Hit enter to search or ESC to close
Cistiú Forbartha Breise Chláir Fhaisnéise

Cistiú Forbartha Breise Chláir Fhaisnéise

Tá Cistiú Forbartha Breise Chláir Fhaisnéise ar fail do scannáin Iánfhada fhaisnéise agus sraitheanna faisnéise atá ag fáil maoiniú Fís Éireann cheana féin faoin chatagóir Forbairt Chláir Fhaisnéise na Chéad Chéime.

Faoi Chistiú

Tá Cistiú Forbartha Breise Chláir Fhaisnéise ar fail do scannáin Iánfhada fhaisnéise agus sraitheanna faisnéise atá ag fáil maoiniú Fís Éireann cheana féin faoin chatagóir Forbairt Chláir Fhaisnéise na Chéad Chéime.

Má bhíonn gá leis is féidir cistiú a iarraidh le haghaidh taighde bhreise, le freastal ar chur i láthair/mhargaíocht airgeadais agus/nó chun doiciméad díolta feabhsaithe agus tréiléar a chruthú a ardaíonn an togra ón Chéad Chéim Fhorbartha le bheith réidh don mhargadh i gcomhair airgeadais agus léirithe. 

Cé is féidir iarratas a dhéanamh?

Léiritheoirí Éireannacha a bhfuil togra scannán faisnéise nó sraith fhaisnéise acu a fuair cistiú Forbartha Cláir Faisnéise ag an Chéad Chéim nó Cistiú Forbartha Faisnéise cheana tar éis 1 Eanáir 2023 (babhtaí cistiúcháin Dheireadh Fómhair 2022, Feabhra 2023, Aibreán 2023 agus Meitheamh 2023). 

Ní dheimhníonn Cistiú Forbartha na Chéad Chéime maoiniú breise níos faide ar aghaidh.

Uasmhéid Sparánachta

€10,000

Riachtanais Iarratais
  • Líne Mhínithe
  • Achoimre Ghearr (500 focal ar a mhéid)
  • Gearrchuntas Mionsonraithe agus miondealuithe eipeasóide san áireamh i gcás sraithe
  • Nótaí ar thuilleadh fhorbairt/chur i ngníomh an togra
  • Íomhánna Samplacha
  • Buiséad Forbartha (Tabhair do d’aire le do thoil nach bhfuil an teimpléad excel in úsáid níos mó. Líontar an buiséad amach ar an fhoirm iarratais ar líne.)
  • Fianaise ar Úinéireacht Chearta
An Dóigh le hIarratas a Chur Isteach

Is féidir iarratais a dhéanamh ag úsáid an chnaipe ‘Déan Iarratas’ atá ar an leathanach seo nuair a gheobhfar cead ó Bhainisteoir Tionscadail Fís Éireann le dul ar aghaidh leis.  Caithfidh iarratasóirí na Treoirlínte Maoinithe Forbartha a léamh sula gcuirfear iarratas isteach. Mura gcomhlíonfaidh iarratais na critéir atá leagtha amach sna treoirlínte seo measfar go huathoibríoch iad a bheith neamh-incháilithe.

Spriocdhátaí Cistithe 2026

  • Dé hAoine 26 Eanáir ar 1in
  • Dé Luain 30 Dé Luain ar 1in
  • Dé Luain 25 Bealtaine ar 1in
  • Dé Luain 7 Meán Fómhair ar 1in

Más mian leat iarratas ar mhaoiniú a dhéanamh tríd an phost, cur glaoch ar 091 561 398 chun an fhoirm iarratais chuí a fháil. 

16.02.2026