Hit enter to search or ESC to close
Polasaí agus Nósanna Imeachta Coimhlinte Leasa

Polasaí agus Nósanna Imeachta Coimhlinte Leasa

Tá Bord Fís Eíreann/Screen Ireland tiomanta do na caighdeáin is airde i rialachas corparáideach.

Tá Bord Fís Eíreann/Screen Ireland tiomanta do na caighdeáin is airde i rialachas corparáideach. Tá polasaithe agus nósanna imeachta láidre i bhfeidhm chun cosc a chur le haon choimhlintí leasa agus le hiad a mhaolú a d’fhéadfadh tarlú i gcaitheamh obair an Bhoird. Cloítear go docht leis na polasaithe seo an t-am ar fad.

Ceapann an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt Baill Bhoird Fís Éireann/Screen Ireland tar éis próisis earcaíochta agus roghnaithe a bhainistíonn an tSeirbhís um Cheapachán Phoiblí. Fáiltímid roimh chinneadh an Aire daoine ar leith a cheapadh a bhfuil meascán ilghnéitheach saineolais tionscadail, taithí acadúil, chorparáideach agus chruthaitheach agus léargas ar an Bhord acu.

Chun trédhearcacht iomlán a dheimhniú cuirtear sonraí ar fáil ar aon chinnidh chistithe a bhfuil eagraíocht bhall Bhoird i gceist iontu nó ina bhfuil eagraíocht i gceist a bhfuil baint ag ball Boird léi. Foilsítear iad seo lastigh den Tuairisc Bhliantúil.

Tá an próiseas iarratais i gcomhair cistithe Fís Éireann mionchúiseach agus tá réimse leathan eolais de dhíobháil ó iarrthóirí sula bhfaomhtar iasacht chistithe. Cloíonn tograí rathúla a fhaigheann cistiú ó Fís Éireann leis na prionsabail chistithe agus critéir a leagtar amach sna treoirlínte foilsithe.

Nósanna Imeachta Coimhlinte Leasa

Ina theannta sin, tá nósanna imeachta coimhlinte leasa láidre i bhfeidhm ag Fís Éireann a bhfuil cur síos orthu i gCód Iompair Fís Éireann, ach mar achoimre:

  1. Is mír ar chlár chruinnithe léiriú coimhlinte leasa ag gach Cruinniú Boird.
  2. Coinníonn Rúnaí an Bhoird clár leasa do na baill Bhoird go léir. Uasdátaítear an clár seo go rialta d’aon choimhlintí úra a éiríonn tar éis ceapacháin.
  3. Ar eagla féidearthachta coimhlinte leasa, ní fhaigheann baill Bhoird aon cháipéisíocht nó ní ghlacann siad páirt nó ní bhíonn siad i láthair ag aon chíoradh a bhaineann leis na bearta seo.
  4. Nochtar sceideal beart a raibh leas ag Ball Boird iontu i dtuairisc bhliantúil Fís Éireann chun trédhearcacht a chinntiú.
  5. Comhlíonann gach Ball Boird Ráiteas Leasa bliantúil le seoladh ar ais chuig an Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí ag tabhairt eolas faoi aon leas ábhartha de réir na nAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí 1995 agus 2001.
  6. Fuair gach Ball Boird oiliúint i rialachas corparáideach ó sholáthraí neamhspleách mar chuid dá phróiseas induchtaithe agus is gné thábhachtach den oiliúint seo coimhlintí leasa.
  7. Taifeadtar na bronntaí sparánachta go léir go poiblí agus foilsítear ar láithreán gréasáin Fís Éireann iad sa bhreis ar an tuairisc bhliantúil.