Hit enter to search or ESC to close
Eolas Faoi Thionscal Scannán na hÉireann

Eolas Faoi Thionscal Scannán na hÉireann

De réir na hirise Variety, "Ireland has become a capital of filmmaking" le blianta beaga anuas, á daingniú féin mar "one of the world’s most attractive production environments"  a bhuíochas sin do dhreasacht chánach tharraingteach, Alt 481, agus raidhse na scríbhneoirí cumasacha, stiúrthóirí, léiritheoirí, foirne aisteoirí agus criúnna atá ar fáil in Éirinn. Thar na blianta aithníodh scannánaíocht chruthaitheach Éireannach ar an stáitse idirnáisiúnta; ba é an sampla is déanaí den bhláthú seo ná nuair a bhain Brooklyn  John Crowley agus Room  Lenny Abrahamson le chéile méid iomlán seacht n-ainmniúchán Academy Award® sa bhliain 2016. Tá baicle nua údair scannáin ag leanúint lorg stiúrthoirí clúiteacha macasamhail Jim Sheridan agus Neil Jordan, ina measc Crowley agus Abrahamson in éineacht le húdair scannáin amhail Aoife McArdle agus Kirsten Sheridan. Cónaíonn na scríbhneoirí Mark O’Halloran (VivaGarageAdam & Paul) agus Mark O’Rowe (The Delinquent Season) in Éirinn fosta taobh le buaiteoirí gradaim aisteoireachta, ina measc Saoirse Ronan, Ruth Negga, Tom Vaughan-Lawlor agus Colin Farrell gan ach cúpla duine a lua. (B’fhéidir gur féidir linn an tallann a athbhreithniú)

Meastar gur fiú thar £550 milliún euro earnáil an táirgeadh ábhar closamhairc in Éirinn, go bhfostaítear 7,500 oibrí ar bhunús lánaimseartha go díreach agus i 2016 gur thacaigh earnáil na meán in Éirinn le 15,000 post de thairbhe a tionchair iolraitheora.

Thar na blianta bhain scannánaíocht na hÉireann beagach gach duais mhór idirnáisiúnta amhail Academy Awards® (Best Song for Once, Best Short Film for Six Shooter (2006) and Stutterer (2016) and Best Actress for Brie Larson, Room), the Palme d’Or (The Wind that Shakes the Barley) and the Jury Prize (The Lobster) ag Cannes; uilig ann taobh le lear mór gradaim eile a chuimsíonn Golden Globes, Emmys agus BAFTAs. Tacaíonn Rialtas na hÉireann go seasmhach le tionscal scannán na hÉireann, in éineacht le cistiú Fís Éireann, tríd an dreasacht chánach iomaíoch darb ainm Alt 481 – rud a chuireann creidmheas cánach suas go dtí 32% ar fáil ar chaiteachas Éireannach inghlactha. I dteannta le hAlt 481 cuidíonn an iliomad radhairc tíre mórthaibhseacha agus líon ollmhór na bhfoirgneamh seanré chun Éire a bhunú mar tour de force aitheanta, domhanda i dtionscal na scannánaíochta; á léiriú I scannáin ó The Quiet Man go dtí Star Wars.

Ar cheann de na gnéithe is suntasaí agus is ríthábhachtaí i dtionscal na scannán Éireannach is ea chomh saibhir is atá sé maidir le tallann cruthaitheach de. Mar bhaile do chuid mhór  comhlachtaí léirithe sármhaith, seanbhunaithe, a bhfuil cáil idirnáisiúnta thar barr aici, is comhpháirtí comhléiriúcháin uathúil, luachmhach í Éire. Chomhléirigh Éire le choir a bheith gach críoch Eorpach, mar aon le Ceanada, leis an Astráil agus leis an Afraic Theas. Ina theannta sin, chuidíonn an réimse cuimsitheach saoráidí go mór le stádas na hÉireann mar mhórnáisiún scannánaíochta, ina measc stiúdeonna scannán, seirbhísí iarléirithe agus svuíteanna VFX.

Le tuilleadh eolais a fháil ar an tionscal is féidir leat brabhsáil trínár suíomh gréasáin a thabharfaidh eolas duit ar scannáin á maoiniú ag Fís Éireann; ar Alt 481; ar thuairiscí an tionscail; ar chomhlachtaí léiriúchán Éireannach; ar chriúnna Éireannacha agus ar chuallachtaí tionscail mar aon le mioneolas ar chláir chistiúcháin Fís Éireann.