Hit enter to search or ESC to close
Cistiú Gradam Thionscal an Scáileáin Chruthaithigh

Cistiú Gradam Thionscal an Scáileáin Chruthaithigh

Tacaíonn Cistiú Gradam Thionscal an Scáileáin Chruthaithigh Fís Éireann le cur chun cinn tallann scáileán na hÉireann, ag aithint cumais agus sárshaothar as cuimse i scannáin, drámaíocht theilifíse, beochan, cláir fhaisnéise agus i ngearrscannáin na hÉirea

Faoin Chiste

Is í príomhaidhm Cistiú Gradam Thionscal an Scáileáin Chruthaithigh Fís Éireann tacú le cur chun cinn tallann scáileán na hÉireann, ag aithint cumais agus sárshaothar as cuimse i scannáin, drámaíocht theilifíse, beochan, cláir fhaisnéise agus i ngearrscannáin na hÉireann. Tá fás na hearnála cruthaithí amach anseo lárnach d’aidhm an chistithe, trí fhorbairt agus aitheantas tallainne. Ba chóir go bhfeidhmeodh an searmanas bronnta mar uirlis mhargaíochta ardmheasúil iontaofa do thallann na hÉireann chun a sárshaothar agus cumas a chur chun cinn sa tionscal áitiúil agus idirnáisiúnta.

Bí ar an eolas le do thoil nach bhfuil sé i gceist go gclúdóidh an ciste seo costais iomlána reáchtáil imeachtaí/gníomhaíochtaí molta agus ba chóir glacadh leis gur comhpháirtí rannpháirteach Fís Éireann.

Cé ar chóir iarratas a chur isteach?

Aon chomhlacht bona fide atá bunaithe i bPoblacht na hÉireann atá in ann a léiriú gurb é a gnó searmanais bhronnta a eagrú agus go mbeidh sé ag eagrú searmanais bhronnta a aithneoidh scannáin, beochan, cláir fhaisnéise agus tograí gearrscannán Éireannach agus an tallann atá ann trasna tionscal na scáileán cruthaitheacha in Éirinn. Tá an ciste seo ag teacht le spriocanna straitéiseacha Fís Éireann maidir le tallann a fhorbairt agus a chur chun cinn.

Spriocdhátaí Iarratais
  • Le haghaidh searmanais bhronnta a bheidh ar siúl i rith na tréimhse 1 Meán Fómhair go 31 Nollaig 2026: Spriocdháta ar an 13 Aibreán 2026.
  • Le haghaidh searmanais bhronnta a bheidh ar siúl i rith na tréimhse 1 Eanáir go 30 Aibreán 2027: Spriocdháta ar an 1 Meán Fómhair 2026.
  • Le haghaidh searmanais bhronnta a bheidh ar siúl i rith na tréimhse 1 Bealtaine go 30 Lúnasa 2027: Spriocdháta ar an 18 Eanáir 2027.
Conas Iarratas a Dhéanamh

Ba chóir iarratais a dhéanamh ar Tairseach Iarratas Fís Éireann.

Beidh iad seo a leanas de dhíobháil de réir phróiseas an iarratais:

  • Foirm iarratais líonta
  • Gearrchuntas ar an eagraíocht (ina áireofar sonraí an bhoird agus gnásanna rialachais).
  • Achoimre ar ghnásanna vótála agus ar rialacha
  • CVanna na bpríomhphearsanra go léir (do na bunphearsanra amháin)
  • Buiséad mionsonraithe don imeacht ina áireofar gach foinse cistithe/maoinithe
  • Achoimre ar spriocanna an imeachta in éineacht le coimre mhionsonraithe ar an imeacht féin
  • Liosta iomlán gradam a bhronnfar, próisis na moltóirí, bronntóirí agus MCanna don imeacht.
  • Sonraí chur chun cinn áitiúil agus idirnáisiúnta an imeachta/na ngradam agus craoltaí más ann dóibh
  • Líon iomlán cuntas iniúchta is déanaí agus sonraí deimhnithe imréitigh cánach bailí
  • Dearbhú comhlíontachta a thig a íoslódáil ó láithreán gréasáin Fís Éireann
  • Dea-theist stairiúil an imeachta
Cad é mar a mheasfar iarratais?

Nuair a mheasfar na hiarratais scrúdófar na spriocanna a leanas:

  • Ba chóir go bhfeidhmeodh an searmanas bronnta mar uirlis ardmheasúil iontaofa do thallann na hÉireann agus do thograí scannánaíochta, teilifíse, beochan agus cláir fhaisnéise Éireannacha.
  • Buiséad réalaíoch le comhinfheistíocht ó fhoinsí tríú páirtithe.
  • Tiomantas d’ilchineálacht, d’ionchuimsiú agus do chomhionannas lastigh de chlár na ngradam.
  • Dea-theist stairiúil an imeachta.
  • Cumas an imeachta fás a léiriú i mealladh luchtanna féachana nua agus ilchineálacha ó thaobh chur chun cinn de.
  • Tiomantas chun rannpháirteachas láidir an tionscail a fhorbairt agus a chumas le príomhthallann áitiúil agus idirnáisiúnta a mhealladh le bheith páirteach san imeacht.
  • Plean margaíochta agus poiblíochta le cur chun cinn áitiúil agus idirnáisiúnta a éascú.
Critéir Mheasúnaithe

Marcanna Atá Ar Fáil % 

Scór íosta atá de dhíth  

(A) Leithne an chláir ghradam atá ar fáil ina áireofar seasamh idirnáisiúnta na ngradam agus réimse rannpháirteachais an tionscail áitiúil agus aíonna idirnáisiúnta

50 

25 

(B) Buiséad an imeachta agus foinsí breise cistithe agus urraíochta

20 

10 

(C) Cé chomh réalaíoch agus indéanta agus atá an moladh atá leagtha amach?  

10 

(D) Pleananna margaíochta agus poiblíochta an imeachta ina áirítear aimsiú lucht féachana ilchineálach.

10 

(E) Taithí ábhartha an iarratasóra maidir leis an imeacht/ghníomhaíocht a mholtar.

 

 

10 

Iomlán

100% 

 

19.03.2026