Hit enter to search or ESC to close
Tacaíochta Poiblíochta

Tacaíochta Poiblíochta

Faoin Chistiú

Is í an aidhm atá leis an chistiú seo tacaíocht phoiblíochta a chur ar fáil don Chéad Taibhiú scannán lánfhada beo-aicsean, beochan nó clár faisnéise ar thacaigh Fís Éireann leo a bheidh páirteach i mórfhéilte A-liosta. 

Riachtanais Iarratais 

Caithfidh tú iarratas a dhéanamh chomh luath agus a thugtar cuireadh do do scannán a bheith ar taispeáint ag mórfhéile scannán idirnáisiúnta A-liosta, mar atá leagtha amach thíos: 

• Ní mór do do scannán a bheith ag fáil maoiniú léirithe ó Fís Éireann

• Ní mór do cuireadh a bheith ag do scannán dul ar taispeáint ag ceann de na féilte scannán idirnáisiúnta seo amháin a leanas: 

  1. Sundance Film Festival 
  2. Berlin Film Festival 
  3. Cannes Film Festival 
  4. Toronto International Film Festival 
  5. Venice International Film Festival 
  6. SXSW 
  7. Tribeca Film Festival 

• Níl an cistiú ar fáil d’ócáid ar bith eile diomaite den Chéad Taibhiú nó do Première Idirnáisiúnta an scannáin 

• Tá na nithe a leanas de dhíth mar chuid de gach iarratas maoinithe le haghaidh Tacaíochta Poiblíochta: 

  1. Litir ghlactha ón fhéile fhaofa
  2. Beathaisnéis/CV do phoiblitheora roghnaithe agus conarthaí deimhnithe leis an phoiblitheoir sin
  3. Achoimre na straitéise poiblíochta, an bhuiséid agus cad é atá san áireamh mar chuid den táille phoiblíochta 
  4. Nótaí do na meáin a úsáidfear ag an fhéile chuí 
  5. Foirm Iarratais líonta Fís Éireann 

• Caithfear iarratais a fháil 4-6 sheachtain roimh dháta thosaithe na féile go gceadófar maoiniú iomlán. 

Riachtanais Seachadta

  • Tuairisc mhionsonraithe ar na gníomhaíochtaí margaíochta ag an fhéile ag díriú ar cad a d’oibrigh agus nár oibrigh 
  • Gearrtháin ó na meáin don phreas uilig a bhain do phoiblitheoir amach agus liosta na meán a bhí ag freastal ar thaispeáintí na mean 
  • Sonraisc thríú páirtí do chostais phoiblíochta 
  • Sonrasc ón léiritheoir scannáin le maoiniú a tharraingt anuas 

Tarraingt Anuas Maoinithe

Dámhfar uasmhéid €5,000 ar scannáin lánfhada a cheap agus a dtug tallann Éireannach ceannaireacht chruthaitheacht orthu. Is féidir 100% d’íocaíochta maoinithe a tharraingt anuas ar fháil na seachadtaí. 

Eolas Breise

• Caithfidh an poiblitheoir a bheith faofa ag Fís Éireann agus ní mór taithí phoiblíochta ábhartha a bheith aige leis an fhéile áirithe. 

• Níltear ag dúil go n-úsáidfidh tú failleanna gné-alt fógraíochta atá riachtanach a choinneáil siar go dtí d’eisiúint dháileacháin ach táthar ag súil go gcruthófar tuairisciú leathan ar an scannán ag an fhéile i bhfoirm nuacht na féile, léirmheasanna agus feasacht ghinearálta, a bhainfidh go sainniúil le riachtanais do scannáin. 

• Ba chóir béim ar leith a leagan ar phreas réamhléirithe, ag díriú aird ar an scannán gurbh fhiú á choimhéad san fhéile. 

Is féidir a bheith ag súil go gcuirfidh poiblitheoir an tacaíocht fhéile a leanas ar fáil: 

• Déan cur chun tosaigh gníomhach le meáin chreidiúnaithe ar leith, de réir straitéise poiblíochta mar a ordaíonn an gníomhaire díolacháin agus an léiritheoir scannáin, ag úsáid tionchar a chumann uilig chun aimsiú lucht féachana agus feasacht a uasmhéadú. 

• Dul sa tóir ar léirmheasanna trádála suntasacha. 

• Agallaimh a aimsiú más féidir le tallann/scannánóirí atá ar fáil agus íomhánna/gearrthóga eisiacha a chur ar fáil le taispeáint ar líne (go dtí go mbeidh ábhair ar fáil). 

• Cruthaigh sceideal poiblíochta/agallamh don stiúrthóir agus/nó aisteoir(í). 

• Freastail ar gach taispeáint phreasa oifigiúil agus cabhraigh leo mar aon le freagairt na meán ar an scannán a mheas. 

• Oibrigh go dlúth leis an ghníomhaire díolacháin/léiritheoir maidir le roghnú na n-ábhar preasa a d’fhorbair an gníomhaire díolacháin/na léiritheoirí scannán. 

• Tuaracáil dheiridh a sholáthar a léireoidh tuairisciú ar leith a fuarthas, agallaimh  a rinneadh agus a chuirfidh naisc chuig aon alt ábhartha ar líne agus i gcló araon san áireamh. 

• Cuidigh le lóistíocht tallainne do chéad taibhiú an scannáin. 

Conas Iarratas a Dhéanamh

Ba chóir iarratais agus na sonraí go léir san áireamh a chur chuig Louise Ryan, Bainisteoir Margaíochta & Cumarsáide: louise.ryan@screenireland.ie ar an ríomhphost.