallann na hÉireann forbairt go cruthaitheach agus go proifisiúnta araon.
Soláthraíonn Fís Éireann maoiniú faoin chlár seo chun tograí a dhéanamh i mBéarla nó i nGaeilge go príomha, nó i meascán den dá theanga.
Beidh maoiniú ar fáil suas le10% de bhuiséad na sraithe.
Tabharfar tosaíocht do thograí a chomhlíonfaidh na critéir a leanas:
• Tabharfar faoin phríomhghriangrafadóireacht in Éirinn
• Tiomantas soiléir d’fhorbairt thallann mná as Éirinn
• Cuir bíobla forbartha ar fáil ina mbeidh creatlacha mionsonraithe do gach eagrán. Breathnófar go dearfach ar thograí teilifíse a mbeidh an t-uasmhéid scripteanna curtha ar fáil iontu.
Cé is féidir Iarratas a Dhéanamh?
Tá maoiniú i gcomhair Léirithe Drámaíochta Teilifíse ar fáil do léiritheoirí Éireannacha (comhlachtaí léirithe neamhspleácha atá cláraithe i bPoblacht na hÉireann a bhfuil oifig agus foireann acu atá lonnaithe i bPoblacht na hÉireann). Tá maoiniú ar fáil do shraith dhrámaíochta theilifíse. Caithfidh teacht soiléir a bheith agat ar na cearta riachtanacha d’aon ábhar a bheidh le cur in oiriúint don scáileán agus comhaontú in áit agat leis an scríbhneoir scripte scannáin agus leis an stiúrthóir sula gcuirfear iarratas isteach. Ní mór fianaise airgeadais ón mhargadh idirnáisiúnta agus ó chraoltóir suntasach nó maoiniú ó sheirbhís shruthaithe theilifíse a bheith curtha ar fáil ag céim an iarratais. Ní thacófar le haon hiarratas nach gceanglófar leis maoiniú ó chraoltóir shuntasach nó ó sheirbhís shruthaithe theilifíse agus/nó airgeadas ó mhargadh idirnáisiúnta.
Conas Iarratas a Dhéanamh
Is féidir iarratas a dhéanamh ar líne anois. Téigh go dtí Déan Iarratas Ar Líne Fís Éireann.
Caithfidh iarratasóirí breathnú ar Treoirlínte Cistithe Léirithe sula gcuirfidh siad aighneacht isteach. Measfar iarratais a bheith neamh-incháilithe gan mhachnamh mura gcomhlíonfaidh siad na critéir atá leagtha amach sna treoirlínte seo. Léigh na treoirlínte seo go cúramach le do thoil roimh gach aighneacht siocair go nuashonraítear go rialta iad.
Más iarratas é seo i gcomhair tionscadal atá á fhorbairt le Fís Éireann faoi láthair, gabh i dteagmháil leis an Bhainisteoir Thionscadail chuí sula gcuirfear aighneacht isteach. Más iarratas é seo i gcomhair tionscadail nua, cuir isteach go díreach é tríd an tairseach iarratais atá ar líne.
Spriocdhátaí Cistithe Léirithe 2026
- Dé hAoine 12 Eanáir ar 1in
- Dé hAoine 23 Márta ar 1in
- Dé hAoine 13 Iúil ar 1in
- Dé hAoine 26 Deireadh Fómhair ar 1in
08.12.2025