Hit enter to search or ESC to close
Críochnú (don Cineama)

Críochnú (don Cineama)

Cuireann an maoiniú seo ar chumas scannánóirí Éireannacha scannán fada beo-aicsean, beochana nó faisnéise a chur i gcrích.

Maidir Leis an Maoiniúchán

Ligeann an maoiniú seo do scannánóirí príomhscannán beoghnímh, beoite nó faisnéise (ach ní dráma teilifíse nó gearrscannán) a chríochnú, má tá céim iarléiriúcháin nó níos faide fós (gearradh réamhlíne) bainte amach gan tacaíocht ó Fís Éireann, má thaispeánann sé láidreacht, agus má tá maoiniú breise fós de dhíth.

Ní mór gur tionscadail iad ar chuir Éireannaigh ardtallainne tús leo agus a bhfuil Éireannaigh chruthaitheacha ardtallainne - stiúrthóirí, léiritheoirí, scríbhneoirí - i gceannas orthu. Go hiondúil (ach ní i gcónaí), tabharfaidh an t-ábhar iontu léargas éigin ar chultúr na hÉireann, agus beidh an bhainistíocht phraiticiúil go príomha Éireannach. Go hiondúil (ach ní i gcónaí), cuirtear maoiniú ar fáil ag Fís Éireann faoin scéim seo do thionscadail atá as Béarla nó as Gaeilge don chuid is mó, nó meascán den dá theanga.

Nótaí Tábhachtacha:

(1) Tá dian-mheasúnú a dhéanamh ar iarratais ar Mhaoiniú Críochnaithe Fís Éireann, agus ní ghlacfar le hiarratais ach amháin nuair atá ábhar scannánaithe d'ardchaighdeán ann, agus nuair atá bainistíocht an tionscadail agus an airgeadais go dtí seo soiléir agus proifisiúnta.

(2) Le haghaidh léiriúcháin bheoghnímh, ní mór go raibh árachais léiriúcháin leormaith ag tionscadail agus beidh siad in ann árachas E&O a fháil.

(3) Cuirtear béim láidir ar thionscadail ar cuireadh mórspéis iontu ag margadh nó ag féilte, nó a bhfuil plean margaíochta láidir acu (féilte, díolacháin agus dáileadh).

(4) Go hiondúil cuirtear maoiniú léiriúcháin Fís Éireann ar fáil le linn céimeanna deireannacha léiriúcháin de réir sreabhadh airgid atá comhaontaithe. Sula gcuireann sé tús leis an maoiniúchán, beidh ar Fís Éireann léirmheas a dhéanamh ar thuairisc iomlán na gcostas. Freisin, caithfidh Fís Éireann a bheith sásta go bhfuil leas airgid gach rannpháirtí eile sa tionscadal luaite ag an léiritheoir, agus gur aontaigh aon airgeadaithe eile a rinne infheistíocht sa tionscadal leis na téarmaí a bhaineann le Maoiniú Críochnaithe Fís Éireann. Go hiondúil, tugann Fís Éireann Maoiniú Críochnaithe bunaithe ar ‘chun tosaigh isteach, chun deiridh amach'. Beidh Fís Éireann ag dúil lena infheistíocht a fháil ar ais sula bhfaigheann aon airgeadaí eile, an léiritheoir san áireamh, a infheistíocht.

Cé atá i dTeideal Iarratas a Dhéanamh

Tá maoiniú Fís Éireann le haghaidh léiriú Éireannach ar fáil do léiritheoirí Éireannacha a bhfuil príomhscannán beoghnímh nó beoite, nó príomhscannán faisnéise acu gur mian leo a chur i gcrích, le rochtain shoiléir acu ar na cearta atá riachtanach chun ábhar a chur in oiriúint don scáileán más gá, le haontú socraithe idir an script-scríbhneoir, an stiúrthóir, an fhoireann theicniúil agus an fhoireann aisteoireachta, agus fianaise ar árachas léiriúcháin agus imréitigh shuímh. Ní féidir cabhrú le críochnú tionscadal nach bhfuil an scannánaíocht déanta go fóill.

Conas Iarratas a Dhéanamh

Is féidir iarratas a dhéanamh ar líne anois. Téigh go dtí Déan Iarratas Ar Líne Fís Éireann.

Caithfear aontú a fháil ó Bhainisteoir Tionscadail Fís Éireann sula dhéantar iarratas.

Más mian leat iarratas ar mhaoiniú a dhéanamh tríd an phost, cur glaoch ar 091 561 398 chun an fhoirm iarratais chuí a fháil.

Spriocdhátaí Cistithe Léirithe 2024
  • An Aoine 16 Feabhra ar 1in 

Treoirlínte Cistithe Léirithe 2024

15.04.2024