Hit enter to search or ESC to close
EFM agus Berlinale

EFM agus Berlinale

EFM agus Berlinale

Tarlaíonn Féile Idirnáisiúnta Scannán Bheirlín (ar a dtugtar Berlinale freisin) gach bliain le linn Mí Feabhra, ag cur tuairim is 400 scannán os comhair an phobail, ina measc líon mór scannán idirnáisiúnta agus Eorpacha a mbíonn á dtaispeáint don chéad uair.   

Déanann an Berlinale céiliúradh ar na saothair is lonraí agus is misniúla ó cineama na hEorpa agus faigheann scannáin de gach séanra, fad agus formáid áit sa bhféile. Ó scannáin neamhspleácha agus sainealaíne chuig scannáin avant-garde agus coimhthíocha, meascán mearaí de nithe nua iontacha is ea an fhéile. Ina theannta sin, taispeánann an Berlinale clár de Léiriúcháin Speisialta, ag cur i láthair réimse teideal ilchineálach a mheascann scannán le disciplíní cruthaitheacha eile chun léargais nua a thabhairt ar mhórcheisteanna agus ar dhíospóireachtaí domhanda.      

Is é an Margadh Eorpach na Scannán (EFM) an pointe cruinnithe is tábhachtaí ag an Berlinale, ar a fhreastalaíonn breis is 500 cuideachta agus a fháiltíonn roimh breis is 9,000 léiritheoirí, ceannaitheoirí, gníomhairí díolacháin, dáileoirí, taispeántóirí agus airgeadaithe ag an chéad mórmhargadh scannán den bhliain.      

Seastán na hÉireann ag an EFM

Tá Fís Éireann/Screen Ireland i láthair ag an EFM ó 2008 ar aghaidh, mar óstach ar sheastán ag an Martin Groupius Bau.  

Tugann seastán Fís Éireann/Screen Ireland an deis do thionscal na scannán in Éirinn agus scannáin Éireannacha atá á ndíol ar an margadh iad féin a chur chun cinn, agus an deis tacaíocht a thabhairt do léiritheoirí Éireannacha atá ag freastal ar an ócáid.   

Má tá tú ag obair i dtionscal na scannán inÉirinn agus ag freastal ar an EFM, is féidir leat clárú don Phailliún Éireannach le Fís Éireann/Screen Ireland. Osclaíonn an clárúchán gach bliain sula dtosaíonn an fhéile. Má tá aon cheisteanna agat, déan teagmháil le marketing@screenireland.ie