Mar áisíneacht náisiúnta thionscal scannánaíochta, drámaíochta teilifíse, beochana agus chlár fhaisnéise na hÉireann, is í Fís Éireann/Screen Ireland (Screen Ireland) comhpháirtí cruthaitheach na hearnála, ag infheistiú i dtallann, i gcruthaitheacht agus i bhfiontar.
Spreagann scéalaíocht úrnua sinn a mheallfaidh luchtanna féachana go mothúchánach sa bhaile agus thar sáile. Trí réimse leathan modhanna tacaíochta praiticiúla, maoinithe atá ar fáil fá choinne gnéithe forbartha, léirithe, dáilte, margaíochta agus forbairt scileanna, is amhlaidh go dtacaíonn Fís Éireann leis an earnáil trí gach céim an phróisis. Tacaímid le scannánóirí ina n-iarrachtaí cruthaitheacha chun scéalta luachmhara, ealaíonta, cultúrtha agus tráchtála a roinnt ar scáileán.
Faoin Chistiú
Soláthraíonn Fís Éireann/Screen Ireland bunchistiú oibríochtúil do chuallachtaí scáileáin agus eagraíochtaí tionscail náisiúnta. Cuidíonn an maoiniú seo chun tacú le páirtithe leasmhara gréasáin a thógáil, inniúlacht a fhorbairt agus réimse leathan seirbhísí a chur ar fáil dá mbaill agus do thionscal an scáileáin i gcoitinne. Rud atá tábhachtach ná go gcuireann an ciste rannpháirtíocht straitéiseach ar chumas na hearnála ar fad agus deimhníonn sé go bhfuil ionadaíocht ag éagsúlacht guthanna agus tallainne trasna thionscal an scáileáin.
Tá bunchistiú oibríochtúil suas le €120,000 ar fáil in aghaidh na bliana. Tabhair faoi deara le do thoil, de bharr na hiomaíochta an-ghéar don chistiú seo, ní dóiche go mbronnfar an méid iomlán atá ar fáil ar iarrthóirí rathúla. Molaimid mar sin de go gcuirfidh iarrthóirí iarratais isteach do na gnéithe sin a mbeidh tacaíocht de dhíobháil orthu dóibh.
Cé Is Féidir Iarratas a Dhéanamh?
Tá bunchistiú oibríochtúil (“Ciste” agus “Cistiú”) dírithe ar eagraíochtaí na hearnála scáileáin a bhfuil ballraíocht acu agus/nó atá ag ionadaíocht agus ag cur eilimint ar leith chun cinn de chuid na hearnála scáileáin i gcoitinne. Caithfidh an t-iarrthóir a bheith ina chuideachta chorpraithe agus cláraithe go hiomlán agus a bheith bunaithe ar feadh íosmhéid téarma dhá mhí déag (12).
I measc Eagraíochtaí bainteacha tá:
Eagraíocht náisiúnta na hearnála scáileáin nó cuallacht atá cláraithe in Éirinn; agus,
- Eagraíocht atá dírithe ar bhallraíocht agus/nó ar thallann a thacaíonn le scríbhneoirí, stiúrthóirí, léiritheoirí, aisteoirí, CRanna nó criú; NÓ
- Eagraíocht atá dírithe ar ilchineálacht agus ionchuimsiú a thugann aghaidh ar riachtanais pobal atá faoi ghannionadaíocht in earnáil an scáileáin.
Ba chóir d’aon chistiú a bheith ag teacht le luachanna straitéiseacha Fís Éireann freisin:
- Cruthaitheach: Tacaíonn Fís Éireann le barr feabhais cruthaitheach in earnáil scáileán na hÉireann agus lastigh den eagraíocht
- Inbhuanaithe: Tá Fís Éireann tiomanta d’inbhuanaitheacht sna téarmaí is leithne trasna tionscail an scáileáin chruthaithigh agus lastigh den eagraíocht
- Dóchasach: Féachann Fís Éireann chun tosaigh go dearfach, ag obair chun tacú le todhchaí mhaith d’earnáil an scáileáin agus ag coinneáil caidreamh mhaith lena páirtithe leasmhara
- Ionchuimsitheach: Is eagraíocht ionchuimsitheach Fís Éireann, ag obair le hilchineálacht, ionannas agus cuimsiú a chur chun tosaigh in éarnáil an scáileáin
- Uaillmhianach: Oibríonn Fís Éireann le hearnáil an scáileáin chruthaithigh in Éirinn a fhás agus glacann an phríomhpháirt ina cur chun cinn
- Eiticiúil: Cloíonn Fís Éireann leis an caighdeán is airde eitice ina ról mar ghníomhaireacht phoiblí, mar mhaoinaitheoir, mar thacadóir tionscail an scáileáin chruthaithigh agus mar fhostóir
Tá cistiú ar fáil dóibh seo a leanas:
- Costais oibríochtúla agus riartha;
- Obair abhcóideachta;
- Ag soláthar tacaíochta dlíthiúla, comhairle, agus cur ar aghaidh don bhallraíocht;
- Ag feidhmiú mar áis eolais, le peirspictíocht áitiúil agus idirnáisiúnta.
- NB. Ní chlúdófar costais atá maoinithe cheana trí airgeadaithe tríú páirtí nó trí infheisteoirí nó trí chaiteachas chaipitiúil.
NB. Ní chlúdófar costais atá maoinithe cheana trí airgeadaithe tríú páirtí nó trí infheisteoirí nó trí chaiteachas chaipitiúil.
An Dóigh le hIarratas a Chur Isteach
Bain úsáid as ár dtairseach iarratais atá ar líne le hiarratas a chur isteach trí: https://applications.screenireland.ie. Tá sé tábhachtach go gcuirfidh tú an oiread eolais agus is féidir ar fáil chun cúnamh linn measúnú iomlán cothrom a dhéanamh. Ní thosófar breithniú ar d’iarratas do thacaíocht ach ar fháil foirme iarratais comhlánaithe. Ní mheasfar iarratais easnamhacha agus spreagtar iarratais luatha.
Riarfar cinnidh trí phainéal inmheánach meastóirí.
Spriocdháta Iarratais
Déanfar measúnú ar iarratais ar bhonn bhliantúil. Is é Spriocdháta Druidime 2025 ná 21 Samhain ar 1i.n.
Critéir Mheasúnaithe
- Dearbhú gur eagraíocht incháilithe thú mar a bhfuil cur síos uirthi sna critéir thuas, ag cur san áireamh cé orthu a bhfuil na seirbhísí dírithe;
- Gearrchuntas ar an Eagraíocht ina áireofar (i) stair ghairid ar an eagraíocht, (ii) sonraí ar Bhord na heagraíochta agus ar ghnásanna an rialachais corparáidigh ina áireofar déimeagrafaigh dhí-ainmnithe bhaill, fhoireann (ag cur CVanna na bpríomhoifigeach agus an phríomhphearsanra san áireamh) agus bhaill bhoird na heagraíochta, agus (iii) sonraí ar dhea-theist na heagraíochta;
- Sceideal ar an phríomhghníomhaíocht a bhfuiltear ag súil leis ag cur bun-imeachtaí don eagraíocht san áireamh a fhad leis an chéad bhliain airgeadais eile (cuir plean mionsonraithe ar fáil le do thoil), achoimre ar na bunghnéithe insoláthartha maidir leis an chistiú a iarrtar agus, nuair is bainteach, uasdátú ar ghníomhaíochtaí na bliana roimhe maidir leis an chistiú a fuarthas (ag tabahirt eolais faoi thorthaí agus tionchair);
- Buiséad bliantúil na heagraíochta don tréimhse a bhfuil tú ag cur isteach uirthi ina áireofar sonraí ar gach uile fhoinse maoinithe eile a chuireann leis an bhuiséad bhliantúil.
- Cóipeanna de chuntais bhliantúla na heagraíochta ón trí bliana airgeadais seo chuaigh thart (más bainteach) agus teastas deimhnithe imréitigh cánach bailí;
- Fianaise ar an dóigh a gcuireann príomhghnó na heagraíochta le forbairt, fás agus inbhuanaitheacht na hearnála i gcoitinne.
Tabhair faoi deara más é do thoil é go m’fhéidir go n-iarrfadh Fís Éireann tuilleadh eolais chun tosaigh ar chomhlíonadh mheasúnú iarratas.
- Fanfaidh na Treoirlínte seo agus an Cistiú féin faoi réir athbhreithnithe agus leasú rialta.
- Forchoimeádann Fís Éireann an ceart chun cuid ar bith de na Treoirlínte seo a cheartú nó a shoiléiriú. Sa chás go n-athrófar nó go n-athbhreithneofar na Treoirlínte seo, cuirfear leagan uasdátaithe ar fáil ar www.screenireland.ie agus aithneofar é tríd an mhí agus an bhliain a foilsíodh é. Tá iarrthóirí freagrach as deimhniú go bhfuil siad ag úsáid leagan reatha na dTreoirlínte agus na foirme iarratais.
- Dícháileofar iarratas láithreach má dhéanfar aon iarracht dul i gcion ar bhall painéil.
- Ní féidir leat cur isteach ar chistiú má tá aon oibleagáidí conartha nó tuairiscithe agat atá neamhfhaofa nó atá thar téarma.
Le haghaidh tuilleadh eolais ar an scéim gabh i dteagmháil más é do thoil é le corefunding@screenireland.ie.