Hit enter to search or ESC to close
Próiseas agus Gnásanna Measúnaithe Cistithe

Próiseas agus Gnásanna Measúnaithe Cistithe

Anseo a gheobhaidh tú eolas ar phróiseas Fís Éireann/Screen Ireland maidir le hiarratais chistithe a mheas. IS féidir na sonraí agus critéir ar fad a fháil inár dTreoirlínte Léirithe agus inár dTreoirlínte Forbartha agus táimid sásta aon cheist bhreise a fhreagairt trí info@screenireland.ie.

Próiseas Meanúnaithe Cistithe Forbartha

Déanfaidh duine den fhoireann léiriúcháin agus forbartha measúnú ar gach tionscadal a chuirfear isteach. Féadfaidh comhaltaí ó Rannóg um Ghnóthaí Gnó, an Rannóg Dáileacháin agus rannóga eile a bheith san áireamh sa chruinniú seo freisin de réir mar is gá agus beidh an Príomhfheidhmeannach nó a ainmní ina chathaoirleach air.

Déantar na cinntí maoinithe maidir le maoiniú forbartha suas le €75,000 i gcruinniú Forbartha agus déanann Bord Fhís Éireann iad a dhaingniú ag an gcruinniú boird seo. Ceadóidh Bord Fhís Éireann na cinntí maoinithe maidir le maoiniú forbartha os cionn €75,000 sa chruinniú boird seo, de réir na moltaí na Foirne Léiriúcháin, Forbartha agus Dáileacháin.

Cuirfear gach iarratasóir ar an eolas faoi na cinntí deiridh nuair a dheimhnítear iad. Caithfidh na hiarratasóirí teagmháil a dhéanamh leis an gComhordaitheoir um Chúrsaí Dlí agus Gnó laistigh de dhá sheachtain tar éis an tairiscint seo a fháil. Mura dtugann an t iarratasóir aon fhreagairt, cuirfear deireadh leis an tionscadal agus beidh iarratas iomlán eile ag teastáil.

Is féidir leis na hiarratasóirí aiseolas a iarraidh ach teagmháil a dhéanamh le Development@screenireland.ie. Seolfar paragraf aiseolais chuig na hiarratasóirí ansin ina leagfar amach na cúiseanna leis an gcinneadh seo. Níl Fís Éireann in ann aiseolas don duine aonair a chur ar fáil faoi thionscadail nár éirigh leo lasmuigh den aiseolas sin.

Coinníollacha Cistithe Forbartha

Cuirtear cistiú forbartha ar fáil i bhfoirm iasachtaí inaisíoctha ar chéad lá príomhscannánaíochta an togra fhorbartha. Ní iompraíonn sparánachtaí forbartha Fís Éireann ús, ní ghearrtar aon chostas breise ag am na haisíocaíochta, agus ní fhaigheann Fís Éireann cion brabúis mar chúiteamh ar a cistiú forbartha.

Ní chisteoidh Fís Éireann costais fhorbartha iardhearcacha.

Muna n-aontófar a mhalairt, fanann cóipcheart sa script scannáin chistithe leis an/na scríbhneoir(í) nó leis an léiritheoir. B’fhéidir go mbeidh sciar cóipchearta ag teastáil ó Fís Éireann sa togra.

Slabhra Teidil: Tá an fhreagracht ar an Léiritheoir a dheimhniú go mbeidh cáipéisíocht shlabhra theidil shoiléir (comhaontú roghanna, aontú scríbhneora, aontú stiúrthóra agus comhaontú comhfhorbartha más cuí) in áit agus go gcomhlíonfaidh sí bunriachtanais chonartha Fís Éireann. Ní féidir agus ní thabharfaidh Fís Éireann cistiú do thograí gan an cháipéisíocht bhunriachtanach seo.

Comhfhorbairt: I gcásanna ina mbeidh comhlachtaí léirithe ag iarraidh tacaíocht a lorg do thograí a thiteann lastigh d’aontais chomhfhorbartha le léiritheoirí idirnáisiúnta, ní féidir cistiú a iarraidh ach amháin le costais na ngnéithe cruthaitheacha Éireannacha a chlúdach. Is í tosaíocht Fís Éireann tacú le forbairt thallainne agus scéalta cruthaitheacha Éireannacha agus beidh sé seo le sonrú sna cinní a dhéanfar. In aon socrú comhfhorbartha caithfidh roinnt shoiléir den chóipcheart idir na páirtithe a bheith ann agus beidh maoiniú meaitseála ag teastáil ó Fís Éireann de ghnáth ó chomhléiritheoir nó ó thríú páirtí.

Ní féidir a bheith i gcistiú forbartha Fís Éireann ach deonachán i dtreo chostais fhorbartha thogra agus go hiondúil níl Fís Éireann in ann na costais fhorbartha go léir a chlúdach. Tá an fhreagracht ar an Léiritheoir rátaí proifisiúnta a shocrú le tallann trí idirbheartaíocht a léireoidh gnásanna an tionscail agus creidiúintí léirithe na tallainne ar mhian leis a cheapadh.

Próiseas Meanúnaithe Cistithe Léirithe 

Ní mheasfaidh Fís Éireann togra i gcomhair cistithe léirithe ach amháin sa chás go gcuirfidh comhlacht léirithe neamhspleách isteach é, comhlacht atá bunaithe sa Stát nó atá bunaithe i Stát LEE diomaite den Stát agus a dhéanann gnó sa Stát trí chraobh nó áisíneacht a:

  • chaithfidh a bheith cáin-chomhlíontach i bPoblacht na hÉireann,
  • chaithfidh ionchur suntasach, leantach a dhéanamh do chultúr agus d’fhorbairt na hearnála Scannaíochta agus Teilifíse i bPoblacht na hÉireann,
  • mbeidh stiúrthóir comhlachta ann atá tiomanta don scannán nó don togra teilifíse a dhéanamh.

Measfaidh baill an Ghrúpa Thionscadail iarratais ag baint feidhme as Prionsabail & Critéir Fís Éireann ag cruinniú cistithe a bheidh comhdhéanta de bhaill na foirne Léirithe, Forbartha & Dáilte, de bhaill na foirne Gnóthaí Dlí & Gnó, agus, ar bhonn ad hoc, de chomhairleoirí as buíon bheag ghairmithe nach as Fís Éireann iad atá ar áirithíocht dá scileanna sainiúla. Cuirfear na cinní a dhéanfaidh an Grúpa Tionscadail in iúl do Bhord Fís Éireann mar mholtaí agus ansin beidh gá le faomhadh Bhord Fís Éireann go dtiocfaidh siad i bhfeidhm agus tar éis sin cuirfear in iúl d’Iarrthóirí iad.

Tar éis cinneadh mírathúil ón Bhord, ní féidir togra a chur isteach chuig Fís Éireann athuair ach amháin más amhlaidh go ndearnadh athruithe ábhartha suntasacha don phacáiste (sé sin, don script scannáin, do bhuneilimintí cruthaitheacha macasamhail roghnú aisteoirí nó don chostas léirithe). Ní mheasfaidh Fís Éireann togra a chuirfear isteach ar chlár chistithe ach dhá uair – má theipfidh ar iarratas i ndiaidh an dara aighneachta, ní bheidh sé incháilithe níos mó taobh istigh den chlár chistithe sin.

Coinníollacha Cistithe Léirithe
  1. Soláthraítear cistiú i bhfoirm iasachtaí cirt cúitimh-teoranta atá in-aisghabhála ó sciar ioncam   a gheobhfar ó shaothrú an togra agus a thabharfaidh ceart do Fís Éireann freisin ar chuid de na glanbhrabúis.
  2. Nuair a chuireann Fís Éireann cistiú ar fáil cuireann sé grinn i réamhobair na ndaoine aonaracha go léir atá páirteach (léiritheoirí, comh-airgeadaithe, gníomhairí díolacháin agus dáileoirí san áireamh) ag glacadh san áireamh a gcumais chruthaitheacha i meáin chlosamhairc mar aon lena n-inniúlachtaí gairmiúla agus a n-iontaofacht. De ghnáth cuirtear cistiú léirithe Fís Éireann ar fáil le linn léiriúcháin de réir sreafa airgid aontaithe. Sula dtosófar ar chistiú ní mór do Fís Éireann a bheith sásta go mbeidh gach soláthraí airgeadais eile don léiriúchán faoi chonradh agus go mbeidh ceangal daingean orthu, agus go mbeidh an méid airgeadais a bheidh ar fáil leordhóthanach leis an bhuiséad iomlán a chlúdach.
  3. Ar gach uile léiriúchán a bhfuil buiséad léirithe domhanda aige atá thar chúig (5) mhilliún euro, is ceangaltas dian Fís Éireann go mbeidh ráthóir comhlíontachta faofa in áit don léiriú sa chás go mbeidh cistiú Fís Éireann curtha ar fáil i rith an léirithe.
  4. Is gnáthriachtanas Fís Éireann ceapadh gníomhaire airgeadais faofa.
  5. Ní féidir cistiú Fís Éireann a thabhú ach ar chostais Éireannacha (féach thíos treoirlínte ar  Chaiteachas Éireannach Cruthaitheach Ceadaithe).
  6. Tá sé riachtanach ag Fís Éireann go mbeidh ceangal conartha ar gach uile cheart ar fud an domhain i dtaobh le togra (go mór mór i gcás cláir fhaisnéise) agus gan teorainn ama trasna gach foirm na meán. San áireamh anseo tá cearta a bhaineann le gach bunábhar, taibheoirí, ceol, píosaí scannánaíochta cartlainne srl.
  7. Caithfidh gach uile thogra atá ag fáil cistiú a bheith inghlactha d’árachas Earráidí agus Easnamh agus ní mór do liúntas chuige seo a bheith taobh istigh den bhuiséad léirithe a chuirfear isteach.
  8. Caithfidh gach uile thogra atá ag fáil cistiú a bheith inghlactha d’árachas Earráidí agus Easnamh agus ní mór do liúntas chuige seo a bheith taobh istigh den bhuiséad léirithe a chuirfear isteach.
  9. Beidh tréimhsí eisithe inoibrithe ag teastáil ar Fís Éireann do gach togra go háirithe iad siúd a mbaineann tacaíocht Chraoltóra leo. I gcás clár faisnéise tá íosmhéid tréimhse eisithe dhá mhí déag de dhíth ar Fís Éireann ó dháta na chéad taispeána féile. I gcás scannán fada tá tréimhse eisithe ceithre mhí is fiche de dhíth ar Fís Éireann ó dháta na chéad taispeána amharclainne.
  10. Do thograí a thacaítear trí mhaoiniú Chomhléirithe Chruthaithigh ó Fís Éireann, ní mór dóibh a bheith  formheasta mar chomhléirithe oifigiúla faoi chonradh dhéthaobhach nó ag an Choinbhinsiún Eorpach ar Chomhtháirgeadh Chineamatagrafach. I gcásanna eisceachtúla nuair a aontóidh Fís Éireann leis an riachtanas seo a leagan ar leataobh, caithfidh struchtúr a chur ar an togra fós ionas gur comhléiriú bona fide é ina roinnfear úinéireacht, cearta agus ioncaim i measc na gcomhléiritheoirí. Caithfidh gach comhléiriú leis an RA, a thacóidh Fís Éireann leis, a bheith faofa mar chomhléiriú oifigiúil. Ní leagfaidh Fís Éireann an riachtanas ar leataobh do stádas oifigiúil maidir le comhléirithe leis an RA agus mar thoradh air sin ní féidir le Fís Éireann a bheith bainteach le tograí a mbeidh cistiú EIS nó SEIS acu mar chuid dá maoiniú.
  11. Maidir le Léiriú Teilifíse Beochana, tá an t-uasmhéid atá ar fáil bunaithe ar léiriú uasuimhir ghnátheagrán i sraith (m.sh. 52 x 11’). Nuair a mholfar níos lú eagrán, is dóiche go ndéanfar infheistíocht Fís Éireann dá réir.
  12. Ní féidir le haon duine a sháraíonn a chuid oibleagáidí conartha do Fís Éireann, ní féidir leis an riachtanas ar Dhearbhú Chomhlíonta a shíniú nuair a bheifear ag cur iarratais isteach.
  13. Cuirfidh Fís Éireann smachtbhannaí dochta i bhfeidhm ar aon duine nach gcomhlíonfaidh conradh, rud a d’fhéadfadh cosc a chur air ó bheith ag cur aon iarratais mhaoinithe eile isteach chuig Fís Éireann go ceann tréimhse ama sainithe agus ag ísliú nó ag cealú aon íocaíochtaí nár híocadh go fóill ar aon togra.
  14. Sula mbeidh aon aontú beidh ar gach comhlacht a shraith polasaithe a chur ar fáil do Fís Éireann mar chuid de na réamhchoinníollacha ina áireofar - (i) polasaí sláinte agus sábháilteachta (ii) polasaí dínite sa láthair oibre (iii) gnáis chasaoide (iv) polasaí um chosaint leanaí (v) polasaí ilchineálachta agus cuimsithe (vi) polasaí inbhuanaitheachta.