Ba chóir iarratais a dhéanamh ar líne trí chlárú le Córas Iarratais Ar líne Fís Éireann. Má bheidh fadhb ar bith agat, féach ar Na CCanna Teicniúla le do thoil.
Dúnfaidh an córas ar líne ar 1i.n. ar lá an spriocdháta. Molaimid go láidir go ligeann iarrthóirí a sáith ama le hiarratais a ullmhú, a uaslódáil agus a chur isteach de bharr nach nglacfar le hiarratais easnamhacha nuair a bheidh an spriocdháta thart. Más mian leat iarratas ar chistiú a dhéanamh tríd an phost, cuir glaoch ar 091 561 398 leis an fhoirm iarratais chuí a fháil.
Ba chóir d’iarrthóirí féachaint ar na cáipéisí a leanas sula ndéanfar iarratais:
Treoirlínte Cistithe Forbartha
Treoirlínte Maoinithe Léiriúcháin
Treoirnóta ar Chistiú Léiriúcháin Feabhsaithe do Thallann Mná
Achomhairc Ghnáis Chistithe
Má tá tú míshásta leis an dóigh a próiseáladh d’iarratas ba chóir duit scríobh chuig Príomhfheidhmeannach Fís Éireann. Ba chóir don litir forais an ghearáin a leagan amach go soiléir, ag tabhairt an oiread mioneolais agus is féidir. Tabhair faoi deara le do thoil gur féidir gearáin a dhéanamh ar fhorais an ghnáis amháin, ní ar bhunús an bhreithiúnais chruthaithigh. Tabharfar aird nach beag ar do ghearán gnáis agus fiosróidh an Príomhfheidhmeannach go hiomlán é.
05.04.2024