Hit enter to search or ESC to close
Marché du Film agus Festival de Cannes

Marché du Film agus Festival de Cannes

Festival de Cannes agus Marché du Film

Is féidir teacht ar mhol thionscal scannán na hÉireann ag an Festival de Cannes ag Pailliún na hÉireann sa Sráidbhaile Idirnáisiúnta sa Marché de Cannes. Déanann  Fís Éireann/Screen Ireland bainistiú ar Phailliún na hÉireann a chuireann scannáin Éireannacha chun cinn agus a thugann aire do riachtanais léiritheoirí  Éireannacha a fhreastalaíonn ar an bhféile.

Tá Margadh Cannes, áit a cheannaítear, a dhíoltar agus a dhéantar maoiniú ar scannáin, ar cheann de na margaí scannán is tábhachtaí ar domhain agus tá sé forchoimeádtha do dhaoine gairmiúla i dtionscal na scannán. Ní mór a bheith creidiúnaithe le rannpháirtíocht a fháil sa bhféile. Déantar iarratais ar chreidiúint ar líne ar láithreán gréasáin Festival de Cannes.   

Tionscal Scannán na hÉireann ag Cannes 

Tá Pailliún na hÉireann ina chroílár do ghnéithe gnó, faisnéise agus sóisialta thionscal scannán na hÉireann ag Cannes. Má tá tú ag obair i dtionscal scannán na hÉireann agus ag freastal ar Fhéile Scannán Cannes is féidir clárú do Phailliún na hÉireann le Fís Éireann/Screen Ireland. Osclaíonn clárúchán gach bliain sula dtosaíonn an fhéile. Má tá aon cheisteanna agat, dean teagmháil le marketing@screenireland.ie.

Tabhair faoi deara nach Creidiúnú Margaidh nó Féile ballraíocht den Phailliún Éireannach. Ní mór creidiúnú don dá cheann acu sin a chur i gcríoch trí láithreán gréasáin  Festival de Cannes.  

Bonn Pailliún na hÉireann suite i suiomh lárnach gach bliain, go hiondúil in aice le Pailliún Stáit Aontaithe Mheiriceá.   

Ináirithe le ballraíocht Phailliún na hÉireann tá an méid seo a leanas: 

  • Deasc Eolais le foireann 
  • Áiseanna nua cruinnithe taobh istigh 
  • Rochtain ar láthair cruinnithe taobh amuigh 
  • Aiseanna Faics agus Fótachóipeála  
  • Seirbhísí teachtaireachta   
  • Go leor pointí idirlín/WiFi – tosaíocht ag baill 
  • Áiseanna luchtaithe  
  • Áiseanna stórála (ag braith ar infhaighteacht)