Hit enter to search or ESC to close
Léiriú Faisnéise: Sraith Theilifíse

Léiriú Faisnéise: Sraith Theilifíse

Faoin Chistiú

Tá an maoiniú seo dírithe ar shraitheanna faisnéise a cheap agus ar thug tallanna Éireannacha ceannaireacht chruthaitheach orthu - stiúrthóirí, léiritheoirí agus scríbhneoirí – chun ábhar teilifíse ardphróifíl a chruthú ag cuimhneamh ar lucht féachana agus ar mhargadh Éireannach agus idirnáisiúnta araon - a mbeidh a mbainistiú praiticiúil i lámha Éireannacha go príomha.

Tá an bhéim ar shraitheanna faisnéise a mbeidh ardchaighdeáin léirithe chineamatacha acu a bheidh in ann dul chomh fada le lucht féachana idirnáisiúnta agus a bhfuil tacaíocht mhargaidh bainte amach acu cheana i dtaca leis seo.

Tabhair do d’aire le do thoil dálaí Fís Éireann a leanas:

  • Tá árachas E & O riachtanach ar gach uile thogra a dtacaíonn Fís Éireann leis.
  • Caithfidh aon cheol agus ábhair chartlainne a úsáidfear i dtogra a bheith imréitithe go brách ar fud an domhain, trasna gach cineál ardáin. Muna ngéillfear do seo beidh sárú tromchúiseach conartha ann dá bharr.

Tá Fís Éireann tiomanta do chomhlachtaí a fhás a chruthóidh cláir fhaisnéise ardchaighdeáin a aithneofar go hidirnáisiúnta ar chaoi éifeachtach siosmaideach agus chuige seo, tá ról an léiritheora ríthábhachtach. Ba chóir d’iarrthóirí tuiscint shoiléir ar an mhargadh agus ar an phlean infheistíochta tacaíochta a léiriú a dheimhneoidh léiriú agus sraith ardluacha, ardleibhéil. Spreagtar léiritheoirí comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta a lorg in éindí le léiritheoirí, airgeadaithe, craoltóirí, gníomhairí díolacháin agus dáileoirí ag cur sonraí a leithéide san áireamh san aighneacht.

Tá cistiú Léirithe Sraithe Faisnéise ar fáil do léiritheoirí Éireannacha a bhfuil togra sraithe faisnéise acu ar mhian leo a léiriú, a bhfuil teacht soiléir acu ar na cearta riachtanacha d’aon ábhar agus a bhfuil comhaontú in áit acu leis an stiúrthóir, leis na príomhrannpháirtithe agus leis an scríbhneoir scripte scannáin más cuí. Beidh gá le húinéireacht chearta shoiléir a bheith ag an chomhlacht léirithe (ní ag an léiritheoir aonarach/na léiritheoirí aonaracha). Ní mór do ghealltanas airgeadais dearbhaithe a bheith ag tograí ó chomhpháirtí idirnáisiúnta (i.e. dáileadh, díolacháin agus/nó craoltóir) sular gcuirfear iarratais isteach i gcomhair cistithe.

Conas Iarratas a Dhéanamh

Caithfidh iarratasóirí breathnú ar Treoirlínte Cistithe Léirithe sula gcuirfidh siad aighneacht isteach. Measfar iarratais a bheith neamh-incháilithe gan mhachnamh mura gcomhlíonfaidh siad na critéir atá leagtha amach sna treoirlínte seo.  Léigh na treoirlínte seo go cúramach le do thoil roimh gach aighneacht siocair go nuashonraítear go rialta iad.

Más iarratas é seo i gcomhair tionscadal atá á fhorbairt le Fís Éireann faoi láthair, gabh i dteagmháil leis an Bhainisteoir Thionscadail chuí sula gcuirfear aighneacht isteach. Más iarratas é seo i gcomhair tionscadail nua, cuir isteach go díreach é tríd an tairseach iarratais atá ar líne.

Spriocdhátaí Cistithe Léirithe 2026

  • Dé hAoine 12 Eanáir ar 1in
  • Dé hAoine 23 Márta ar 1in
  • Dé hAoine 13 Iúil ar 1in
  • Dé hAoine 26 Deireadh Fómhair ar 1in

08.12.2025