Hit enter to search or ESC to close
Peirspictíochtaí

Peirspictíochtaí

Scéim Forbartha Tallainne agus Scannánaíochta de chuid Fhís Éireann

Cad is Peirspictíaochtaí ann?

Mar fhreagra ar thiomantas Fhís Éireann le cumhacht a thabhairt do thallann chruthaitheach agus a bheith ag tacú léi, is tionscnamh píolótach é Peirspictíochtaí do dhéantóirí scannán a thugann léargas ar eispéiris agus ar dhearcadh a bhfhéadfadh sé nach raibh léiriú forleathan déanta orthu ar an scáileán mór roimhe seo. Tá spéis ar leith ag an scéim i mbunscéalta iontaofa ar féidir leo teagmháil a dhéanamh le réimse leathan eispéireas ar fud shaol, chultúr agus phobail na hÉireann.

Tabharfaidh Peirspictíochtaí cabhair agus treoir phraiticiúil do na déantóirí scannán chun a gcuid scannán a chumasú lucht féachana a aimsiú agus chun go ndéanfar dáileadh ar na scannáin sin. Áireofar leis seo caidrimh a thógáil le gníomhairí díolacháin agus dáileoirí féideartha, deiseanna meantóireachta duine le duine agus deiseanna scáthaithe, agus ceardlanna ardleibhéil agus máistir-ranganna.

Cad atá á lorg againn?

Tá peirspictíochtaí oscailte do scannáin lánfhada ficsin bheo‑aicsin ar féidir iad a léiriú ar deireadh ag an raon buiséid riachtanach de € 750,000 – € 950,000 a bheidh maoinithe go hiomlán agus/nó le sreabhadh airgid ó Fhís Éireann. Níl aon teorainn leis an seánra, leis an stíl inste, leis an ábhar ná le gnéithe eile den scéal.

Maidir le Forbairt Tosaigh (Babhta 1), roghnófar suas le 20 tionscadal don chéim Forbartha Tosaigh agus cuirfear tús leis an gconraitheoireacht faoi dheireadh 2024.  Bronnfar maoiniú forbartha suas le €15,000 an ceann ar gach tionscadal a roghnófar do dhéantóirí scannán aonair nó suas le €20,000 d'fhoireann scannánóireachta.

Cé ata I dteideal iarratas a dhéanamh?

Cuirtear fáilte roimh iarratais ó dhéantóirí scannán aonair (scríbhneoirí nó stiúrthóirí) Éireannacha, (ní mór gur i bPoblacht na hÉireann a rugadh gach ball nó gur i bPoblacht na hÉireann a bhfuil cónaí nó sainchónaí orthu) nó roimh iarratais a dhéantar trí chuideachta léirithe an scannánóra aonair féin faoi réir treoirlínte incháilitheachta mar seo a leanas:

  • Déantóirí scannán aonair nó foirne scannánóireachta.
  • Tá sé riachtanach go mbeadh scannán gairid beo-aicsin agus/nó fógra ar an aer agus/nó sraith ar líne mearscaipthe léirithe ag an iarratasóir.
  • Níl tionscadail a fhaigheann maoiniú forbartha ó Fhís Éireann incháilithe. Mar sin féin, ní hionann maoiniú forbartha ó Fhís Éireann a bheith faighte do thionscadail eile san am atá thart agus a rá nach bhfuil an déantóir scannán aonair incháilithe.
  • Ní mór d'iarratasóirí a bheith 18 mbliana d'aois ar a laghad. Níl cead ag mic léinn atá in oideachas lánaimseartha iarratas a dhéanamh.
  • Ní féidir le déantóir scannán aonair ach iarratas amháin a chur isteach ach féadfar scannánóir aonair a cheangal le haighneacht ar leith mar chuid d'fhoireann scannánóireachta. Dá bhrí sin, ní féidir le déantóir scannán a bheith ceangailte ach le dhá aighneacht.
  • Caithfear an réamhléiriú, léiriú agus iarléiriú ar fad ar na scannáin roghnaithe a dhéanamh i bPoblacht na hÉireann.

An gceapann tú go bhfuil ábalta chuige, ach níl tú cinnte an gcomhlíonann tú na critéir ar fad? Téigh i dteagmháil linn, ba bhreá linn cloisteáil uait agus cinneadh a dhéanamh le chéile cé acu an bhfuil nó nach bhfuil tú incháilithe. An seoladh ríomhphoist tiomnaithe atá againn don scéim seo perspectives@screenireland.ie.

Cad iad na riachtanais iarratais?

Ní mór go gcuirfear an méid a leanas san áireamh i d’iarratas:

  • Achoimre ghearr ar d'eispéireas mar dhéantóir scannán, lena n-áirítear nasc chuig aon obair atá déanta go dtí seo
  • Achoimre ghairid/cur síos gairid ar an tionscadal.
  • Nótaí a thugann aghaidh ar gach ceann de na critéir roghnúcháin mar a shonraítear sa mhír Conas a Roghnaímid Tionscadail thíos.

Tá formáid na ndoiciméad thuas oscailte agus glacfaimid le hiarratais scríofa nó físe trínár dtairseach iarratais ar líne ASTARS Iarratas a Dhéanamh | Fís Éireann

Má bhíonn aon cheist ag iarratasóir maidir lena iarratas a chur isteach roimh ré nó le linn a phróisis iarratais, nó chun ciall a bhaint as na treoirlínte, déan teagmháil le perspectives@screenireland.ie chun cúnamh agus tuilleadh faisnéise a fháil.

Cathain iarratas a dhéanamh?

Is é an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais chomhlánaithe 1i.n. ar an Déardaoin an 31 Deireadh Fómhair, 2024.

Ní ghlacfar le hiarratais neamhiomlána ná le hiarratais dhéanacha.

Conas a roghnaímid tionscadail?

Níl an bealach maoinithe seo uathoibríoch agus meastar go mbeidh sé an-iomaíoch. Chomh maith le hiarratasóirí a chomhlíonann na Riachtanais Iarratais, déanfar cinntí maidir le hiarratais ar an gcéim Forbartha Tosaigh seo a mheasúnú ar bhonn gach ceann díobh seo a leanas:

Grinneas na físe cruthaith (25)

Cur síos soiléir gonta a léiríonn tuiscint agus machnamh ar shuíomh an scannáin, ar charachtair, ar an scéal agus ar aon smaointe níos leithne don scannán.

Forbait Tallainne (25)

Iarratais a chuimsíonn tallann Éireannach éagsúil nó tallann atá ag teacht chun cinn i bpríomhróil chruthaitheacha.

Dearcadh Nua agus Bunscéalaíocht (25)

Iarratais a thairgeann cur chuige iontaofa, úr agus neamhghnách. Scéalta a thugann dearcadh láidir aonair chun cinn agus a chuireann peirspictíochtaí éagsúla ar fáil thar raon smaointe.

Freastal ar an Lucht Féachana (15)

Iarratais a mbeidh dúil ag raon lucht féachana iontu le béim ar leith ar an acmhainn an lucht féachana spriocdhírithe a mhealladh agus a chorraí.

Cé Chomh Indéanta is Atá Sé (10)

An féidir do scéal a dhéanamh taobh istigh den raon buiséid atá leagtha amach sna treoirlínte?

Cad é a tharlóidh ina dhiadh seo?

Forbairt

Maidir le Forbairt Tosaigh (Babhta 1), roghnófar suas le 20 tionscadal don chéim Forbartha Tosaigh agus cuirfear tús leis an gconraitheoireacht roimh dheireadh 2024.  Bronnfar maoiniú forbartha suas le €15,000 an ceann ar gach tionscadal a roghnófar do dhéantóirí scannán aonair nó suas le €20,000 d'fhoireann scannánóireachta.

Leis an bpríomhfhócas ar fhorbairt scéalta, beifear ag súil go ndéanfar an obair forbartha don tréimhse Forbartha Tosaigh seo a chur i gcrích faoin 31 Deireadh Fómhair 2025. Déanfar na tionscadail a fhorbairt ón gcáipéisíocht a cuireadh isteach go dtí na chéad dréachtaí den script, na chéad dréacht-athbhreithnithe san áireamh. Déanfaidh gach foireann plean forbartha saincheaptha a chomhaontú le foireann Fhís Éireann agus beidh siad ag idirghníomhú ar bhonn rialta chun tógáil ar an obair leanúnach forbartha.

Ag deireadh na céime tosaigh seo, déanfar athbhreithniú ar na scripteanna a chuireann an 20 tionscadal roghnaithe i gcrích, agus féadfar cuireadh a thabhairt d'fhoirne bualadh le foireann Fhís Éireann chun an dul chun cinn atá déanta go dtí seo a phlé.

Beidh ar thionscadail cuideachta léiriúcháin incháilithe a bheith ceangailte sula ndéanfar é a mheas mar roghnúchán do Bhabhta 2, cuirfidh Fís Éireann cúnamh agus tacaíocht ar fáil ina leith seo.

Maidir le Forbairt Bhreise (Babhta 2), roghnófar suas le 10 gcinn de na tionscadail seo le haghaidh babhta eile de mhaoiniú forbartha. Fógrófar iad seo an 31 Nollaig 2025 nó roimhe sin. Bronnfar maoiniú forbartha breise suas le €10,000 an ceann ar gach tionscadal a roghnófar do dhéantóirí scannán aonair nó suas le €15,000 d'fhoireann scannánóireachta.

Léiriúchan

Maidir le Léiriú (Babhta 3), roghnófar suas le 5 cinn de na tionscadail seo lena léiriú. Táthar ag súil go dtosóidh na tionscadail seo ar an réamhléiriú agus ar an bpríomhghrianghrafadóireacht i bhFómhar na bliana 2026.

Beidh painéil roghnúcháin comhdhéanta de bhaill d'fhoireann Fhís Éireann agus de mheasúnóirí seachtracha neamhspleácha. Cabhróidh saineolaithe tionscail seachtracha leis an bpróiseas measúnaithe.

Le haghaidh tuilleadh sonraí, féach Ceisteanna Coitianta, atá ar fáil ar ár suíomh gréasáin.

Téarmaí agus Coinníollacha Breise

  • D’fhéadfaí go ndéanfaí na Treoirlínte seo agus an bealach maoinithe féin a leasú.
  • Forchoimeádann Fís Éireann an ceart aon chuid de na Treoirlínte seo a cheartú nó a shoiléiriú agus fiúntas agus oiriúnacht na n-iarratas aonair a chinneadh. Sa chás go ndéantar na Treoirlínte seo a athrú nó a athbhreithniú, cuirfear leagan nuashonraithe ar fáil ar www.screenireland.ie agus sainaithneofar é de réir na míosa agus na bliana a foilsíodh iad. Tá iarratasóirí freagrach as a chinntiú go bhfuil an leagan reatha de na Treoirlínte agus den fhoirm iarratais in úsáid acu. Níl dámhachtainí faoin gciste seo uathoibríoch agus déanfaidh Fís Éireann athbhreithniú ar gach iarratas de réir an cháis.
  • Ní mór aitheantas a thabhairt do gach cáipéisíocht agus poiblíocht a bhaineann leis an tionscnamh seo agus le hinfheistíocht arna maoiniú ag Fís Éireann i bhfoirm atá le deimhniú ag Fís Éireann.