European Film Promotion
Tá Fís Éireann/Screen Ireland ina bhall gníomhach de European Film Promotion (EFP). Is é EFP an t-aon líonra idirnáisiúnta eagraíochtaí amháin a chuireann cineama Eorpach chun cinn agus a dhéanann margaíocht air ar fud an domhain.
Clúdaíonn comhstraitéisí cur chun cinn EFP réimse leathan agus cuireann siad san áireamh ardáin ealaíne agus ardáin atá dírithe ar chúrsaí gnó le béim ar thrí phríomhréimse: Scannáin agus Tallann, Líonrú agus Rochtain ar Mhargaí. Tá cláir nuálacha agus tionscnaimh forbartha ag EFP i gcomhpháirt le comhpháirtithe atá seanbhunaithe agus a bhfuil meas mór orthu leis an aidhm córas inbhuanaithe a thugann tacaíocht do cineama Eorpach a chruthú.
Oibríonn Fís Éireann/Screen Ireland i gcomhpháirt le EFP ar na príomhthionscnaimh seo a leanas:
Cur Chun Cinn Tallainne
- Shooting Stars, Berlin
- Producer on the Move, Cannes
- Foreign Language Film Academy Award Screenings, Los Angeles
- Future Frames, Karlovy Vary
- European Voice of Women in Film, Sydney
Rochtain ar Mhargaí Idirnaisiúnta trí Bhratsheastáin Díolacháin Eorpacha ag:
- Féile Scannán Toronto
- AFM, Los Angeles
- Asian Film Market, Busan
- Filmart Hong Kong
Tacaíocht do Dhíolachán Scannán ag Féilte agus ag Margaí lasmuigh den Eoraip
- Tacaíocht do ghníomhairí díolacháin do theidil Eorpacha ag Margaí Idirnáisiúnta
Tá comhtháthú iomlán na ngnéithe uathúla agus an saibhreas cultúir a bhaineann le hoidhreacht cineama gach baill riachtanach chun rath na gcomhthionscnamh EFP a bhaint amach. Tá spleáchas EFP ar shaineolas agus ar oilteacht na 37 ball-institiúidí ag croílár a chuid spriocanna eagraíochtúla ó bunaíodh é agus tá sé ina phríomhghné de chumas EFP spéis na meán idirnáisiúnta, an tionscail agus an phobail ar fud an domhain maidir le cineama Eorpach a spreagadh.