Hit enter to search or ESC to close
Ficsean – Léiriú Éireannach

Ficsean – Léiriú Éireannach

Tá an maoiniú seo dírithe ar scannáin fhada a cheap agus a dtug tallann Éireannach ceannaireacht cruthaitheachta orthu.

Maidir Leis an Maoiniúchán

Tá an maoiniú seo ar fáil do phríomhscannáin ar chuir Éireannaigh ardtallainne tús leo agus a bhfuil Éireannaigh chruthaitheacha ardtallainne - stiúrthóirí, scríbhneoirí, léiritheoirí - i gceannas orthu. Go hiondúil (ach ní i gcónaí), tabharfaidh an t-ábhar iontu léargas éigin ar chultúr na hÉireann, agus beidh an bhainistíocht phraiticiúil go príomha Éireannach. Tá an scéim seo oscailte roimh scannáin fhicsin bheoghnímh, phríomhscannáin bheochana, agus go teoranta roimh shraitheanna dráma beoghnímh don teilifís.

Go hiondúil (ach ní i gcónaí), cuireann Fís Éireann maoiniú ar fáil faoin scéim Léiriú Éireannach do thionscadail atá as Béarla nó as Gaeilge don chuid is mó, nó meascán den dá theanga.

Cé atá i dTeideal Iarratas a Dhéanamh

Tá maoiniú Fís Éireann ar fáil do léiritheoirí Éireannacha a bhfuil príomhscannán nó tionscadal dráma teilifíse acu gur mian leo a léiriú, le rochtain shoiléir acu ar na cearta atá riachtanach chun ábhar a chur in oiriúint don scáileán, a cruthaíodh ag, agus a bhfuil aontú ann idir an scríbhneoir scripte agus an stiúrthóir.

Conas Iarratas a Dhéanamh

Is féidir iarratas a dhéanamh ar líne anois. Téigh go dtí Déan Iarratas Ar Líne Fís Éireann.

Caithfear aontú a fháil ó Bhainisteoir Tionscadail Fís Éireann sula dhéantar iarratas.

Más mian leat iarratas ar mhaoiniú a dhéanamh tríd an phost, cur glaoch ar 091 561 398 chun an fhoirm iarratais chuí a fháil. 

Spriocdhátaí Cistithe Léirithe 2026
  • Dé hAoine 12 Eanáir ar 1in
  • Dé hAoine 23 Márta ar 1in
  • Dé hAoine 13 Iúil ar 1in
  • Dé hAoine 26 Deireadh Fómhair ar 1in

Treoirlínte Cistithe Léirithe

08.12.2025