Hit enter to search or ESC to close
Scéimeanna Gearrscannán

Fís Éireann/Screen Ireland: Gearrscannáin 

Tá sé ina thraidisiún le fada ag Fís Éireann/Screen Ireland tallann nua agus tallann atá ag teacht chun cinn a thaispeáint do lucht féachana ar fud an domhain. Is minic go dtosaíonn  an t-aistear sin go dtí an stáitse idirnáisiúnta le gearrscannán a dhéanamh. Tá Fís Éireann/Screen Ireland mórtasach as an mbéim a leagann sé ar ghearrscannáin a léiriú agus as an infheistíocht shuntasach a dhéanann an eagraíocht maidir leis sin trí na scéimeanna sean-bhunaithe gearrscannán seo a leanas:      

Cuirtear tús le saol féile agus idirnáisiúnta ghearrscannán Fís Éireann/Screen Ireland tar éis dóibh a gcéad-taibhiú a fháil ag Fleadh Scannán na Gaillimhe nó ag Féile Scannán Chorcaí. Cuirtear isteach agus cuirtear chin cinn iad go dtí liosta faofa de mhórfhéilte idirnáisiúnta ar bhonn bliantúil, agus tosaíocht á tabhairt do féilte scannán a cháilíonn do ghradaim Oscar. Cuirtear béim ar ghearrscannáin ag na mórfhéilte agus margaí scannán idirnáisiúnta ag a mbíonn seastán ag Fís Éireann/Screen Ireland, agus leis sin cruthaítear go leor ardáin do scríbhneoirí, stiúrthóiri agus léiritheoirí Éireannacha ionas gur féidir leo iad féin a chur chun cinn go hidirnáisiúnta agus deiseanna tábhachtacha a chruthú dóibh féin lena ngairmréimeanna a chur chun cinn.     

Bíonn rath dochreidthe ag baint le gearrscannáin Éireannacha ar an stáitse domhanda, le dhá bhua ag Duaiseanna an Acadaimh® agus deich gcinn d’ainmniúcháin do Dhuais an Acadaimh le fiche bliain anuas. Cuirtear fáilte i gcónaí freisin roimh gearrscannáin Éireannacha ag féilte A-liosta. Ó Toronto go Sundance go Tribeca, tá gearrscannáin as Éirinn tar éis dul i bhfeidhm go mór ar mholtóirí agus ar lucht féachana araon.