Hit enter to search or ESC to close
Léiriú Faisnéise: Comhléiriú Cruthaitheach

Léiriú Faisnéise: Comhléiriú Cruthaitheach

Faoin Chistiú

Tá an maoiniú seo dírithe ar scannáin fhaisnéise lánfhada (níl sraitheanna faisnéise incháilithe) a cruthaíodh taobh amuigh d’Éirinn ina bhfuil léiritheoir Éireannach (PnaÉ) páirteach mar chomhoibrí cruthaitheach, ní léiritheoir seirbhíse amháin ná soláthraí mhionmhéid an airgeadais atá ag teastáil.

Caithfidh struchtúr a chur ar an scannán ionas gur comhléiriú oifigiúil é a mbeidh cistiú tríú páirtí ann ón phríomhchríocha agus ní mór do bhunthallann Éireannach a bheith fostaithe ann.

Tabharfar tosaíocht do thograí a mbeidh téamaí Éireannacha, ábhar Éireannach nó cuimsiú dhiaspóra na hÉireann iontú agus i gcás go bhfostófar líon áirithe bunCRanna Éireannacha. Lorgfar cómhalartachtó ghníomhaireachtaí cistiúcháin atá i ndlínsí eile nuair a bheidh cúinsí cuí ann.

Smaoineofar ar chistiú fheabhsaithe i gcás na gcúinsí a leanas:

  • rinneadh scannánú iomlán an scannáin in Éirinn agus insíonn sé scéal de chuid na hÉireann
  • is Éireannach an Scríbhneoir agus/nó an Stiúrthóir
  • nuair a cheanglaítear dáileadh idirnáisiúnta suntasach ag céim an iarratais

D’fhéadfadh cistiú a bheith teoranta i gcásanna comhléirithe faisnéise nuair:

  • a bheidh na heilimintí cruthaitheacha Éireannacha teoranta do dhuine nó beirt de na CRanna a bheidh ag obair lasmuigh d’Éirinn
  • nach mbeidh ach cuid den iarléiriú ar siúl in Éirinn

Ar bhonn prionsabail, do thograí a thacaítear trí mhaoiniú Chomhléirithe Chruthaithigh ó Fís Éireann, ní mór dóibh a bheith formheasta mar chomhléirithe oifigiúla faoin chonradh dhéthaobhach ábhartha nó faoin Choinbhinsiún Eorpach ar Chomhtháirgeadh Chineamatagrafach. I gcásanna eisceachtúla nuair a aontóidh Fís Éireann leis an riachtanas seo a leagan ar leataobh, caithfidh struchtúr a chur ar an togra fós ionas gur comhléiriú bona fide é ina roinnfear úinéireacht, cearta agus ioncaim i measc na gcomhléiritheoirí. Ní leagfaidh Fís Éireann an riachtanas do stádas oifigiúil ar leataobh maidir le comhléirithe leis an RA.

Is féidir le scannáin a mhaoinítear faoi chlár an Chomhléirithe Chruthaithigh a dhéanamh i dteanga ar bith.

Tá cistiú Chomhléirithe Chruthaithigh ar fáil do léiritheoirí Éireannacha. Tá cistiú ar fáil le comhléiriú agus le comhoibriú go cruthaitheach ar scannán lánfhada faisnéise a cruthaíodh taobh amuigh d’Éirinn a bhfuil struchtúr air mar chomhléiriú oifigiúil a bhfuil cistiú tríú páirtí deimhnithe ann ón phríomhchríocha. Caithfidh teacht soiléir a bheith ann ar na cearta riachtanacha d’aon ábhar a bheidh le cur in oiriúint don scáileán agus comhaontú in áit leis an scríbhneoir agus leis an stiúrthóir sula gcuirfear iarratas isteach.

An Dóigh le hIarratas a Dhéanamh

Caithfidh iarratasóirí breathnú ar Treoirlínte Cistithe Léirithe sula gcuirfidh siad aighneacht isteach. Measfar iarratais a bheith neamh-incháilithe gan mhachnamh mura gcomhlíonfaidh siad na critéir atá leagtha amach sna treoirlínte seo.  Léigh na treoirlínte seo go cúramach le do thoil roimh gach aighneacht siocair go nuashonraítear go rialta iad.

Más iarratas é seo i gcomhair tionscadal atá á fhorbairt le Fís Éireann faoi láthair, gabh i dteagmháil leis an Bhainisteoir Thionscadail chuí sula gcuirfear aighneacht isteach. Más iarratas é seo i gcomhair tionscadail nua, cuir isteach go díreach é tríd an tairseach iarratais atá ar líne.

Spriocdhátaí Cistithe Léirithe 2026

  • Dé hAoine 12 Eanáir ar 1in
  • Dé hAoine 23 Márta ar 1in
  • Dé hAoine 13 Iúil ar 1in
  • Dé hAoine 26 Deireadh Fómhair ar 1in

08.12.2025