Hit enter to search or ESC to close
Rialacháin agus Teorainneacha Cistithe

Rialacháin agus Teorainneacha Cistithe

Tá méid an mhaoinithe gur féidir le Fís Éireann bronnadh ar iarratasóirí faoi chuid mhaith de na cláir seo faoi theorainn rialacháin a aontaítear le Rialtas na hÉireann nó atá leagtha amach ag an Choimisiún Eorpach.

Déine Státchabhrach

Faoi rialacha an Choimisiúin Eorpaigh maidir le déine státchabhrach (sé sin, méid an mhaoinithe i dtogra a thagann as cistí fóirdheontais, ó scéimeanna dreasa cáinbhunaithe nó ó aon chórais thacaíochta eile), ní cheadaítear méid an stáitchabhrach a úsáidtear le togra scannánaíochta a mhaoiniú dul thar 50% dá chostas iomlán, faoi réir, inter alia, nuair a ghlactar leis go bhfuil an scannán ‘ar chostas bheag’ nó ‘deacair’ (féach an t-alt thíos);

Tabhair do d’aire go nglactar leis gur státchabhair luach glansochar cistí a chruinnítear faoi Alt 481 in Éirinn agus sparánachtaí a dhéantar ó Chiste Fuaime & Físe de chuid Choimisiún na Meán araon, agus i gcás comhléiriú idirnáisiúnta, is ionann méid na státchabhrach i dtogra agus comhiomlán a leithéid de chistiú agus a sholáthraíonn na tíortha comhléirithe go léir.

Scannáin ar Chostas Bheag agus Scannáin Dheacra

Is féidir glacadh le scannán mar ‘ar chostas bheag’ mura rachaidh a bhuiséad léirithe thar €3 mhilliún. Is í an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt a dheimhníonn gur ‘ar chostas bheag’ atá togra.

Tá Fís Éireann údaraithe le scannán a dhéanfar in Éirinn a dheimhniú mar ‘deacair’. Is féidir sainmhíniú faofa ‘deacair’ a fháil anseo.

Teorainneacha Cistithe Forbartha

I dtaobh le cistiú forbartha, tá teorainneacha ar an mhéid is féidir le Fís Éireann a sholáthar do thograí de bhun rialacháin rialtais na hÉireann agus a chuireann Fís Éireann i bhfeidhm mar a leanas:

  • Is é uasmhéid cistithe forbartha is féidir le Fís Éireann a sholáthar d’aon togra amháin €125,000.
  • Ní mór méid ar bith atá thar €75,000 de mhaoiniú forbartha ó Fhís Éireann d’aon togra amháin a bheith cómhaoinithe ó fhoinsí eile.

Ba chóir d’iarratasóirí tabhairt faoi deara gur dóiche go dtairgfear sparánachtaí a bheidh go suntasach níos lú ná an t-uasmhéid de bharr an bhrú atá ar áiseanna Fís Éireann.

Aisíocaíocht - Caithfidh iasachtaí forbartha Fís Éireann a chur san áireamh mar mhír líne i mbuiséad an léirithe, agus ní mór aisíoc a dhéanamh ina iomlán um chéad lá na príomhscannánaíochta nó na príomhlíníochta beochana iomláine.

Cúinsí Eisceachtúla - Tabhair do d’aire go bhféadfadh na teorainneacha maoinithe uilig thuasluaite athrú sa chás go mbeadh cúinsí eisceachtúla ar fad i gceist i dtaobh le togra ar leith. Beidh Fís Éireann ag teastáil lena leithéid de chúinsí eisceachtúla ar fad a bheith leagtha amach go mion i scríbhinn le hiarratas ar bith. Ag cuimhniú ar leibhéil na sriantachtaí buiséid atá ann faoi láthair, níltear ag tnúth go nglacfaidh Fís Éireann le haon chúinsí eisceachtúla ar fad taobh istigh d’achar gearr.

Teorainneacha Cistithe Léirithe

I dtaobh le cistiú léirithe, tá rialacháin rialtais na hÉireann a chuireann srian ar an mhéid is féidir le Fís Éireann a sholáthar. Ina theannta sin, cuirfidh Fís Éireann socruithe maoinithe agus teorainneacha maoinithe i bhfeidhm. Is iad seo a leanas na teorainneacha:

1. Ficsean: Léiriú Éireannach (Scannáin Lánfhada Bheochana San Áireamh)

Is féidir le Fís Éireann maoiniú léiriúcháin a chur ar fáil de réir Threoirlínte maidir le Caiteachas Cruthaitheach Éireannach Inghlactha leis na coinníollacha seo a leanas:

  1. Maidir leis na tionscadail a bhfuil buiséid dar luach suas le €3 mhilliún acu, is féidir le Fís Éireann suas le 70% den bhuiséad a chur ar fáil le huasmhéid dar luach €950,000.
  2. Maidir leis na tionscadail ag a bhfuil buiséid dar luach os cionn €3 mhilliún agus ní níos mó ná €7 mhilliún, is féidir le Fís Éireann suas le 65% den bhuiséad a chur ar fáil, idir €1,000,000 agus €1,200,000.
  3. Maidir leis na tionscadail ag a bhfuil buiséid dar luach os cionn €7 mhilliún agus nach mó ná €20 milliún, is féidir le Fís Éireann suas le 65% den bhuiséad a chur ar fáil le huasmhéid dar luach €1,300,000.

* Do thograí a bheidh cáilithe mar Fhicsean: Léiriú Éireannach, beidh maoiniú léirithe feabhsaithe ar fáil suas le €100,000 breise do thograí a mbeidh Tallann Mná (scríbhneoir agus/nó stiúrthóir, scríbhneoir/stiúrthóir) ceangailte leo, féach an Treoirnóta fá choinne tuilleadh sonraí.

Nóta re. Buiséad: Siocair go bhfuil éileamh as cuimse ar áiseanna Fís Éireann, ba chóir iarratasóirí a bheith ag tnúth le hiomaíocht níos géire do mhaoiniú.  Beidh tairiscintí Fís Éireann ag brath ar sholáthar cistithe.

Moltar d’iarratasóirí na treoirlínte maoinithe cuí a léamh gur féidir a íoslódáil ón láithreán gréasáin.

2. Ficsean: Comhléiriú Cruthaitheach

Beidh leibhéil mhaoinithe do chomhléirithe cruthaitheacha ar aon dul le leibhéil ionchur cruthaitheach na gcomhléiritheoirí Éireannacha, ach ní bheidh siad níos mó ná €350,000 in aghaidh an togra de ghnáth. Beidh iarléiriú amháin i réimse €150,000 in aghaidh an togra.

Tabhair faoi deara le do thoil go mbaineann na rialacha Caiteachais Ceadaithe ar Chruthaitheacht Éireannach go háirithe le Comhléirithe Ficsean Cruthaitheacha.

3. Teilifís: Drámaíocht

Beidh an leibhéal maoinithe is féidir a sholáthar i gcomhair sraitheanna teilifíse drámaíochta agus beochana den scoth ag baint leis na leibhéil mhaoinithe a bheidh ar fáil ó na craoltóirí agus ó Choimisiún na Meán.

Is féidir le Fís Éireann suas le 20% den Bhuiséad a sholáthar ar aon dul leis na Treoirlínte ar Chaiteachas Chruthaitheach Éireannach de réir na gcoinníollacha a leanas:

  1. Do thograí a bhfuil buiséid acu suas le €6.5 mhilliún, is féidir le Fís Éireann suas le 20% den bhuiséad a sholáthar le huasmhéid €650,000.
  2. I gcomhair tograí le buiséid atá thar €6.5 mhilliún, is féidir le Fís Éireann suas le 10% den bhuiséad a sholáthar le huasmhéid €950,000.

4. Teilifís: Beochan

Beidh an leibhéal maoinithe is féidir a sholáthar i gcomhair sraithe teilifíse beochana den scoth (idirnáisiúnta) ag baint leis na leibhéil mhaoinithe a bheidh ar fáil ó na craoltóirí agus ó Choimisiún na Meán ach de ghnáth ní bheidh sé níos mó ná €400,000 le haghaidh sraithe teilifíse.

5. Clár Faisnéise: Léiriú

Is féidir le Fís Éireann suas le 65% den Bhuiséad a sholáthar do scannáin lánfhada fhaisnéise agus do shraitheanna faisnéise ar aon dul leis na Treoirlínte ar Chaiteachas Chruthaitheach Éireannach suas le huasmhéid €250,000. 

6. Cláir Fhaisnéise: Comhléiriú Cruthaitheach

Beidh leibhéil mhaoinithe do chomhléirithe faisnéise cruthaitheacha ar aon dul le leibhéil ionchur cruthaitheach na gcomhléiritheoirí Éireannacha, ach ní bheidh siad níos mó ná €150,000 in aghaidh an togra.

7. Críochhnú

Beidh leibhéil mhaoinithe is féidir a sholáthar i gcomhair mhaoiniú chríochnaithe ag teacht leis an íosleibhéal fíorchostais a bheidh de dhíobháil chun an scannán a chríochnú, agus déanfar gach togra a mheas go cúramach ar an bhonn sin. I gcás ar bith, ní rachaidh maoiniú críochnaithe thar €100,000 de ghnáth le haghaidh scannáin lánfhada nó thar €50,000 le haghaidh cláir fhaisnéise.

Ba chóir d’iarratasóirí tabhairt faoi deara gur dóiche go dtairgfear sparánachtaí a bheidh go suntasach níos lú ná an t-uasmhéid de bharr an bhrú atá ar áiseanna Fís Éireann.

Ba chóir d’iarrthóirí tabhairt faoi deara freisin, i gcás iarratas Léirithe Éireannach nuair nach Éireannach/Éireannaigh an/na scríbheoir(í) nó an/na stiúrthóir(í), beidh aon sparánacht a thairgfear go suntasach níos lú ná na huimhreacha do Léiriú Éireannach atá cláraithe thuas.

Coinníollacha Speisialta

Tá coinníollacha speisialta ar leith ag baint le cistiú Fís Éireann, ina measc:

  • Caithfidh míreanna sonraí dóthanacha a bheith san áireamh sa bhuiséad léirithe le hábhair mhargaíochta a dhéanamh.
  • Caithfidh an sceideal iarléirithe go leor ama a ligean i gcomhair thriail thaispeána an scannáin. Tá an triail taispeána sainordaitheach agus eagróidh is íocfaidh Fís Éireann aisti.
  • Beifear ag súil go mbeidh eisiúint amharclainne in Éirinn do gach uile scannán lánfhada a gheobhaidh Cistiú Léirithe ó Éirinn (cé go bhféadfaí eisceachtaí a dhéanamh do chláir fhaisnéise).
Cásanna Eisceachtúla

Tabhair do d’aire go bhféadfadh na teorainneacha maoinithe uilig thuasluaite athrú sa chás go mbeadh cúinsí eisceachtúla ar fad i gceist i dtaobh le togra ar leith. Beidh Fís Éireann ag iarraidh a leithéid de chúinsí eisceachtúla ar fad a bheith leagtha amach go mion i scríbhinn le hiarratas ar bith. Ag cuimhniú ar leibhéil na sriantachtaí buiséid atá ann faoi láthair, níltear ag tnúth go nglacfaidh Fís Éireann le haon chúinsí eisceachtúla ar fad taobh istigh d’achar gearr.

Caiteachais Ceadaithe ar Chruthaitheacht Éireannach

Is bunphrionsabal maoinithe Fís Éireann le haghaidh léirithe é nach mór an tsuim iomlán infheistithe a chaitheamh ar phearsanra, ar earraí agus ar sheirbhísí Éireannacha. Nuair nach mbeidh ach cuid de léiriú togra ar siúl i bPoblacht na hÉireann, ba chóir do léiritheoirí tuiscint go bhféadfadh méid an mhaoiniú a iarrtar ó Fís Éireann a bheith teoranta de réir an mhéid a chaithfear in Éirinn.

Is dócha gur minice a bheidh seo amhlaidh i gcás tograí atá leagtha amach mar chomhléirithe ina mbeidh ról mionlaigh ag Éireannaigh agus a bheidh incháilithe do Ficsean: Cistiú Comhléirithe Cruthaithigh ó Fís Éireann. Seans go mbeadh sé bainteach chomh maith le tograí scannán lánfhada beochana (déanta mar chomhléirithe ilnáisiúnta go hiondúil) agus le Ficsean: tograí Léirithe Éireannacha nuair is ar éigean go ndéanfaí aon scannánaíocht in Éirinn.