Hit enter to search or ESC to close
Dáileadh Díreach

Dáileadh Díreach

Faoin Chistiú 

Tá maoiniú Dáileacháin Díreach ar fáil do léiritheoirí Éireannacha chun cúnamh le costais eisiúna amharclannaíochta in Éirinn (Tuaisceart na hÉireann san áireamh) do scannáin fhada atá ag fáil cistiú Léirithe nó Críochnaithe ó Fís Éireann cheana féin, nach raibh in ann dáileadh amharclannaíochta oiriúnach a dheimhniú ó chuideachta dháileacháin Éireannach bona fide. 

Tá an maoiniú i bhfoirm iasachta chirt chúitimh theoranta atá in-aisghabhála ó ioncaim amharclainne, ach ní as ioncaim a dhéantar ó DVD, VOD agus saothrú teilifíse. Beidh cead iomlán le fáil ó Fís Éireann ar gach uile chostas tabhaithe. 

Is é bunphrionsabal na tacaíochta seo go mbeidh an feachtas margaíochta spriocdhírithe, éifeachtach agus nuair is cuí, go n-úsáidfear saineolas comhpháirtithe lárnacha san eisiúint; macasamhail taispeántóirí, gréasáin dháiltí, agus gníomhaireachtaí margaíochta agus cumarsáide a mbeidh taithí acu. 

Tá maoiniú trí Dháileadh Dhíreach uasteoranta ag 90% den bhuiséad dáilte iomlán, go dtí uasmhéid €20,000.

Glactar leis go mbeidh an léiritheoir freagrach as ullmhú an scannáin don eisiúint amharclannaíochta sa mhargadh Éireannach, agus dá dháileadh fhisiciúil. Tá comhairliúchán fiúntach ag teastáil le Fís Éireann trí gach céim na heisiúna. 

Tá na costaisí a leanas inghlactha do thacaíocht trí Dháileadh Dhíreach: 

  • Costais DCPanna
  • Dearadh agus cruthú blaisín, muna bhfuil siad clúdaithe cheana trí léiriú 
  • Costais chruthaitheachta agus tháirgeachta i dtaobh le croí-ealaín, póstaeir agus fógraíocht; 
  • Costais dheimhniúcháin IFCO 
  • Costais spáis sna meáin 
  •  Costais mhargaíochta, phoiblíochta agus bholscaireachta 
  • Táillí CP do shaineolaithe tríú páirtí 
  • Ábhair mhargaíochta dhigiteacha 
  • Costais ar thuairisciú oifigí na dticéad: tá tuairisciú ar oifigí na dticéad de dhíth gach Luan i rith eisiúint an scannáin. Caithfidh seo a chomhlíonadh ag baint úsáide as tuairisciú ar oifigí na dticéad de réir chaighdeán na hearnála i.e. Comscore 
  • Costais inrochtaineachta: Cruthú ábhar chun inrochtaineacht a cheadú agus a fheabhsú do gach cineál lucht féachana agus iad siúd atá faoi mhíchumas san áireamh 

Tá na costais a leanas neamh-incháilithe do thacaíocht trí Dháileadh Dhíreach: 

  • Forchostais chuideachta 
  • Alcól 
  • Lónadóireacht 
  • Bronntanais 
  • Breosla, míleáiste, dolaí bóthair, páirceáil 
  • Tacsaithe (ach amháin i gcás tallainne nuair is gá) 
  • Táillí inmheánacha do shainghnéithe i.e. PR 
Critéir 

Braithfidh socrú Fís Éireann chun cuidiú le heisiúint scannán cáilithe orthu seo a leanas: 

  •  Measúnú deimhnitheach ar phlean eisiúna an léiritheora agus ar an bhuiséad dháiliúcháin foriomlán 
  • Gealltanas ó thaispeántóir amháin ar a laghad an scannán a thaispeáint go ceann seachtaine amháin ar a laghad 
  • Fianaise spéise ó ionaid oiriúnacha eile leis an scannán a thaispeáint  
  • Réamhphoiblíocht ag Féile Scannán Éireannach 
  • Fianaise ar thuairim léirmheastóra agus/nó ar thuairim lucht féachana dheimhnitheach ó thaispeáint ag Féile Scannán Éireannach nó Idirnáisiúnta 
Cé Is Féidir Iarratas a Dhéanamh? 

Tá maoiniú Dáileacháin Díreach ar fáil do chomhlachtaí léirithe atá bunaithe i bPoblacht na hÉireann a bhfuil sé de rún acu scannán cáilithe a eisiúint d’amharclanna in Éirinn (Tuaisceart na hÉireann san áireamh). 

Is ionann scannáin cháilithe maidir leis an scéim seo de agus scannáin fhada (ficsean, beochan nó scannán faisnéise) atá ag fáil Cistithe Léirithe nó Críochnaithe ó Fís Éireann cheana féin. 

Ní féidir Fís Éireann ach conradh a dhéanamh le comhlachtaí atá ionchorpraithe i bPoblacht na hÉireann.  

Ag Cur Iarratas Isteach 

Is féidir iarratais a dhéanamh ar líne ag baint úsáide as an chnaipe ‘Déan Iarratas’ ar an leathanach seo. Mura gcomhlíonfaidh iarratais na critéir atá leagtha amach sna treoirlínte seo tarraingeofar amach go huathoibríoch iad. 

Is féidir na spriocdhátaí iarratas do 2026 a aimsiú sna Treoirlínte Cistithe Léirithe agus sa taobh-bharra ar thaobh chlé an leathanaigh seo. 

Ní mór dul i gcomhairle le Ceannasaí Lucht Féachana Fís Éireann, Emma Scot, sular ndéanfar iarratas. Caithfidh cóip an scannáin a chur ar fáil don Cheannasaí Lucht Féachana sula gcuirfear iarratas isteach. 

Más mian leat iarratas cistithe a dhéanamh tríd an phost, cuir scairt ar 091 561 398 don fhoirm iarratais chuí. 

Tabhair faoi deara más é do thoil é go ndúnfaidh an tairseach iarratas ar 1in ar lá an spriocdháta iarratais. 

Spriocdhátaí d’Iarratais Dáileacháin le haghaidh 2026
  • Dé hAoine 12 Eanáir ar 1in
  • Dé hAoine 23 Márta ar 1in
  • Dé hAoine 13 Iúil ar 1in
  • Dé hAoine 26 Deireadh Fómhair ar 1in

Déan Iarratas

03.03.2026