Hit enter to search or ESC to close
Léiriú Príomhscannán Faisnéise

Léiriú Príomhscannán Faisnéise

Tá an maoiniú seo dírithe ar scannáin fhaisnéise a cheap agus a dtug tallanna Éireannacha ceannaireacht cruthaitheachta orthu.

Maidir Leis an Maoiniúchán

Tá an maoiniú seo ar fáil do scannáin fhaisnéise ar chuir Éireannaigh ardtallainne tús leo agus a bhfuil Éireannaigh chruthaitheacha ardtallainne - stiúrthóirí, léiritheoirí, scríbhneoirí - i gceannas orthu, agus beidh an bhainistíocht phraiticiúil go príomha Éireannach.

Tá béim á leagan i gcónaí ar phríomhscannáin chruthaitheacha fhaisnéise le h-ardluachanna léiriúcháin cimeataigh, gur féidir leo lucht féachana idirnáisiúnta a aimsiú trína dtaispeáint i bpictiúrlanna agus ag féilte.    


Go hiondúil (ach ní i gcónaí), cuirtear maoiniú ar fáil ag Fís Éireann faoin scéim seo do thionscadail atá as Béarla nó as Gaeilge don chuid is mó, nó meascán den dá theanga.

Tabhair san áireamh le do thoil, nach cosúil go dtugfar tacaíocht do scannáin fhaisnéise atá dírithe ar shliotán teilifíse uair a' chloig nó níos lú agus nach mbeidh tarraingt bheag ná mhór acu go hidirnáisiúnta. Chomh maith le tiomantas Fís Éireann don phictiúrlann, ceaptar an tabhairt faoi seo mar fhreagairt ar an mhéadú suime atá ann ón lucht féachana pictiúrlainne i dtaobh scannáin fhaisnéise. Ba mhaith le Fís Éireann scannánaíocht fhaisnéise a spreagadh a thugann léargas áirithe ar an domhan - san am a chuaigh thart, sa lá atá inniu ann agus sa todhchaí - atá fíor-phearsanta agus cruthaitheach ar bhealach Éireannach. Chomh maith, ba mhaith le Fís Éireann tallann Éireannach a aimsiú agus a chothú a bheas in ann ábhair fhaisnéise a chur in iúl ar bhealach nach gcuireann cultúr nó teanga aon srian orthu, agus a úsáideann teicnící aeisteitiúla agus mhothúlacha na pictiúrlainne chun a scéal a insint.

Cé atá i dTeideal Iarratas a Dhéanamh

Tá maoiniú Fís Éireann le haghaidh Léiriúchán Scannán Faisnéise ar fáil do léiritheoirí Éireannacha atá ag iarraidh scannán faisnéise a léiriú, le rochtain shoiléir acu ar na cearta atá riachtanach chun ábhar a chur in oiriúint don scáileán más gá, agus le haontú socraithe idir an stiúrthóir, na príomh-rannpháirtithe agus an script-scríbhneoir (má tá an duine sin ann).

Tá Fís Éireann tiomanta ar chomhlachtaí a chothú a dhéanann scannáin fhaisnéise d'ard-chaighdeán a bhaineann clú idirnáisiúnta amach, agus a dhéanann sin go héifeachtach agus go haireach. Chuige seo, aithnímid go bhfuil ról an léiritheora go rí-thábhachtach. Ba mhaith le Fís Éireann iarratais a fheiscint ina bhfuil plean soiléir agus réadúil chun an leas is fearr a bhaint as an scannán faisnéise. Tá eolas ar an mhargadh do scannáin fhaisnéise iontach tábhachtach, agus moltar do léiritheoirí comhpháirtíocht le comhlachtaí eachtracha a lorg. Tá Fís Éireann oscailte roimh thionscadail chomhléiriúcháin a thabhairt san áireamh faoin scéim seo, a leanfaidh na prionsabail a leagtar amach faoi Ficsean: Comhléiriú Cruthaitheach.

Conas Iarratas a Dhéanamh

Is féidir iarratas a dhéanamh ar líne anois. Téigh go dtí Déan Iarratas Ar Líne Fís Éireann.

Caithfear aontú a fháil ó Bhainisteoir Tionscadail Fís Éireann sula dhéantar iarratas. 
Más mian leat iarratas ar mhaoiniú a dhéanamh tríd an phost, cur glaoch ar 091 561 398 chun an fhoirm iarratais chuí a fháil.