Cé mhéad iarratas a fuair Fís Éireann (Screen Ireland) don scéim ‘Perspectives’?
Fuair Fís Éireann 411 iarratas don tionscnaíocht. Mar thoradh, bhí iomaíocht do thacaíocht an-ard ar fad.
Cé mhéad iarratas ár éirigh leo do Céim 1 na scéime ‘Peirspictíochtaí’?
Dámhadh tacaíocht fhorbartha ar 31 iarratas do Céim 1 na scéime. Méadaíodh an uimhir seo de thairbhe an leibhéil ard suime a léiríodh sa tionscnaíocht. Beidh mioneolas na dtionscadal rathúil ar fáil i rannán nuachta ár suímh gréasáin in am trátha.
An bhfuil aiseolas ar fáil ar iarratas neamhrathúil?
Tá, d’fhéadfadh an t-iarrthóir oifigiúil tuairisc aiseolas na meastóirí a iarraidh trí rphost a sheoladh chuig sarah.dillon@screenireland.ie. Ní féidir aon aiseolas breise a thabhairt ar thionscadail aonaracha diomaite den tuairisc seo de bharr líon na n-aighneachtaí a fuarthas.
Cá huair a reáchtálfar an scéim ‘Perspectives’ arís?
Is clár píolótach an scéim Perspectives a mheastar a ghlacfaidh íostéarma dhá bhliain le cur i gcrích a chuirfidh suas le cúig scannán ar fáil. Nuair a bheidh sé curtha i gcrích go hiomlán, athbhreithneoidh Fís Éireann an chaoi ar éirigh leis an tionscnaíocht sula ndéanfar aon chinneadh faoi leanúint ar aghaidh leis.
Níor éirigh le m’iarratas; cén deiseanna eile atá ar fáil?
Beidh máistir-rang eisiach ar fáil do na hiarrthóirí neamhrathúla go léir agus beidh na mionsonraí ar fáil sa rphost cinnidh a chuirfear chuig an iarrthóir oifigiúil.
Má tá sé ábhartha dá leibhéil thaithí b’fhéidir gur mhian le hiarrthóirí iniúchadh a dhéanamh ar na cláir fhorbartha scileanna atá ar fáil ó Fís Éireann agus ó eagraíochtaí eile, ina áirítear deiseanna meantóireachta agus scáthaithe; tionscnaíochtaí scríbhneoireachta scáileáin, stiúrthóireachta agus léirithe; agus scéimeanna gearrscannán maoinithe. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar chuid acu seo ag Acadamh Náisiúnta Tallainne Scannánaíocht & Dráma Teilifíse, Dheaisanna Scileanna, Scéimeanna Gearrscannáin nó lean ár n-ardáin ar na meáin shóisialta. Tá áiteanna teoranta ar chuid mhaith de na cláir seo agus beidh próiseas roghnúcháin iomaíoch i gceist.
Níor éirigh le m’iarratas; an féidir liom cur isteach ar scéimeanna maoinithe eile de chuid Fís Éireann leis an tionscadal?
Is féidir. Thig le hiarrthóirí tairbhe a bhaint as failleanna cistithe eile de chuid Fís Éireann murar éirigh leo faoi ‘Perspectives’. Spreagfaimis gach iarrthóir go láidir a thionscadal a mheas go cúramach le deimhniú go dtiocfaidh sé le critéir cháilitheachta aon scéime ábhartha sula gcuirfear aighneacht isteach. Ní ghlacfar le iarratais neamhincháilithe nó easnamhach. Mar gheall ar líon ard aighneachtaí, bíonn scéimeanna cistithe Fís Éireann an-iomaíoch ar fad.