{made}" />
Hit enter to search or ESC to close
Pathways 2023: Supporting Diversity and Inclusion Initiatives for Crew and Workforce Development

News

Pathways 2023: Supporting Diversity and Inclusion Initiatives for Crew and Workforce Development

Posted: 25th November 2022

Fís Éireann/Screen Ireland is the national development agency for the screen sector investing in Talent, Creativity and Enterprise. The agency supports and promotes the Irish film, television and animation sector and the use of Ireland as a location for international production. 

As part of our stated commitment to Equality, Diversity and Inclusion (EDI) and drive wider representation and access to the creative screen industry we are launching a Crew and Workforce Development EDI Fund. The Fund is to support work placements and shadowing opportunities on productions across all grades and levels.

We wish to engage a supplier or number of individual suppliers to administer the current fund of €400,000 in 2023 and we wish to spread the fund over live-action and animation. The amount awarded will include a 10% administration fee.

Interested parties should send applications to applications@screenireland.ie (with the subject line Pathways Management) by December 2nd. The applications will be assessed according to track record for sectoral support generally, track record supporting placement opportunities, track record across E,D&I, ability to manage the funds, and geographic/regional reach.

The Pathways fund will be overseen by the Screen Ireland skills team.

To apply, please use the application form available here.

 

Conairí 2023: Ag Tacú le Tionscnaíochtaí Ilchineálacha agus Cuimsithe d’Fhorbairt an Chriú agus an Luchta Saothair

Is í Fís Éireann/Screen Ireland an áisíneacht fhorbartha náisiúnta don earnáil scáileáin a infheistíonn i dTallann, i gCruthaitheacht agus i bhFiontar. Tacaíonn an áisíneacht leis an earnáil agus cuireann sí earnáil scannánaíochta, theilifíse agus bheochana na hÉireann chun tosaigh agus úsáid na hÉireann mar láthair i gcomhair léirithe idirnáisiúnta.

Mar chuid dár dtiomantas dearbhaithe d’Ionannas, d’Ilchineálacht agus do Chuimsiú (IIC) agus d’ionadaíocht agus rochtain níos leithne i dtionscal an scáileáin chruthaithigh a fheabhsú  táimid ag láinseáil Ciste Fhorbartha IIC an Chriú agus an Luchta Saothair. Tá an Ciste ann chun tacú le socrúcháin oibre agus le failleanna scáthaithe ar léirithe trasna gach grád agus leibhéal.

Is mian linn soláthraí nó roinnt soláthraithe aonaracha a fhostú leis an chiste reatha €400,000 a riar i 2023 agus is mian linn an ciste a spréadh thar bheo-aicsean agus thar bheochan. Beidh táille riaracháin 10% san áireamh sa mhéid a bhronnfar.

Ba chóir dóibh siúd a bhfuil suim acu ann iarratais a chur chuig applications@screenireland.ie (leis an líne ábhair Bainistiú Conairí) um 2 Nollaig. Measúnófar na hiarratais de réir dea-theist i dtacú na hearnála i gcoitinne, dea-theist ag tacú le failleanna socrúchán, dea-theist trasna I,I&C, cumas leis an airgead a bhainistiú, agus tionchar tíreolaíochta/réigiúnach.

Déanfaidh foireann scileanna Fís Éireann maoirseacht ar an chiste Chonairí.

Chun cur isteach air, bain úsáid as an fhoirm iarratais atá ar fáil anseo le do thoil.