Nóta Tábhachtach: Cuimhnigh go mbíonn ár mbabhtaí cistiúcháin an-iomaíoch de bharr méid mór na n-iarratas agus na mbuiséad réamhshocraithe. Ciallaíonn sé seo nach mór dúinn i bhfad níos mó tograí a dhiúltú ná mar is féidir linn tacú leo. Mar sin de, tá sé an-tábhachtach dul i bhfeidhm orainn go láidir le hiarratais ghonta.
Faoin Chistiú
Cuireann an maoiniú seo ar chumas léiritheoirí Éireannacha a thig cnuasach oibre a thaispeáint i léiriú Dhrámaíochta Theilifíse, tograí drámaíochta Theilifíse beo-aicsean a chruthú. Is í aidhm na scéime seo failleanna a sholáthar do thallann na hÉireann ábhar drámaíochta bunaidh a chruthú.
Cuirfidh an maoiniú seo ar chumas foirne bíobla mionsonraithe agus script phíolótach a ghineadh. Ba chóir d’iarratasóirí tabhairt faoi deara gur dóiche go dtairgfear sparánachtaí a bheidh go suntasach níos lú ná an t-uasmhéid de bharr an bhrú atá ar áiseanna Fís Éireann. Ní dheimhníonn maoiniú forbartha maoiniú Léirithe ag céim níos déanaí.
Soláthraíonn Fís Éireann maoiniú forbartha chun drámaí teilifíse a dhéanamh i mBéarla nó i nGaeilge go príomha, nó i meascán den dá theanga.
Cé is féidir Iarratas a Dhéanamh?
Tá Iasachtaí Forbairt Dhrámaíochta Theilifíse ar fáil do léiritheoirí Éireannacha (comhlachtaí léirithe neamhspleácha atá cláraithe i bPoblacht na hÉireann a bhfuil oifig agus foireann acu atá lonnaithe i bPoblacht na hÉireann) a bhfuil togra drámaíochta teilifíse acu, a bhfuil teacht soiléir acu ar na cearta riachtanacha d’aon ábhar a bheidh le cur in oiriúint don scáileán, agus a bhfuil comhaontú acu (i bprionsabal ar a laghad) leis an scríbhneoir scripte ar mhian leo a choimisiúniú. Is féidir gealltanas stiúrthóra iarratas a threisiú ach níl sé riachtanach i dtosach báire. Tá Fís Éireann tiomanta do chothromaíocht inscne a bhaint amach agus breathnófar go dearfach ar chuimsiú tallainne mná.
Riachtanais Iarratais
Sa chaoi is gur féidir poitéinseal forbartha breise iarratas a mheas beidh na cáipéisí a leasas ag teastáil:
- Líne Mhínithe
- Achoimre
- Bíobla mionsonraithe chéad dréachta (10 leathanach A4 gan íomhánna san áireamh) agus breac-chuntas píolótach 1-2 leathanach (má tá sé ar fáil)
- Nótaí ar fhorbairt bhreise amach anseo
- Buiséad Forbartha (ní mór teimpléad bhuiséad Fís Éireann a úsáid)
- Fianaise Úinéireacht na gCearta
Caithfidh moltaí atá bunaithe ar ábhar foinse atá ann cheana, amhail drámaí nó úrscéalta, dul níos faide ná achoimrí plotaí agus beidh gá le leid shoiléir i dtaca leis an straitéis chóirithe de i bhfoirm bhíobla mhionsonraithe. Mar sin de, ní mór do bhíoblaí eolas soiléir a thabhairt faoin chaoi a aistreoidh an t-ábhar chuig an scáileán. I gcás go mbeidh an eilimint bhunriachtanach seo in easnamh tarraingeofar iarratais amach go huathoibríoch.
Caithfidh moltaí atá bunaithe ar dhaoine nó ar eachtraí ón fhíorshaol dul thar achoimre thaighde agus an insint dhrámatúil a léiriú go soiléir.
Eochairghnéithe le Cur San Áireamh
- Grinneas Cuspóra
An bhfuil fócas soiléir ag an script agus ag na hábhair fhorbartha i dtaobh leis an fhaill atá sa mhargadh – an bhfuil seo comhtháite nó curtha san áireamh i bplean na hinsinte nó sa phlean fhorbartha?
- Carachtracht
An bhfuil turas barántúil ag an domhan agus ag na carachtair?
Conas mar a thiomáineann na carachtair an insint ar dhóigh atá ciallmhar agus sothuigthe, ionas go mothóidh an breathnóir go bhfuil sí iontaofa, speisialta agus fóinteach.
- Lucht Féachana
Cé hé do lucht féachana agus cén chaoi a bhfuil tú ag freastal orthu ar fud sraithe?
Cuimhnigh ar na heilimintí difriúla tarraingte agus ar na fírinní insroichte, níos leithne a dheimhneoidh déimeagrafach lucht féachana a bheidh leathan agus éagsúil mar atá ag teastáil go hiondúil.
Conas Iarratas a Dhéanamh
Is féidir iarratas a dhéanamh ar líne anois. Téigh go dtí Déan Iarratas Ar Líne Fís Éireann.
Spriocdhátaí Cistithe 2026
- Dé hAoine 26 Eanáir ar 1in
- Dé Luain 30 Dé Luain ar 1in
- Dé Luain 25 Bealtaine ar 1in
- Dé Luain 7 Meán Fómhair ar 1in
Más mian leat iarratas ar mhaoiniú a dhéanamh tríd an phost, cur glaoch ar 091 561 398 chun an fhoirm iarratais chuí a fháil.
08.12.2025