Hit enter to search or ESC to close
Margaí Beochana agus Teilifíse

Margaí Beochana agus Teilifíse

MIPCOM

Is é MIPCOM an margadh domhanda le haghaidh ábhar siamsaíochta ar fud gach ardán agus tá sé freisin ar cheann de na margaí is mó ar domhain; ag mealladh breis is 12,400 rannpháirtithe, 4,200 ceannaitheoirí agus lucht taispeántais de 1,700 ó bhreis is 100 tíortha.   

Tá an margadh dírithe ar ábhar siamsaíochta a chruthú, a chomhléiriú, a dhíol, a cheannach, a mhaoiniú agus a dháileadh ar fud gach ardáin. Tugann sé an deis do na príomhchinnteoirí i dtionscal na teilifíse, na scannán, an ábhair digitigh agus closamhairc, agus sa tionscal léiriúcháin agus dáileacháin, líonrú a dhéanamh agus fáil amach faoi threochtaí sa todhchaí ar leibhéal domhanda.   

Gach bliain, tugann Fís Éireann/Screen Ireland, i gcomhpháirt le Fiontraíocht Éireann, tacaíocht do bhoth Ireland on Screen ag MIPCOM, a chuireann an tionscal in Éirinn chun cinn ag an margadh agus a chuireann réimse áiseanna gnó ar fáil do thoscairí Éireannacha.   

MIPTV 

An margadh dáileacháin Earraigh is mó ar domhain agus mórócáid forbartha ábhar  teilifíse agus ar-líne, tionóltar MIPTV chuile bhliain i Mí Aibreán.  

Tugann MIPTV a chéad blaiseadh don domhain de na cláir is úrnua, na formáid is úire agus na nuálacha is déanaí d’ardáin teilifíse, idirlín, móibíleacha agus do gach ardán méith le físeáin. Freastalaíonn 11,000 mórchinnteoirí ó níos mó ná100 tíortha ar an ócáid. Tugann sé an deis do léiritheoirí Éireannacha líonrú a dhéanamh agus deiseanna comhléiriúcháin a fhiosrú ar fud an réimse iomlán ábhar closamhairc.       

Gach bliain, tugann Fís Éireann/Screen Ireland, i gcomhpháirt le Fiontraíocht Éireann, tacaíocht do bhoth Ireland on Screen ag MIPCOM, a chuireann an tionscal in Éirinn chun cinn ag an margadh agus a chuireann réimse áiseanna gnó ar fáil do thoscairí Éireannacha.

Series Mania

Bíonn seastán ag Fís Éireann/Screen Ireland ag Féile Idirnáisiúnta Series Mania chun Éire a chur chun cinn mar láthair scannánaíochta do mhórsraitheanna teilifíse.  

Cruthaithe ag Laurence Herszberg i bParis sa bhliain 2010, taispeánann Féile Idirnáisiúnta Series Mania na sraitheanna is fearr ar domhain ar an scáileán mór agus mar sin tairgíonn sé dá lucht féachana – tuairim is 55,700 féachadóirí i 2018 – agus do bhreis is 2,000 duine gairmiúil ón Fhrainc agus ón gcoigríoch deis uathúil, le linn na 9 lá den ócáid fhuinniúil seo, bualadh i Lille leis na cruthaitheoirí is iomráití i gcruinne na sraitheanna sa lá atá inniu ann, san am atá thart agus sa todhchaí. Ón uair a cruthaíodh é sa bhliain 2013 is é Fóram Series Mania, an rannóg taobh-ócáide d’Fhéile Series Mania, an t-ionad cruinnithe do gach aisteoir idirnáisiúnta a bhfuil baint acu le sraitheanna a chruthú, is í an áit le bheith inti nuair a thagann cinnteoirí agus tallanna closamhairc le chéile le tionscadail atá á bhforbairt nó á léiriú a aimsiú agus leis an nglúin nua de shraitheanna atá le teacht a shamhlú.