Hit enter to search or ESC to close
Riachtanas Forbartha Scileanna Alt 481

Riachtanas Forbartha Scileanna Alt 481

Achoirmre

Caithfidh Plean Forbartha Scileanna TAB F a bheith san áireamh i ngach iarratas atá ag iarraidh Teastas Alt 481 ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán (“an Roinn”). I gcás gach tionscadal a mbeidh caiteachas ceadaithe aige a bheidh thar €2 mhilliún, caithfidh cóip den Plean Forbartha Scileanna TAB F a chur isteach chuig Fís Éireann le bheith faofa.

Is é seo a leanas an próiseas lena chur isteach chuig Fís Éireann:

Ba chóir Plean Forbartha Scileanna Sealadach TAB F a chur isteach chuig Fís Éireann, le faomhadh coinníollach a fháil, ar a laghad 21 lá oibre sula dtosófar ar léiriú in Éirinn nó ar an dáta céanna a chuirfear iarratas deimhniúcháin faoi Alt 481 an Achta Cánacha Comhdhlúite 1997 isteach chuig an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán.

Ba chóir Plean Forbartha Scileanna Deiridh TAB F a chur isteach chuig Fís Éireann le faomhadh deiridh a fháil tar éis thús an léirithe in Éirinn. Ní mór do phleananna foghlama aonair a fheidhmeoidh ar fud an léirithe a bheith san áireamh san aighneacht do gach rannpháirtí scileanna ainmnithe. Is é seo a leanas an amlíne leis an Plean Forbartha Scileanna Deiridh TAB F a chur isteach: 2 sheachtain tar éis thús an léirithe in Éirinn do na léirithe sin a mhairfidh suas le 6 sheachtain don siút, 3 sheachtain tar éis thús an léirithe in Éirinn do na léirithe sin a mhairfidh idir 6-10 seachtain don siút, agus 4 sheachtain tar éis thús an léirithe in Éirinn do na léirithe sin a mhairfidh níos faide ná 10 seachtain don siút. Ní chóir an Plean Forbartha Scileanna Deiridh TAB F a chur isteach níos moille ná 4 sheachtain tar éis thús an léirithe in Éirinn ach amháin má cheadóidh Fís Éireann é.

Athbhreithneoidh Fís Éireann an Plean Forbartha Scileanna TAB F agus b’fhéidir go n-iarrfar athruithe, go háirithe i dtaobh le heasnaimh scileanna ar leith agus le róil thosaíochta a aithníodh i dtuairiscí ar scileanna san earnáil (tuairiscí ar scileanna de chuid Fís Éireann san áireamh).

Caithfidh gurb í an Chuideachta Léiritheora an t-iarrthóir.

Nuair a fhaomhfar an Plean Forbartha Scileanna Sealadach TAB F, eiseoidh Fís Éireann Litir Fhormheasa le Coinníollacha nach mór á cur isteach ansin chuig an Roinn le ligean don Roinn a measúnú ar an iarratas a chur i gcrích.

Nuair a fhaomhfar an Plean Forbartha Scileanna Deiridh TAB F, eiseoidh Fís Éireann Litir Fhormheasa Dheiridh nach mór á cur isteach freisin chuig an Roinn.

Beidh ar an Chuideachta Léiritheora Tuairisc um Chomhlíonadh Fhorbairt Scileanna iomlán a sholáthar (ina mbeidh ábhair rianaithe shamplacha san áireamh) agus leagan deireanach an bhoird TAB Z do Fís Éireann ionas go bhfaighfear litir dhearbhaithe um chomhlíonadh dheiridh ó Fís Éireann.

Más é seo do chéad iarratas, tá sé inmholta coinne a dhéanamh chun bualadh leis an Fhoireann tiomnaithe S481 (comhdhéanta den Fheidhmeannach Fhorbairt Scileanna S481 agus Fhoghlaim Obairbhunaithe agus den Chomhordaitheoir Fhorbairt Scileanna S481) chun an Plean Forbartha Scileanna TAB F a phlé do do léiriú chun tosaigh ar chomhlíonadh an iarratais.

Gabh i dteagmháil le section481@screenireland.ie chun cruinniú a iarraidh le do thoil.

Féach thíos na naisc leis an Fhoirm Iarratais don Phlean Fhorbartha Scileanna Shealadach TAB F a íoslódáil; Foirm Iarratais an Phlean Fhorbartha Scileanna Dheiridh TAB F; Cáipéis thacaíochta na dTreoirphrionsabal; agus an Tuairisc um Chomhlíonadh Fhorbairt Scileanna.

Íoslódálacha Reatha
Teagmhálacha

Emer MacAvin - emer.macavin@screenireland.ie

Feidhmeannach Forbartha Scileanna – Alt 481 & Foghlaim Obairbhunaithe

Patrick Scahill - patrick.scahill@screenireland.ie

Comhordaitheoir Forbartha Scileanna – Alt 481 & Foghlaim Obairbhunaithe